EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Tarracóirí agus innealra talmhaíochta nó foraoiseachta: suíochán an tiománaí

Tá ceanglais theicniúla á gcomhchuibhiú ag an Aontas Eorpacha bhaineann le suíochán an tiománaí i dtarracóirí talmhaíochta agus foraoiseachta le rothaí. Cuireann sé seo le nós imeachta cineálcheadaithe an Chomhphobail a chur i bhfeidhm, nós imeachta arna chumhdach le Treoir 74/150/CEE agus arna aisghairm agus arna ionadú le Treoir 2003/37/CE.

ACHT

Treoir 78/764/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1978 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát i ndáil le suíochán an tiománaí i dtarracóirí talmhaíochta nó foraoiseachta le rothaí [Féach na hachtanna leasaitheacha].

ACHOIMRE

Treoir 78/764/CEE

Raon:is tarracóir talmhaíochta nó foraoiseachta ann, chun críche na Treorach seo, ná mótarfheithicil ar bith a bhfuil rothaí nó rianta gan chríoch uirthi, a bhfuil dhá acastóir ar a laghad aici, mótarfheithicil arb é a príomhchuspóir ná a cumhacht tarraingthe a úsáid chun uirlisí, innealra nó leantóirí áirithe a tharraingt, a bhrú, a iompar nó a chumhachtú a ceapadh lena n-úsáid chun críocha talmhaíochta nó foraoiseachta. Is féidir leis a bheith feistithe chun ualach nó chun paisinéirí a iompar. Ní bhaineann Treoir 78/764/CEE ach amháin le tarracóirí sonraithe a bhfuil boinn aeir acu, mar aon le dhá acastóir agus uasluas deartha idir 6 agus 25 km/u.

Cumhdaíonn forálacha na Treorach, maidir le suíocháin tiománaithe, na ceanglais a bhaineann leis na suíocháin a shuiteáil i dtarracóirí agus tógáil na suíochán sin.

Bíonn ar na Ballstáit uile cineálcheadú compháirte CEE a dhámhachtain le haghaidh gach cineál shuíochán tiománaí a chomhlíonann na ceanglais tógála agus tástála atá leagtha síos sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir.

Treoir 82/890/CEE

Cuireann an Treoir seo le raon na Treorach 78/764/CEE. As seo amach, bainfidh an reachtaíocht leis na tarracóirí atá sonraithe i dTreoir 78/764/CEE, tarracóirí a bhfuil boinn aeir acu, mar aon le dhá acastóir agus uasluas deartha idir 6 agus 30 km/u.

Treoir 87/354/CEE

Leasaítear leis an Treoir seo an reachtaíocht atá i bhfeidhm, maidir leis na litreacha agus na huimhreacha ar leith a úsáidtear le Ballstáit a léiriú.

Treoir 97/54/CE

Leasaítear leis an Treoir seo raon na Treorach 78/764/CEE. As seo amach, is 40 km/u an t-uasluas deartha a bhainfidh le tarracóirí talmhaíochta nó foraoiseachta le rothaí.

Treoir 1999/57/CE

Ar mhaithe le sábháilteacht, tugtar mionsonraí sa Treoir seo maidir leis an gcaoi ar cheart suíochán an tiománaí a chur isteach chun drochearganamaíocht a sheachaint.

Aisghairfear Treoir 78/764/CEE le Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 le héifeacht ón 1 Eanáir 2016.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 78/764/CEE

28.7.1978

29.1.1980

IO L 255, 18.9.1978

Acht leasaitheach/Achtanna leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 82/890/CEE

21.12.1982

21.6.1984

IO L 378, 31.12.1982

Treoir 83/190/CEE

8.04.1983

30.9.1983

IO L 109, 26.4.1983

Treoir 87/354/CE

29.06.1987

31.12.1987

IO L 192, 11.7.1987

Treoir 97/54/CE

30.10.1997

22.9.1998

IO L 277, 10.10.1997

Treoir 1999/57/CE

5.7.1999

30.6.2000

IO L 148, 15.6.1999

Ionstraim Aontachais

1.5.2004

1.5.2004

IO L 236, 23.9.2003

Treoir 2006/96/CE

1.1.2007

1.1.2007

IO L 363, 20.12.2006

Treoir 2013/15/AE

1.7.2013

1.7.2013

IO L 158, 10.6.2013

Nuashonrú is déanaí: 02.07.2014

Top