EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Rialachán VIS

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 maidir leis an gcóras faisnéise víosaí agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Ballstáit (Rialachán VIS)

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Bunaítear leis an córas faisnéise víosaí (VIS) agus leagtar síos leis na nósanna imeachta agus na coinníollacha maidir le sonraí víosaí a mhalartú i ndáil le hiarratais ar víosaí gearrfhanachta idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (AE) a shínigh Comhaontú agus Coinbhinsiún Schengen.

PRÍOMHPHOINTÍ

Nóta don léitheoir: leasaíodh an rialachán roinnt uaireanta. Léirítear san achoimre seo ábhar an rialacháin, arna leasú, i gcás gur tháinig na leasuithe seo i bhfeidhm i ndáiríre.

Cuspóir

Is é is cuspóir le VIS, a bunaíodh i dtosach faoi Chinneadh 2004/512/CE, feabhas a chur ar chur chun feidhme an chomhbheartais víosa, ar chomhar chonsalachta agus ar na comhairliúcháin idir na húdaráis lárnacha víosaí trí:

  • an nós imeachta um iarratais a dhéanamh ar víosaí a éascú;
  • cosc a chur ar “shiopadóireacht víosa”;
  • an comhrac i gcoinne na calaoise a éascú;
  • seiceálacha ag pointí trasnaithe teorainneacha seachtracha agus sna críocha náisiúnta a éascú;
  • cuidiú le daoine nach gcomhlíonann na ceanglais maidir le dul isteach, fanacht nó cónaí sna críocha náisiúnta a shainaithint;
  • cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 a éascú, lena socraítear an Ballstát atá freagrach as iarratas ar thearmann náisiúnach as tír nach tír de AE í a scrúdú (féach an achoimre);
  • rannchuidiú le bagairtí ar shlándáil inmheánach na mBallstát a chosc.

I gcásanna ar leith, féadfaidh na húdaráis náisiúnta agus Europol rochtain ar shonraí arna n–iontráil in VIS a iarraidh chun cionta sceimhlitheoireachta agus coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú.

Taifeadtar na catagóirí sonraí seo a leanas in VIS:

  • na sonraí alfa–uimhriúla maidir leis an iarratasóir agus leis na víosaí a iarradh, a eisíodh, a diúltaíodh, a cuireadh ar neamhní, a cúlghaireadh nó ar cuireadh síneadh leo;
  • grianghraif;
  • sonraí méarloirg;
  • naisc le hiarratais ar víosaí roimhe seo agus le comhaid iarratais daoine atá ag taisteal le chéile.

Catagóirí sonraí arna dtaifeadadh sa stóras coiteann sonraí céannachta

Taifeadtar na catagóirí sonraí seo a leanas sa stóras coiteann sonraí céannachta (CIR):

  • sloinne, céadainmneacha, dáta breithe, inscne;
  • sloinne breithe (iar–shloinne/iar–shloinnte), áit agus tír bhreithe, náisiúntacht reatha agus náisiúntacht bhreithe;
  • faisnéis doiciméid taistil, lena n–áirítear:
    • cineál agus uimhir,
    • tír eisiúna,
    • an t–údarás eisiúna,
    • dáta éaga na bailíochta.

Rochtain ar VIS

  • Ní cheadaítear ach do bhaill foirne na n–údarás víosaí atá údaraithe go cuí sonraí VIS a iontráil, a leasú nó a scriosadh;
  • Ní cheadaítear ach do bhaill foirne na n–údarás víosaí atá údaraithe go cuí agus d’údaráis a dhéanann seiceálacha ag pointí trasnaithe teorainneacha seachtracha, seiceálacha inimirce agus tearmainn sonraí VIS a sheiceáil.
  • Ní mór d’údaráis a bhfuil rochtain acu ar VIS an méid seo a leanas a áirithiú:
    • go bhfuil a úsáid teoranta don mhéid atá riachtanach, iomchuí agus comhréireach lena gcúraimí a chomhlíonadh;
    • agus VIS á úsáid, nach ndéanfar idirdhealú in aghaidh iarratasóirí agus sealbhóirí víosa agus go ndéanfar a ndínit agus a n–ionracas daonna a urramú.

