EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Saorghluaiseacht oibrithe

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 maidir le ceart oibrithe AE gluaiseacht laistigh den Aontas

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Nuashonraítear (agus códaítear) leis reachtaíocht níos luaithe maidir le cumas shaoránaigh an Aontais Eorpaigh gluaiseacht faoi shaoirse agus oibriú i dtír AE eile.
  • Féachtar leis chomh maith a chinntiú go ndéanfar prionsabal na saorghluaiseachta atá cuimsithe in Airteagal 45 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a urramú i ngníomh.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Baineann buntáistí le saorghluaiseacht an lucht saothair dóibh siúd a théann ag obair in áit éigin eile san Aontas chomh maith leis na sochaithe chuig a dtéann na daoine sin. Cuireann sí ar chumas an chéad dream a gceart chun saorghluaisteachta a fheidhmiú agus a staid phearsanta agus ghairmiúil a fheabhsú agus cuireann sí ar chumas sochaithe folúntais poist agus ganntanais oibrithe oilte a chomhlíonadh.
  • Bíonn an ceart ag duine a bhfuil cónaí air nó uirthi i mBallstát den AE dul i mbun fostaíochta íoctha i mBallstát eile den Aontas, ionas gur féidir le fostóirí folúntais poist a fhógairt agus conarthaí a dhéanamh le fostaithe ionchasacha ó gach cearn den Aontas.
  • Cuirtear an reachtaíocht in ionad Rialacháin (CEE) Uimh. 1612/68, agus códaíonn sí é, a ndearnadh mórleasuithe air ó am go chéile. Cinntítear leis an reachtaíocht go bhfeidhmíonn an córas go socair trí bhíthin idirdhealaithe ar bith idir oibrithe AE, a bhaineann lena náisiúntacht, a eisreachtú.
  • Toirmisctear inti ach go háirithe:
    • nósanna imeachta earcaíochta ar leith le haghaidh náisiúnach eachtrach, agus
    • teorainneacha a chur i bhfeidhm maidir le folúntais a fhógairt, nó le dálaí sonracha a tharchur, amhail a éileamh orthu siúd as tír eile den AE clárú leis na hoifigí fostaíochta.
  • Mar an gcéanna, tá sé mídhleathach idirdhealú a dhéanamh idir oibrithe náisiúnta agus oibrithe AE eile maidir le téarmaí fostaíochta agus oibre, lena gcumhdaítear:
    • rochtain ar fhostaíocht, lena n-áirítear cúnamh do chuardaitheoirí poist ó oifigí fostaíochta;
    • dálaí oibre, lena n-áirítear pá, dífhostú, aischur nó athfhostaíocht;
    • rochtain ar oiliúint, lena n-áirítear i ngairmscoileanna agus in ionaid athoiliúna.
  • Cuirtear an prionsabal céanna i bhfeidhm maidir le rochtain ar scéimeanna oideachais, printíseachta agus gairmoiliúna a chuirtear ar fáil do leanaí an duine atá ag obair, nó a d’oibrigh, i dtír eile den Aontas Eorpach.
  • Cumhdaítear sa reachtaíocht cearta áirithe sóisialta. Tá oibrí atá ag obair i dtír eile AE i dteideal na mbuntáistí céanna sóisialta agus cánachis atá ag náisiúnaigh na tíre óstaí AE. Tá sé de cheart acu freisin sochair tithíochta a fháil sna dálaí céanna is a chuirtear ar fáil do náisiúnaigh na tíre sin agus féadfaidh siad clárú ar liosta tithíochta, más ann dó, sa cheantar ina bhfuil siad ag obair.
  • Cumhdaítear faoin reachtaíocht chomh maith cóir chomhionann maidir le ballraíocht i gceardchumainn agus feidhmiú na gceart gaolmhar sin, amhail an ceart chun vótála agus a bheith cáilithe i gcomhair poist riaracháin agus bainistíochta i gceardchumann.
  • D’fhéadfadh leibhéal áirithe d’eolas teanga a bheith de dhíth i gcomhair poist, ach ní mór go mbeadh riachtanas teanga ar bith réasúnta agus riachtanach don phost lena mbaineann.
  • Bunaítear leis an reachtaíocht Coiste Comhairleach ina bhfuil 6 chomhalta as gach tír AE: 2 ionadaithe don rialtas, 2 ionadaithe ceardchumainn agus 2 chumann fostóirí. Cabhraíonn an coiste seo leis an gCoimisiún Eorpach i gcúrsaí a bhaineann le saorghluaiseacht oibrithe. Glacann an tÚdarás Eorpach Saothair, arna bhunú le Rialachán (AE) 2019/1149 páirt i gcruinnithe an choiste mar bhreathnóir, ag soláthar ionchuir agus saineolais theicniúil.

Eisceacht amháin

Baineann an eisceacht amháin maidir leis an bprionsabal neamh-idirdhealaithe le rochtain ar phoist a bhaineann le feidhmiú údaráis phoiblí agus dualgais a ceapadh chun leasa ginearálta an stáit a chosaint. Féadfaidh tíortha AE poist dá leithéid a choimeád dá náisiúnaigh féin

Rialachán EURES

  • In 2016, rinneadh Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 a leasú le Rialachán (AE) 2016/589 maidir le Seirbhísí Eorpacha Fostaíochta (EURES). Mar thoradh air sin, tagann na rialacha maidir le malartú faisnéise ar fholúntais phost, iarratais ar phoist agus CVanna ar fud thíortha AE faoi raon feidhme an rialacháin úir anois.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 16 Meitheamh 2011. Le Rialachán (AE) 492/2011 códaíodh Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus a leasuithe ina dhiaidh sin agus cuireadh an Rialachán sin ina n–ionad.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le saoirse ghluaiseachta d’oibrithe laistigh den Aontas (códú) (IO L 141, 27.5.2011, lgh. 1-12)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 a chorprú isteach sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, Rialachán (AE) Uimh. 492/2011, agus Rialachán (AE) 2016/589 agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) 2016/344 (IO L 186, 11.7.2019, lgh. 21-56)

Tuarascáil Speisialta Uimh. 6/2018 — “Saorghluaiseacht Oibrithe — an tsaoirse bhunúsach cinntithe ach chabhródh díriú níos fearr ar chistí AE le soghluaisteacht oibrithe” (IO C 79, 2.3.2018, lch. 17)

Treoir 2014/54/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le bearta a éascaíonn feidhmiú na gceart a thugtar d’oibrithe i gcomhthéacs shaorghluaiseacht na n–oibrithe (IO L 128, 30.4.2014, lgh. 8-14)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí: Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal IV: Saorghluaiseacht daoine, seirbhísí agus caipitil — Caibidil 1: Oibrithe — Airteagal 45 (sean-Airteagal 39 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 65-66)

Nuashonraithe 21.04.2020

Top