EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Inimirce neamhdhleathach — pionóis d’fhostóirí

ACHOIMRE AR:

Smachtbhannaí agus bearta i gcoinne fostóirí atá ag náisiúnaigh neamh-AE atá ag fanacht go neamhdhleathach — Treoir 2009/52/CE

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?

Chun dul i ngleic le hinimirce neamhdhleathach, ceanglaítear inti ar thíortha an Aontais Eorpaigh (AE) toirmeasc a chur ar fhostaíocht náisiúnaigh neamh-AE atá ag fanacht in AE go neamhdhleathach.

Leagtar amach inti rialacha ar fud AE maidir le pionóis agus bearta eile a fhéadfar a chur i bhfeidhm i gcoinne fostóirí a sháraíonn an cosc seo.

Níl feidhm ag an treoir seo maidir le gach tír AE — tharraing an Danmhairg, Éire agus an Ríocht Aontaithe (1) amach aisti.

PRÍOMHPHOINTÍ

Oibleagáidí fostóirí

Ní mór do fhostóirí:

  • a cheangal ar náisiúnaigh neamh-AE cead cónaí nó údarú eile chun fanacht a thabhairt roimh fostaíocht a ghlacadh
  • cóipeanna a choinneáil den chead nó den údarú le haghaidh thréimhse na fostaíochta, sa chás go ndéanfadh na húdaráis náisiúnta cigireacht
  • fógra a thabhairt do na húdaráis laistigh den tréimhse a shocraíonn an tír AE nuair a fhostaíonn siad náisiúnach neamh-AE.

Lena chois sin féadfaidh tíortha AE:

  • nós imeachta fógra simplithe a úsáid más duine aonair é an fostóir a fhostaíonn náisiúnach neamh-AE chun críocha príobháideacha
  • a chinneadh gan fógra a iarraidh nuair atá stádas cónaithe fadtéarmach tugtha don náisiúnach neamh-AE.

Pionóis

Ní mór do thíortha AE a chinntiú go mbeidh fostóirí nach gcloíonn leis na rialacha sin faoi réir pionós éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach, lena n-áirítear:

  • fíneálacha bunaithe ar gach náisiúnach neamh-AE a bheidh fostaithe go neamhdhleathach
  • íoc as na náisiúnaigh sin a chur ar ais chuig a dtíortha tionscnaimh.

Chomh maith leis sin ní mór do thíortha AE:

  • a chinntiú go bhfuil fostóirí faoi dhliteanas íocaíochtaí thar téarma, amhail pánna agus ranníocaíochtaí slándála sóisialta amuigh.
  • córais a chur i bhfeidhm trína mbeidh náisiúnaigh neamh-AE atá fostaithe go neamhdhleathach ábalta pánna amuigh ar bith a éileamh óna bhfostóirí.
  • a chinntiú chomh maith go bhfuil fostóirí — más iomchuí — faoi réir pionós eile, amhail:
    • a dteidlíocht ar shochair phoiblí uile nó cuid díobh a chailliúint (lena n-áirítear maoiniú AE) ar feadh suas le 5 bliana;
    • a bheith orthu sochair ar bith a aisíoc a fuarthas sna 12 mhí sular braitheadh an fhostaíocht neamhdhleathach;
    • cosc a bheith orthu páirt a ghlacadh i gconarthaí poiblí ar feadh suas le 5 bliana;
    • dúnadh sealadach nó buan a ngnó.

Cionta coiriúla

Tá sárú d’aon toisc ina chion coiriúil sa chás ina ndéanann an fostóir an méid seo a leanas:

  • leanann sé nó sí leis an neamhchomhlíonadh;
  • fostaíonn sé nó sí líon suntasach náisiúnaigh neamh-AE atá ag fanacht go neamhdhleathach;
  • fostaíonn sé nó sí daoine i ndálaí oibre an-dúshaothraithe;
  • fostaíonn sé nó sí íospartaigh um gháinneáil ar dhaoine;
  • fostaíonn sé nó sí mionaoisigh go neamhdhleathach.

Gearáin agus cigireacht

Ní mór do náisiúnaigh neamh-AE atá fostaithe go neamhdhleathach a bheith ábalta gearáin a chur isteach i gcoinne a bhfostóirí, go díreach nó trí thríú páirtithe. Ceanglaítear ar thíortha AE cigireacht a dhéanamh ar bhonn measúnuithe riosca rialta, lena sheiceáil an bhfuil inimircigh neamhdhleathacha dá leithéid á bhfostú ag fostóirí nó nach bhfuil.

Cur chun feidhme

Dhá phríomhthoradh i dtuarascáil 2014 maidir le cur chun feidhme na treorach ná:

  • go bhfuil difríochtaí i ndéine an phionóis i dtíortha AE éagsúla;
  • gur féidir feabhas a chur ar gach réimse ina dtairgtear cosaint d’imircigh mhírialta.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Cuireadh an treoir i bhfeidhm an 20 Iúil 2009. Bhí sí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 20 Iúil 2011.

CÚLRA

Imirce mhírialta — beartas AE.

GNÍOMH

Treoir 2009/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le caighdeáin íosta ar smachtbhannaí agus ar bhearta i gcoinne fostóirí náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhleathach (IO L 168, 30.6.2009, lgh. 24-32)

Rinneadh ceartúcháin leantacha ar Threoir 2009/52/CE a chorprú isteach sa bhuntéacs. Is chun críocha doiciméadúcháin amháin an leagan comhdhlúite seo.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le chur chun feidhme Threoir 2009/52/CE an 18 Meitheamh 2009 lena soláthraítear caighdeáin íosta ar smachtbhannaí agus ar bhearta i gcoinne fostóirí náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhleathach (COM(2014) 286 final an 22.5.2014)

Nuashonraithe 21.03.2016



(1) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina tríú tír (tír nach tír den Aontas Eorpach í) ó bhí an 1 Feabhra 2020 ann.

Top