EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ceannlampaí a fheidhmíonn mar cheannlampaí príomhléis agus/nó léis thardhula le haghaidh mótarfheithiclí (go dtí 2014)

Féachtar leis an treoir seo ceanglais theicniúla a leagadh amach maidir le ceannlampaí, ceannlampaí a fheidhmíonn mar cheannlampaí príomhléis agus/nó léis thardhula, le gur féidir nós imeachta cineálcheadaithe an Chomhphobail Eorpaigh (CE) a chur i bhfeidhm.

ACHT

Treoir 76/761/CEE ón gComhairle an 27 Iúil 1976 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le ceannlampaí mótarfheithiclí a fheidhmíonn mar cheannlampaí príomhléis agus/nó léis thardhula agus maidir le lampaí filiméid leictreacha gealbhruthacha le haghaidh ceannlampaí dá leithéid [Féach na hachtanna leasaitheacha].

ACHOIMRE

Bíonn ar na Ballstáit uile cineálcheadú comhpháirte a dhámhachtain le haghaidh gach chineál ceannlampa, ceannlampa a fheidhmíonn mar cheannlampa príomhléis agus/nó léis thardhula, agus le haghaidh gach chineál foinse solais (lampaí gealbhruthacha agus lampaí eile) le haghaidh ceannlampaí dá leithéid, a chomhlíonann na ceanglais tógála agus tástála atá leagtha síos sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an treoir. Bíonn ar an Bhallstát a dhéanann cineálcheadú comhpháirte CE a dhámhachtain na bearta riachtanacha a dhéanamh lena fhíorú go gcloíonn samhlacha táirgthe leis an chineál ceadaithe.

Bíonn ar na Ballstáit comhartha chineálcheadú comhpháirte CE a eisiúint le haghaidh gach chineál ceannlampa, ceannlampa a fheidhmíonn mar cheannlampa príomhléis agus/nó léis thardhula, agus le haghaidh gach chineál foinse solais le haghaidh ceannlampaí dá leithéid.

De réir an chórais lena ndéantar ceadú a dhámhachtain, atá leagtha amach sa treoir, ní ceadmhach do na Ballstáit:

  • cosc a chur ar cheannlampaí a chur ar an mhargadh, ceannlampaí a fheidhmíonn mar cheannlampaí príomhléis agus/nó léis thardhula, mar gheall ar a modh tógála nó modh feidhmithe, má tá comhartha chineálcheadú comhpháirte CE orthu;
  • diúltú do chineálcheadú CE nó náisiúnta a dhámhachtain le haghaidh feithicle, ná cosc a chur ar fheithicil a dhíol, a chlárú, a chur ar sheirbhís nó a úsáid, mar gheall ar cheannlampaí a fheidhmíonn mar cheannlampaí príomhléis agus/nó léis thardhula, má tá comhartha chineálcheadú comhpháirte CE ar na ceannlampaí seo agus má rinneadh iad a chur isteach i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha síos i dTreoir 76/756/CEE.

Aisghairfear an treoir seo le Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 le héifeacht ón 1 Samhain 2014.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 76/761/CEE

30.7.1976

1.7.1977

IO L 262, 27.9.1976, lch. 96-121

Acht leasaitheach/Achtanna leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 1999/17/CE

2.5.1999

1.10.1999

IO L 97, 12.4.1999, lch. 45-81

Ionstraim Aontachais

1.5.2004

1.5.2004

IO L 236, 23.9.2003

Treoir 2006/96/CE

1.1.2007

1.1.2007

IO L 363, 20.12.2006, lch. 709-734

Treoir 2013/15/AE

1.7.2013

1.7.2013

IO L 158, 10.6.2013, lch. 172-183

Corpraíodh sa bhuntéacs leasuithe agus ceartúcháin i ndiaidh a chéile ar Threoir 76/761/CEE. Is chun críocha tagartha amháin an leagan comhdhlúite seo.

Nuashonrú is déanaí: 02.07.2014

Top