EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Mótarfheithiclí le leantóirí: leibhéal ceadaithe fuaime

Féachtar leis an treoir seo rialacháin an Aontais Eorpaigh (AE) a chur i bhfeidhm ar bhonn comhchuibhithe iomláin, rialacháin a bhaineann le fuaim feithiclí.

ACHT

Treoir 70/157/CEE ón gComhairle an 6 Feabhra 1970 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát i ndáil le leibhéal ceadaithe fuaime agus le sceithchóras mótarfheithiclí [Iris Oifigiúil L 42, 23.02.1970, lch. 16-20].

ACHOIMRE

Baineann na treoracha le mótarfheithiclí a ceapadh lena n-úsáid ar an bhóthar, mótarfheithiclí le cabhail orthu nó gan cabhail, agus a bhfuil ceithre roth ar a laghad acu mar aon le huasluas deartha de bhreis is 25 km/u. Ní bhaineann na treoracha le feithiclí a théann ar ráillí, le tarracóirí talmhaíochta agus foraoiseachta ná le hinnealra soghluaiste.

Leagtar síos sna treoracha teorainneacha maidir le leibhéal fuaime na bpáirteanna meicniúla agus na sceithchóras d’fheithiclí lena mbaineann. Tá raon teorainneacha i gceist, idir 74 dB(A) le haghaidh mótarfheithiclí agus 80 dB(A) le haghaidh feithiclí ardchumhachta earraí troma.

Tá luachanna ceadaithe leagtha síos maidir le catagóirí sonracha feithiclí:

  • gluaisteáin;
  • feithiclí iompair phoiblí;
  • feithiclí earraí.

Bhí ar na Ballstáit luachanna maidir le leibhéal fuaime le haghaidh cineálcheadaithe a fhoilsiú faoin 1 Deireadh Fómhair 1994.

Ní ceadmhach anois do na Ballstáit, ar chúiseanna a bhaineann le leibhéal ceadaithe na fuaime agus le sceithchóras:

  • diúltú d’fheithiclí ná cosc a chur ar fheithiclí a dhíol, a chlárú, a chur ar an mhargadh nó a úsáid, feithiclí a chloíonn le forálacha na treorach;
  • cosc a chur ar sceithchóras ná ar aonad teicniúil a chur ar an mhargadh, sceithchóras nó aonad teicniúil a fhreagraíonn do chineál a ndearnadh cineálcheadú a dhámhachtain ina leith.

Féadfar dreasachtaí cánach a údarú, a ndéantar iad a dhámhachtain ag na Ballstáit chun réamhchomhlíonadh na dteorainneacha nua a spreagadh, más dreasachtaí cánach iad atá:

  • neamh-idirdhealaitheach;
  • le haghaidh tréimhse teoranta;
  • de mhéid i bhfad níos ísle ná costas an trealaimh fheistithe;
  • á gcur i bhfeidhm maidir le feithiclí feistithe le trealamh, an toradh ná go gcomhlíontar roimh ré na caighdeáin thodhchaíocha Eorpacha.

An nós imeachta cineálcheadaithe le haghaidh feithiclí, sceithchóras agus aonad teicniúil (ciúnadóir agus sceithchóras athsholáthair) de gach chineál:

  • ní mór go gcuirfí an t-iarratas ar chineálcheadú CEE faoi bhráid an mhonaróra nó ionadaí údaraithe an mhonaróra;
  • ní mór go gcuirfí ar fáil ann an t-eolas a éilítear sna treoracha reatha;
  • ní mór go ndéanfaí foráil do thástálacha éagsúla um chineálcheadú;
  • nuair a chomhlíonann feithicil, sceithchóras nó aonad teicniúil na ceanglais tástála, ní mór go n-eiseofaí deimhniú cineálcheadaithe CEE ag údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann.

Aisghairfear an treoir seo le Rialachán (AE) Uimh. 540/2014 le héifeacht ón 30.6.2027.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 70/157/CEE

10.2.1970

10.8.1971 - 1.7.1973

IO L 42, 23.2.1970, lch. 16-20

Acht leasaitheach/Achtanna leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 73/350/CEE

16.11.1973

-

IO L 321, 22.11.1973, lch. 33-36

Treoir 77/212/CEE

10.3.1977

31.3.1977

IO L 66, 12.3.1977, lch. 33-34

Treoir 81/334/CEE

28.4.1981

31.12.1981

IO L 131, 18.5.1981, lch. 6-27

Treoir 84/372/CEE

5.7.1984

30.9.1984

IO L 196, 26.7.1984, lch. 47-49

Treoir 84/424/CEE

4.9.1984

31.12.1984

IO L 238, 6.9.1984, lch. 31-33

Treoir 87/354/CEE

29.6.1987

31.12.1987

IO L 192, 11.7.1987, lch. 43-45

Treoir 89/491/CEE

25.7.1989

1.1.1990

IO L 238, 15.8.1989, lch. 43-49

Treoir 92/97/CEE

16.11.1992

30.6.1993

IO L 371, 19.12.1992, lch. 1-31

Treoir 96/20/CEE

3.5.1996

30.9.1996

IO L 92, 13.4.1996, lch. 23-35

Treoir 99/101/CE

17.1.2000

31.3.2000

IO L 334, 28.12.1999, lch. 41-42

Treoir 2007/34/CE

5.7.2007

5.7.2007

IO L 155, 15.6.2007, lch. 49-67

Treoir 2013/15/AE

1.7.2013

1.7.2013

IO L 158, 10.06.2013, lch. 172-183

ACHT GAOLMHAR

Rialachán (AE) Uimh. 540/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an leibhéal fuaime ó mhótarfheithiclí agus ó chórais tosta athsholáthair, agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 70/157/CEE [Iris Oifigiúil L 158, 27.5.2014, lch. 131-195].

Nuashonrú is déanaí: 02.07.2014

Top