EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Malartú faisnéise idir póilíní agus lucht custaim thíortha AE a shimpliú

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh Réime 2006/960/CGB ón gComhairle — malartú eolais agus faisnéise idir údaráis forghníomhaithe dlí thíortha AE

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH RÉIME SEO?

Cuireann sé ar chumas údaráis forghníomhaithe dlí* i dtíortha AE faisnéis a chomhroinnt go héifeachtach agus iad i mbun imscrúduithe coiriúla nó oibríochtaí faisnéise coiriúla.

PRÍOMHPHOINTÍ

Coinníollacha maidir le faisnéis a chomhroinnt

  • Ní ceadmhach do thíortha AE rialacha níos déine a chur i bhfeidhm i leith nochtadh faisnéise ar an leibhéal idirnáisiúnta ná mar a bheadh i bhfeidhm go hinmheánach de ghnáth, mar shampla, trí chomhaontú breithiúnach a éileamh.
  • Ba chóir do thíortha AE freagra a thabhairt laistigh de 7 lá de ghnáth ar iarrataí a bhaineann le cionta atá incháilithe le haghaidh barántas gabhála Eorpach* agus sa chás ina bhfuil fáil ag an ngníomhaireacht um fhorghníomhú dlí ar an bhfaisnéis. Ba chóir freagra a thabhairt laistigh de 8 n-uaire an chloig más práinneach í an iarraidh. I gcásanna eile, ba chóir do thíortha freagra a thabhairt laistigh de 14 lá. Mura féidir na teorainneacha ama a chomhlíonadh, ní mór don tír AE a gheobhaidh an iarraidh na cúiseanna a thabhairt is bonn leis an easpa comhlíonta.
  • Ina theannta sin, is féidir faisnéis a sholáthar go spontáineach. Sa chás sin, níor chóir a thabhairt ach an fhaisnéis is gá chun an choir nó an ghníomhaíocht choiriúil a bhrath, a chosc agus a imscrúdú.
  • Féadfar faisnéis a mhalartú trí bhealach ar bith atá ann cheana agus ní mór í a chomhroinnt le EuropolEurojust má thagann sí faoina réim feidhme siúd, agus faoi réir na ngnáthrialacha um chosaint sonraí.

Teorainneacha maidir le faisnéis a chomhroinnt

Níl sé d'oibleagáid ar údaráis forghníomhaithe dlí faisnéis a chruinniú mar fhreagra ar iarraidh, ná faisnéis a fháil trí chomhéigean. Ina theannta sin:

  • Ní fhéadfar faisnéis a úsáid i gcáil fianaise os comhair an údaráis bhreithiúnaigh gan toiliú na tíre a chuir ar fáil í (d'fhéadfaí é sin a chur in iúl sa fhreagra).
  • Ní fhéadfar faisnéis a fuarthas ó thír neamh-AE a chomhroinnt mura bhfuil toiliú tugtha ag an tír sin ina leith sin.
  • Féadfaidh údarás forghníomhaithe dlí diúltú faisnéis a sholáthar má tá cúis ann a mheas go ndéanfadh sí díobháil don tslándáil náisiúnta, d'imscrúdú, d'oibríocht nó do shábháilteacht daoine, nó más léir go bhfuil sí díréireach nó neamhbhainteach le hábhar.
  • Ina theannta sin, is féidir le húdarás forghníomhaithe dlí diúltú faisnéis a sholáthar sa chás ina mbaineann an iarraidh le cion lena ngabhann téarma príosúnachta 1 bhliain nó níos lú, nó sa chás ina bhfuil údarás breithiúnach ina choinne sin.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH RÉIME?

Tá feidhm ag an gCinneadh Réime ón 30 Nollaig 2006. Bhí ar thíortha AE é a ionchorprú sa dlí náisiúnta faoin 19 Nollaig 2008.

CÚLRA

Glacann an Cinneadh Réime seo ionad codanna de Chomhaontú Schengen a bhaineann le tarchur faisnéise (Airteagal 39) agus le faisnéis a sholáthar go spontáineach (Airteagal 46).

Ar an 1 Nollaig 2014, chuir an Ríocht Aontaithe (1) in iúl don Choimisiún Eorpach gur mhian léi páirt a ghlacadh sa Chinneadh. Deimhníodh an méid sin i gCinneadh 2014/858/AE ón gCoimisiún.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Údarás forghníomhaithe dlí: na póilíní, an lucht custaim nó údarás náisiúnta eile atá údaraithe chun cionta a bhrath, a chosc agus a imscrúdú agus údarás agus fórsa comhéigneach a fhorfheidhmiú.
Barántas gabhála Eorpach: arna shainmhíniú i gCinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh Réime 2006/960/CGB ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le malartú eolais agus faisnéise idir údaráis forghníomhaithe dlí Bhallstáit an Aontais Eorpaigh a shimpliú (IO L 386, 29.12.2006, lgh. 89-100)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh Réime 2006/960/CGB a ionchorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh 2014/858/AEón gCoimisiún an 1 Nollaig 2014 maidir le fógra ag Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann dá mian páirt a ghlacadh i ngníomhartha de chuid an Aontais sa réimse um chomhar póilíneachta agus um chomhar breithiúnach i gcúrsaí coiriúla a glacadh sular tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm agus nach bhfuil ina gcuid de Schengen acquis (IO L 345, 1.12.2014, lgh. 6-9)

Nuashonraithe 07.09.2016



(1) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina tríú tír (tír nach tír den Aontas Eorpach í) ó bhí an 1 Feabhra 2020 ann.

Top