EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Bianna gránachbhunaithe próiseáilte agus bianna do naíonáin agus do leanaí óga

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2006/125/CE maidir le bianna gránachbhunaithe próiseáilte agus bianna do naíonáin agus do leanaí óga

CAD É IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Leagtar síos léi rialacha comhchuibhithe maidir le comhdhéanamh agus lipéadú bianna gránachbhunaithe próiseáilte agus bianna do naíonáin* agus leanaí óga*.
  • Déantar faireachán cúramach ar na táirgí sin toisc go bhféadfadh iarmhair lotnaidicídí* a bheith iontu a d’fhéadfadh sláinte an ghrúpa leochailigh sin sa daonra a chur i mbaol. Toirmisctear nó rialaítear iarmhair lotnaidicídí ar bhonn na gcainníochtaí uasta incheadaithe nach sáraíonn na luachanna iontógála laethúla inghlactha.
  • Is treoir shonrach í de réir bhrí Threoir 89/398/CEE, treoir ar cuireadh ina hionad Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú (féach an achoimre).
  • Códaítear léi treoracha a bhí ann roimhe sin (96/5/CE, 98/36/CE, 1999/39/CE agus 2003/13/CE).

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Cumhdaítear faoin treoir seo bia–ábhair a cheaptar lena n–úsáid chun riachtanais áirithe chothaitheacha naíonán agus leanaí óga a bhfuil sláinte mhaith acu a chomhlíonadh agus atá ceaptha lena n–úsáid ag naíonán le linn iad a scoitheadh den chíoch, agus ag leanaí óga mar fhorlíonadh lena mbia agus/nó dá n–oiriúnú de réir a chéile do ghnáthbhia.

Cuimsítear iontu sin:

  • bianna gránachbhunaithe próiseáilte, atá roinnte sna ceithre chatagóir a leanas:
    • gránaigh shimplí a dhéantar a fhliuchadh nó is gá a fhliuchadh le bainne nó le leachtanna scamhardacha iomchuí eile;
    • gránaigh a bhfuil bia ardphróitéine curtha leo a dhéantar a fhliuchadh nó is gá a fhliuchadh le huisce nó le leacht eile atá saor ó phróitéin;
    • pasta atá le húsáid tar éis cócaireachta in uisce beirithe nó i leachtanna iomchuí eile;
    • roscaí agus brioscaí atá le húsáid go díreach nó, tar éis a bpúdraithe, ach uisce, bainne nó leachtanna eile oiriúnacha a chur leo;
  • bia do naíonáin seachas bianna gránachbhunaithe próiseáilte.

Níl feidhm ag an treoir seo maidir le bainne atá beartaithe do leanaí óga.

Oibleagáid ghinearálta

Ní mór do thíortha AE a áirithiú nach ndíolfar ach táirgí a chomhlíonann an treoir seo.

Comhdhéanamh

  • Ní féidir ach comhábhair atá oiriúnach le haghaidh úsáid chothaitheach ar leith do naíonáin agus do leanaí óga (rud a thagann le sonraí eolaíocha) a úsáid chun na bianna lena mbaineann a mhonarú.
  • Ní mór bianna gránachbhunaithe próiseáilte na critéir maidir le ceanglais chomhdhéanaimh a shonraítear in Iarscríbhinn I a chomhlíonadh.
  • Ní mór bianna do naíonáin a ndéantar cur síos orthu in Iarscríbhinn II na critéir maidir le ceanglais chomhdhéanaimh a shonraítear inti a chomhlíonadh.
  • Ní fhéadfar ach na substaintí cothaitheacha atá liostaithe in Iarscríbhinn IV a chur leo i monarú bia gránachbhunaithe próiseáilte agus bia do naíonáin laistigh de na huasteorainneacha atá leagtha síos sa treoir. Ní mór na critéir íonachta do na substaintí sin a leagan síos tráth níos déanaí.
  • Ní fhéadfaidh aon substaint a bheith i mbianna gránachbhunaithe próiseáilte agus i mbia do naíonáin lena gcuirfí sláinte naíonán agus leanaí óga i mbaol (féach Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006) (féach an achoimre).