Iontráil sonraí ag na húdaráis víosaí

  • Cruthaíonn an t–údarás víosaí an comhad iarratais, i gcás go bhfuil iarratas inghlactha de réir an Chóid maidir le Víosaí, atá leagtha síos i Rialachán leasaitheach (CE) Uimh. 810/2009 (féach an achoimre). Iontrálann sé na sonraí arna sonrú in Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 in VIS.
  • Cuireann an t–údarás víosaí sonraí eile leis i gcás go ndearnadh cinneadh víosa a eisiúint, mar shampla:
    • an t–údarás eisiúna;
    • an cineál víosa;
    • uimhir ghreamán an víosa;
    • an chríoch a bhfuil sealbhóir an víosa i dteideal taisteal inti;
    • dáta tosaigh agus dáta deiridh bhailíocht an víosa;
    • líon na n–iontrálacha sa chríoch a údaraítear leis an víosa.
  • Ní mór na forais a shonrú i gcás inar glacadh cinneadh:
    • víosa a dhiúltú, a chur ar neamhní nó a chúlghairm; nó
    • síneadh a chur lena thréimhse bhailíochta.

Úsáid VIS

Úsáidtear VIS mar seo a leanas:

  • úsáideann údaráis inniúla víosaí a scrúdaíonn iarratais agus na cinntí a bhaineann leis na hiarratais sin é;
  • úsáidtear é idir údaráis lárnacha víosaí le haghaidh comhairliúcháin agus iarratais ar dhoiciméid;
  • úsáideann údaráis inniúla víosaí é chun críoch tuairiscithe agus staidrimh (gan iarratasóirí aonair a shainaithint).

Rochtain ag údaráis eile ar shonraí VIS

  • Bhí seiceálacha teorann níos éifeachtaí agus níos tapa trí bhealach cumarsáide slán idir lárchóras EES agus VIS lárnach mar thoradh ar Rialachán leasaitheach (AE) 2017/2226 lena dtugtar isteach Córas Dul Isteach/Imeachta AE (EES) (féach an achoimre). Ní fhéadfar seiceáil dhíreach a dhéanamh idir EES agus VIS ach i gcás go bhforáiltear dó sin i Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008 agus (AE) 2017/2226 araon.
  • Údaráis víosaí a úsáideann an VIS, féadfaidh siad EES a sheiceáil ó VIS:
    • agus iarratais ar víosa á scrúdú agus á gcinneadh;
    • d’fhonn na sonraí a bhaineann le víosaí a aisghabháil agus a easpórtáil go díreach ó VIS isteach in EES i gcás go ndéanfaí víosa a chur ar neamhní, a chúlghairm nó go gcuirfí síneadh leis.
  • Údaráis teorann a úsáideann an EES, féadfaidh siad VIS a sheiceáil ó EES chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
    • na sonraí a bhaineann le víosaí a aisghabháil go díreach ó VIS agus iad a iompórtáil isteach in EES;
    • barántúlacht agus bailíocht an víosa a fhíorú;
    • a sheiceáil an raibh náisiúnaigh neamh–AE atá díolmhaithe ó víosaí nár taifeadadh comhad aonair ina leith sa EES cláraithe sa VIS roimhe seo;
    • i gcás go ndéantar céannacht sealbhóra víosa a fhíorú ag baint úsáid as méarloirg, céannacht sealbhóra víosa a fhíorú le méarloirg in aghaidh VIS.
  • Féadfaidh údaráis a bhfuil an inniúlacht acu chun seiceálacha a dhéanamh laistigh de chríoch na mBallstát sonraí a chuardach d’aon toisc chun céannacht shealbhóir an víosa agus/nó barántúlacht an víosa agus/nó cé acu an bhfuil nó nach bhfuil na coinníollacha maidir le dul isteach, fanacht nó cónaí ann comhlíonta a fhíorú.
  • D’fhéadfadh sé go mbeadh rochtain ag údaráis náisiúnta atá freagrach as tearmann ar shonraí d’aon toisc chun:
    • an Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann a chinneadh; agus
    • scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann.

Oibriú VIS

  • Ó mhí an Mheithimh 2018 i leith, tá Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) freagrach as bainistíocht oibríochtúil an VIS Lárnaigh agus na gcomhéadan náisiúnta a nascann le córais náisiúnta na mBallstát.
  • Is éard atá i gceist le bainistíocht oibríochtúil VIS na sainchúraimí go léir is gá chun VIS a choinneáil ag feidhmiú 24 uair sa lá, 7 lá sa tseachtain. Áirítear leo sin an obair chothabhála agus na forbairtí teicniúla is gá lena áirithiú go bhfeidhmíonn an córas ar leibhéal sásúil cáilíochta oibríochtúla.
  • Tá gach Ballstát AE freagrach as:
    • a chóras náisiúnta féin a fhorbairt, a eagrú, a bhainistiú, a oibriú agus a chothabháil;
    • slándáil na sonraí a áirithiú sula dtarchuirfear iad chuig a gcomhéadan náisiúnta agus le linn iad a tharchur chuig a gcomhéadan náisiúnta agus, chuige sin, plean slándála a ghlacadh;
    • rochtain na n–údarás náisiúnta inniúil ar VIS ag baill foirne atá údaraithe go cuí a bhainistiú;
    • na costais a thabhaítear lena gcóras náisiúnta a íoc.
  • Ní fhéadfar sonraí in VIS a chur in iúl do thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad nó d’eagraíochtaí idirnáisiúnta mura bhfuil sé ríthábhachtach chun aitheantas náisiúnach neamh–AE a fhianú i gcásanna aonair.

