Help Print this page 
Title and reference
Ballraíocht a ghlacadh in AE — an próiseas aontachais

Summaries of EU legislation: direct access to the main summaries page.
Multilingual display
Text

Ballraíocht a ghlacadh in AE — an próiseas aontachais

ACHOIMRE AR:

Conradh ar an Aontas Eorpach - ballraíocht a ghlacadh san AE

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA CHONRADH AR AN AONTAS EORPACH (CAE)?

Déantar foráil in Airteagal 49 i leith an bhunúis dlí maidir le ballraíocht a ghlacadh ag stát Eorpach ar bith in AE.

In Airteagal 2 leagtar amach na luachanna ar a bhfuil AE bunaithe.

PRÍOMHPHOINTÍ

Incháilitheacht

Ní mór don tír iarrthach an méid seo a leanas a dhéanamh:

A bheith ina stát laistigh den Eoraip gheografach.

Na luachanna atá leagtha amach in Airteagal 2 CAE a urramú agus a bheith tiomanta dóibh, is iad sin: dínit an duine, saoirse agus daonlathas, comhionannas agus riail an dlí a urramú; cearta an duine a urramú lena n-áirítear cearta an duine ar le mionlaigh iad; agus sochaí iolraíoch agus neamh-idirdhealú, caoinfhulaingt, ceartas, dlúthpháirtíocht agus comhionannas idir mná agus fir a urramú.

Ní mór don tír iarrthach na critéir incháilitheachta a shásamh chomh maith: Tugtar critéir Chóbanhávan orthu go ginearálta toisc gur sainíodh iad sa Chomhairle Eorpach a tionóladh i gCóbanhávan i Meitheamh 1993. Is iad seo a leanas na critéir:

institiúidí cobhsaí a chinntíonn daonlathas, riail an dlí, cearta an duine agus urramú agus cosaint mionlach;

geilleagar margaidh atá ag feidhmiú agus an cumas déileáil le hiomaíocht agus fórsaí margaidh in AE;

an cumas oibleagáidí na ballraíochta a ghlacadh agus iad a chur i bhfeidhm go héifeachtúil, lena n-áirítear aidhmeanna aontais eacnamaíoch, airgeadaíochta agus pholaitiúil.

Chuir an Chomhairle Eorpach a tionóladh i Maidrid i Nollaig 1995 leis gur cheart don tír is iarrthóir a bheith ábalta an dlí AE a chur i bhfeidhm agus a bheith ábalta a chinntiú go gcuirfear an dlí AE a trasuíodh sa reachtaíocht náisiúnta i bhfeidhm go héifeachtúil trí struchtúir chuí riaracháin agus bhreithiúnacha.

Coimeádann AE an ceart aige féin a chinneadh nuair a bheidh na critéir aontachais comhlíonta ag an tír is iarrthóir. Lena chois sin, ní mór don Aontas Eorpach féin bheith ábalta baill úra a chomhtháthú.

Nós imeachta

1.

Iarratas

Cuireann an tír Eorpach a bhfuil na critéir atá cuimsithe in Airteagal 2 CAE iarratas foirmiúil isteach chuig an gComhairle. Cuireann an Chomhairle Parlaimint na hEorpa, an Coimisiún agus na parlaimintí náisiúnta ar an eolas faoin iarratas.

2.

Stádas iarrthóra

Tugann an Chomhairle Eorpach stádas tíre mar thír is iarrthóir i ndiaidh tuairim fhabhrach a fháil ón gCoimisiún agus i ndiaidh do Pharlaimint na hEorpa toiliú a thabhairt.

3.

Idirbheartaíocht

Déantar idirbheartaíocht a oscailt i ndiaidh cinnidh d’aon ghuth ón gComhairle Eorpach agus i ndiaidh moladh fabhrach a fháil ó Pharlaimint na hEorpa.

Tionóltar an idirbheartaíocht i gcomhdhálacha idir-rialtais idir rialtais na dtíortha AE agus na tíre is iarrthóir. Déantar acquis (corpas dlí AE) a roinnt ina réimsí beartais agus déanfar gach ceann a idirbheartú as féin. (Tá 35 réimse beartais nó “caibidlí”) ann faoi láthair.

Le linn chéim an aontachais, déanann an Coimisiún monatóireacht ar iarrachtaí na tíre is iarrthóir maidir leis an acquis a chur i bhfeidhm. Cuidíonn sé chomh maith leis na tíortha is iarrthóirí le linn an phróisis le hionstraimí um maoiniú réamhaontachais, amhail TAIEX.

Socruithe idirthréimhseacha — déanann na páirtithe plé chomh maith ar ar féidir (agus conas) rialacha a thabhairt isteach de réir a chéile chun deis a thabhairt don bhall úr nó do thíortha AE atá ann cheana oiriúnú dóibh. Pléitear é sin den chuid is mó le linn chéimeanna deiridh na hidirbheartaíochta.

4.

An próiseas scagtha

Bíonn an chéim scagtha, mar a deirtear leis, ar siúl i gcomhthráth leis an idirbheartaíocht. Is éard atá i gceist leis seo a fhíorú ar trasuíodh míreanna aonair den acquis atá liostaithe i gcaibidil faoi leith i ndlí na tíre is iarrthóir sin nó nach trasuíodh. Ní féidir an chaibidil sin a dhúnadh go sealadach go dtí go léiríonn an tír is iarrthóir go bhfuil caibidil den acquis curtha i bhfeidhm aici cheana, nó go gcuirfidh sí i bhfeidhm í faoin dáta aontachais. Is eisceacht é sa chás go gcomhaontaíonn an tír is iarrthóir socruithe speisialta maidir le cuid den acquis.

Cuireann an Coimisiún an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar an eolas le linn an phróisis, go sonrach trí thuarascálacha bliantúla maidir le dul chun cinn. Dréachtaíonn an tír is iarrthóir cláir náisiúnta bhliantúla chomh maith ina ndéanann sí a dul chun cinn féin a mheasúnú maidir le caibidlí éagsúla den acquis a chur i bhfeidhm.

5.

Aontachas

Is é sprioc dheiridh na hidirbheartaíochta conradh aontachais a ullmhú. Ní mór don Chomhairle an t-aontachas a fhaomhadh agus ní mór toiliú Pharlaimint na hEorpa a fháil ina leith. Síníonn gach tír AE agus an tír aontach an conradh agus daingníonn gach tír AE agus an tír aontach é ansin, gach ceann díobh de réir a nósanna imeachta bunreachtúla féin.

CÚLRA

GNÍOMH

Airteagal 49 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).

Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).

Nuashonraithe 10.11.2015

Top