Lipéadú

I dteannta leis na sonraí sainordaitheacha a shonraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 (féach an achoimre), ní mór an fhaisnéis seo a leanas bheith sa lipéadú:

  • an aois ónar féidir an táirge a úsáid, nach lú é ná 4 mhí. Féadfaidh táirgí a mholtar le húsáid ó 4 mhí d’aois a léiriú go bhfuil siad oiriúnach lena gcaitheamh ón aois sin mura dtugann daoine a bhfuil cáilíochtaí acu sa leigheas, sa chothú etc. a mhalairt de chomhairle;
  • láithreacht nó neamhláithreacht glútain má tá an aois shonraithe óna bhféadfar an táirge a úsáid faoi bhun 6 mhí;
  • an luach fuinnimh infhaighte (i kJ agus kcal) agus an cion próitéine, carbaihiodráite agus lipide (i bhfoirm uimhriúil) in aghaidh 100 g nó 100 ml den táirge mar a dhíoltar é agus, nuair is iomchuí, in aghaidh chainníocht shonraithe an táirge mar a mholtar lena chaitheamh;
  • meánchainníocht gach substainte mianraí agus gach vitimín á rialú le leibhéal sonrach in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II faoi seach, arna shloinneadh i bhfoirm uimhriúil, in aghaidh an 100 g nó 100 ml den táirge mar a dhíoltar é agus, nuair is iomchuí, in aghaidh chainníocht shonraithe an táirge mar a mholtar lena chaitheamh;
  • treoracha maidir le hullmhú cuí, nuair is gá, agus ráiteas maidir leis an tábhacht a bhaineann leis na dtreoracha sin a leanúint.

Féadfaidh sonraí neamh-shainordaitheacha a bheith san áireamh sa lipéadú sin:

  • méanchainníocht na gcothaitheach arna leagan amach in Iarscríbhinn IV (i bhfoirm uimhriúil) in aghaidh 100 g nó 100 ml den táirge mar a dhíoltar é agus, nuair is iomchuí, in aghaidh chainníocht shonraithe an táirge mar a mholtar lena chaitheamh;
  • faisnéis faoi vitimíní agus mianraí a thaispeántar in Iarscríbhinn V (mar chéatadán de na luachanna tagartha a thugtar ann) in aghaidh an 100 g nó 100 ml den táirge mar a dhíoltar é, agus nuair is iomchuí, in aghaidh chainníocht shonraithe an táirge mar a mholtar lena chaitheamh, ar an gcoinníoll go bhfuil na cainníochtaí atá ann cothrom le 15 % ar a laghad de na luachanna tagartha.

Uasleibhéil lotnaidicídí

  • Leagtar síos sa Treoir seo an t–uasleibhéal iarmhair lotnaidicídí incheadaithe i mbianna gránachbhunaithe próiseáilte agus i mbianna do naíonáin ag 0.01 mg/kg, ach amháin i gcás substaintí áirithe a bhfuil a dteorainn leagtha síos in Iarscríbhinn VI.
  • Ní mór modhanna anailíse caighdeánaithe a úsáid chun láithreacht iarmhair lotnaidicídí a fháil amach.

Lotnaidicídí toirmiscthe

  • Toirmisctear leis an treoir seo lotnaidicídí áirithe a úsáid i dtáirgí talmhaíochta atá ceaptha do bhianna do naíonáin (liosta in Iarscríbhinn VII).
  • Maidir le lotnaidicídí nó meitibilítí lotnaidicídí ar an liosta sin, d’fhéadfadh an leibhéal uasta 0.01 mg/kg a bheith iomarcach do naíonáin agus do leanaí óga. Is amhlaidh atá i gcás lotnaidicídí nó meitibilítí lotnaidicídí a bhfuil iontógáil laethúil inghlactha níos ísle ná meáchan coirp 0.0005 mg/kg acu.
  • Is é 0.003 mg/kg teorainn chainníochtú na modhanna anailíse. Ag an leibhéal sin, meastar nár úsáideadh lotnaidicídí. Féadfar an teorainn sin a athrú i bhfianaise an dul chun cinn sa teicniúil nó sonraí ar éilliú comhshaoil.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm léi ón 26 Nollaig 2006.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Naíonáin: leanaí faoi bhun 12 mhí d’aois.
Leanaí óga: leanaí idir 1 agus 3 bliana d’aois.
Iarmhair lotnaidicídí: iarmhair táirge cosanta plandaí i mbianna gránachbhunaithe próiseáilte agus bianna naíonán, lena n–áirítear a meitibilítí (táirgí idirmheánacha a cruthaíodh le linn meitibileacht ceall) agus táirgí a bhíonn mar thoradh ar a dhíghrádú nó a imoibriú.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún an 5 Nollaig 2006 maidir le bianna gránachbhunaithe próiseáilte agus bianna do naíonáin agus do leanaí óga (Leagan códaithe) (IO L 339, 6.12.2006, lgh. 16-35)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n–aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún, Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún (IO L 181, 29.6.2013, lgh. 35-56)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2006 lena leagtar síos uasleibhéil d’éilleáin áirithe i mbia-ábhair (IO L 364, 20.12.2006, lgh. 5-24)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha nó ar bhia nó ar bheatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2005, lgh. 1-16)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 12.06.2020

Top