EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Vitimíní agus mianraí

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 — rialacha maidir le vitimíní agus mianraí agus substaintí áirithe eile a chur le bianna

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Leis an rialachán déantar:

  • rialacha AE a leagan amach maidir le vitimíní agus mianraí agus substaintí áirithe eile a chur le bianna;
  • na rialacha éagsúla atá i bhfeidhm i dtíortha AE a chomhchuibhiú chun trádáil bianna laistigh de AE a éascú agus chun feabhas a chur ar chosaint tomhaltóirí;
  • liosta de na vitimíní agus de na mianraí ar féidir iad a chur le bianna a leagan amach;
  • rialacha a leagan amach maidir le lipéadú breise chun faisnéis níos fearr faoi na cothaithigh a chuirtear le bianna a chur ar fáil do thomhaltóirí.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Cumhdaítear faoin rialachán vitimíní, mianraí agus substaintí eile a chuirtear le bianna. Tá feidhm aige maidir le:

Níl feidhm aige maidir le forbhianna atá cumhdaithe faoi Threoir 2002/46/CE.

Liostaítear ann na vitimíní agus na mianraí ar féidir iad a chur le bianna.

Ní fhéadfaidh ach vitimíní agus/nó mianraí atá liostaithe in Iarscríbhinn I, san fhoirm atá sonraithe in Iarscríbhinn II, a chur le bianna, faoi réir na rialacha atá leagtha amach sa rialachán.

Féadfar na liostaí a mhionathrú ag cur san áireamh tuairim an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (ESFA)

Lipéadú

Tá lipéadú cothaitheach táirgí ar cuireadh vitimíní agus mianraí leo agus atá cumhdaithe faoin rialachán éigeantach. Ní mór an fhaisnéis seo a leanas a bheith ann:

  • méideanna iomlána na vitimíní agus na mianraí i gcás go gcuirtear le bianna iad;
  • an méid próitéine, carbaihiodráití, siúcraí, saille, sáitheáin, snáithíní agus sóidiam (de réir Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 maidir le lipéadú bia);
  • luach fuinnimh an táirge.

Maidir le lipéadú, cur i láthair agus fógraíocht bianna lenar cuireadh vitimíní agus mianraí:

  • ní chuirfear tomhaltóirí ar míthreoir nó ní chuirfear dallamullóg orthu faoina luach cothaitheach;
  • ní ndeanfar aon tagairt lena sonraítear nó lena dtugtar le tuiscint nach hionann aiste chothrom agus éagsúil bia agus foinse dhóthanach substaintí cothaitheacha.

Uasleibhéil agus íosleibhéil

Trí vitimíní agus mianraí a chur go deonach le bianna is féidir cur le hiontógálacha dóthanacha na substaintí sin agus an riosca easnamh a laghdú.

Mar sin féin, d'fhéadfadh drochéifeacht bheith ag iontógálacha iomarcacha vitimíní agus mianraí ar an tsláinte. Ar an gcúis sin, déanfar foráil sa rialachán i leith na n-uasmhéideanna vitimíní agus mianraí a chuirfear le bianna a leagan amach.

Cuirtear an méid seo a leanas san áireamh leis na huasmhéideanna:

  • na huasleibhéil shábháilte do vitimíní agus do mhianraí i ndiaidh measúnú riosca eolaíoch;
  • an iontógáil fhéideartha vitimíní agus mianraí ó bhianna eile; agus
  • na hiontógálacha tagartha vitimíní agus mianraí atá molta do dhaoine.

Más gá, cuirtear san áireamh ann chomh maith cion na dtáirgí aonair le haiste bia fhoriomlán an daonra agus na próifíle cothaithí a bunaíodh de réir Rialachán (CE) 1924/2006.

Nuair a chuirtear vitimín nó mianra le bia beidh méid suntasach ar a laghad den vitimín nó den mhianra sin sa bhia dá bharr, i gcás gur sainíodh an méid sin de réir na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011.

Toirmisc agus srianta

Ní fhéadfar vitimíní nó mianraí a chur leo seo a leanas:

  • bia-ábhair neamhphróiseáilte, lena n–áirítear torthaí, glasraí, feoil, éineoil agus éisc;
  • deochanna ina bhfuil níos mó ná 1.2 % de réir na toirte d’alcól iontu, ach amháin i gcásanna sonracha agus ar an gcoinníoll nach ndéanfar maíomh maidir le cothú nó le sláinte.

Déanfar foráil sa rialachán seo i leith nós imeachta chun toirmeasc nó srian a chur ar úsáid substaintí eile seachas vitimíní nó mianraí a mbaineann éifeacht chothaithe nó fhiseolaíoch leo.*. Maidir le roinnt substaintí, gabhann bearta rialaithe sonraithe AE eile leis na nósanna imeachta sin. Féadfaidh tíortha AE iarratas a chur isteach chuig an gCoimisiún Eorpach, ina soláthrófar fianaise eolaíoch lena dtugtar cead dóibh táirge faoi leith in Iarscríbhinn III den rialachán a aicmiú (Substaintí a bhfuil a n-úsáid i mbianna toirmeasctha, srianta nó faoi mhionscrúdú an Chomhphobail). Soiléirítear na coinníollacha maidir le hiarratas mar sin a chur isteach i Rialachán (AE) Uimh. 307/2012, agus leagtar síos ann an cineál fianaise nach mór a chur leis an iarratas.

Cuidíonn an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha (PAFF) leis an gCoimisiún.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 1 Iúil 2007.

PRÍOMHTHÉAMAÍ

Éifeacht fhiseolaíoch: éifeacht ar chorp an duine.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le vitimíní agus mianraí agus substaintí áirithe eile a chur le bianna (IO L 404, 30.12.2006, lgh. 26-38).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n–aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún, Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún (IO L 181, 29.6.2013, lgh. 35-56)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Cur chun Feidhme (AE) Uimh. 307/2012 ón gCoimisiún an 11 Aibreán 2012 lena mbunaítear rialacha cur chun feidhme chun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le vitimíní agus mianraí agus substaintí áirithe eile a chur le bianna a chur i bhfeidhm (IO L 102, 12.4.2012, lgh. 2-4)

Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le soláthar faisnéise bia do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1924/2006 agus (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir an Choimisiúin 87/250/CEE, Treoir na Comhairle 90/496/EEC, Treoir an Choimisiúin 1999/10/CE, Treoir 2000/13/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha an Choimisiúin 2002/67/CE agus 2008/5/CE agus Rialachán an Choimisiúin (CE) Uimh. 608/2004 (Iris Oifigiúil L 304, 22.11.2011, lgh. 18-63)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bhia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 2232/96 agus (CE) Uimh. 110/2008 agus Treoir 2000/13/CE (IO L 354, 31.12.2008, lgh 34-50)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia (IO L 354, 31.12.2008, lgh. 16-33)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le maímh i leith cothaithe agus sláinte a dhéantar maidir le bianna (IO L 404, 30.12.2006, lgh. 9-25)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia agus beatha géinmhodhnaithe (IO L 268, 18.10.2003, lgh. 1-23)

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (IO L 183, 12.7.2002, lgh. 51-57)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 1997 maidir le bianna núíosacha agus comhábhair núíosacha bia (IO L 43, 14.2.1997, lgh. 1-6)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 28.09.2017

Top