EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Bia agus beatha atá géinmhodhnaithe

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 maidir le bia agus beatha atá géinmhodhnaithe

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN SEO?

  • Leagtar síos rialacha ann faoi conas a dhéantar údarú agus maoirseacht ar orgánaigh ghéinmhodhnaithe (OGManna), agus conas a dhéantar bia agus beatha ainmhithe atá géinmhodhnaithe a lipéadú.
  • Tá sé ina chuspóir leis iad seo a leanas a chosaint:
    • beatha agus sláinte an duine;
    • sláinte agus leas ainmhithe;
    • leasanna an chomhshaoil agus na dtomhaltóirí.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá feidhm ag an rialachán maidir leo seo a leanas:

  • OGManna arna n-úsáid i mbiabeatha ainmhithe; nó i mbeatha ainmhithe;
  • bia nó beatha ainmhithe ina bhfuil OGManna;
  • bia nó beatha atá déanta le ina bhfuilcomhábhair atá déanta le OGManna.

Iarratas a dhéanamh ar údarú

  • 1.

    Cuireann tairgeoirí isteach iarratas amháin lena gclúdaítear gach úsáid: bia, beatha ainmhithe agus saothrú.

  • 2.

    Laistigh de 2 sheachtain, admhaíonn an t-údarás inniúil sa tír AE ábhartha go bhfuarthas é agus cuireann sí an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) ar an eolas.

  • 3.

    6 mhí ag EFSA chun measúnacht a dhéanamh ar an iarratas.

Bainistíocht riosca

  • Is é an Coimisiún Eorpach atá freagrach as bainistíocht riosca.
  • Ar bhonn mheasúnacht de chuid EFSA, dréachtaíonn an Coimisiún moladh i dtaobh glacadh leis an iarratas nó diúltú dó.
  • Cuirtear an togra go dtí an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe.
  • ghlacann an coiste leis an togra, déanann an Coimisiún é a ghlacadh. Mura nglacann sé leis, déanann an Chomhairle measúnacht ar an dréachtchinneadh, agus cinneann sí cibé ar chóir don Choimisiún é a ghlacadh nó nár chóir.

Lipéadú

  • Ba chóir bia agus beatha ina bhfuil OGManna a bheith lipéadaithe go soiléir.
  • Ach, más rud é gur lú ná 0.9 % céatadán na OGManna i mbia nó i mbeatha, ní gá é nó í a lipéadú — ar an gcoinníoll go bhfuil an t-ábhar OGM dosheachanta go teicniúil.

CÚLRA

PRÍOMHTHÉARMA

* Orgánach géinmhodhnaithe: orgánach ar athraíodh an t-ábhar géiniteach atá ann trí innealtóireacht ghéiniteach ionas go n-áireofar ann géinte nach mbeadh ann de ghnáth.

GNÍOMH

Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia agus beatha atá géinmhodhnaithe (IO L 268, 18.10.2003, lgh. 1-23)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 a ionchorprú sa bhuntéacs. Is fiúntas faisnéiseach amháin atá ag an leagan comhdhlúite seo.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 503/2013 ón gCoimisiún an 3 Aibreán 2013 maidir le hiarratais ar údarú bia agus beatha atá géinmhodhnaithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 641/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 1981/2006 ón gCoimisiún (IO L 157, 8.6.2013, lgh. 1-48)

Treoir (AE) 2015/412 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 lena leasaítear Treoir 2001/18/CE maidir leis an bhféidearthacht atá ann do na Ballstáit saothrú orgánach géinmhodhnaithe ina gcríoch a shrianadh nó a thoirmeasc (IO L 68, 13.3.2015, lgh. 1-8)

Nuashonraithe 24.11.2015

Top