Slándáil, dliteanas agus cosaint sonraí

  • Ní mór do na Ballstát a d’iontráil na sonraí in VIS a slándáil a áirithiú sula dtarchuirfear iad chuig an gcomhéadan náisiúnta agus le linn iad a tharchur chuig an gcomhéadan náisiúnta. Ní mór do gach tír slándáil na sonraí a fhaightear ó VIS a áirithiú agus plean slándála a ghlacadh maidir lena córas náisiúnta.
  • Beidh aon duine, nó aon tír dá ndearnadh damáiste mar thoradh ar oibríocht phróiseála neamhdhleathach nó aon ghníomh nach dtagann le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, i dteideal cúiteamh a fháil ón tír atá freagrach as an damáiste a rinneadh.
  • Ní mór do gach tír agus eu-LISA taifid ar gach oibríocht próiseála sonraí laistigh de VIS a choinneáil, chomh maith le taifid na mball foirne atá údaraithe go cuí chun na sonraí a iontráil nó a aisghabháil.
  • Ní mór do gach Ballstát a cheangal ar údarás maoirseachta náisiúnta, arna bhunú de réir Rialachán (AE) 2016/679 (féach an achoimre), faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht phróiseáil na sonraí pearsanta ag an tír sin. Déanann an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí maoirseacht ar ghníomhaíochtaí eu-LISA.

Cur i bhfeidhm

Mar ionstraim Schengen, tá feidhm ag an rialachán seo maidir leis na Ballstáit, seachas Éire. Chinn an Danmhairg, an Eilvéis, an Iorua agus an Íoslainn an rialachán a chur i bhfeidhm.

Leasuithe deireanacha ar Rialachán (CE) Uimh. 767/2008

Chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin slándála chomh maith le patrúin imirce atá ag athrú, tá iarrachtaí á ndéanamh córais faisnéise éagsúla AE a dhéanamh comh–inoibritheach. Dá réir sin, leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 roinnt uaireanta chun an obair sin a chur san áireamh — cé g bhféadfadh sé nach mbeidh feidhm ag na hathruithe sin go dtí dáta atá le cinneadh fós, dáta nach mbeidh roimh 2023. Is iad seo a leanas na leasuithe sin:

  • Rialachán (AE) 2019/817 maidir le hidir–inoibritheacht idir córais faisnéise AE sa limistéar ceartais, saoirse agus slándála (féach an achoimre).
  • Rialachán (AE) 2021/1134 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, chomh maith le dhá théacs a bhfuil dlúthbhaint acu leis, an Cód maidir le Víosaí (Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 — féach an achoimre) agus Cód Teorainneacha Schengen (Rialachán (AE) 2016/399 — féach an achoimre). I measc nithe eile, neartaítear leis na seiceálacha cúlra a dhéantar sula ndéantar cinneadh maidir le víosa a dheonú.
  • Rialachán (AE) 2021/1152 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 i ndáil le hidir–inoibritheacht VIS leis an gCóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2018/1240 (féach an achoimre).

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

  • Bhí cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 le cinneadh ag an gCoimisiún Eorpach de réir Airteagal 48(3) ann. Tháinig VIS i bhfeidhm an 11 Deireadh Fómhair 2011.
  • Tá Airteagail 26, 27, 32, 45, Airteagal 48(1), (2) agus (4) agus Airteagal 49 i bhfeidhm ón 2 Meán Fómhair 2008.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Ballstáit (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lgh. 60–81).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 295, 21.11.2018, lgh. 99–137).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lgh. 1–71).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n–aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lgh. 1–88).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lgh. 1–52).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (IO L 180, 29.6.2013, lgh. 31–59).

Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosa) (IO L 243, 15.9.2009, lgh. 1–58).

Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh 2004/512/CE ón gComhairle an 8 Meitheamh 2004 lena mbunaítear an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) (IO L 213, 15.6.2004, lgh. 5–7).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 03.08.2023

Top