EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhaontuithe um athligean isteach idir AE agus tíortha áirithe neamh-AE

 

ACHOIMRE AR:

Reachtaíocht AE um athligean isteach faoi mar a leanas:

CAD IS AIDHM LEIS NA COMHAONTUITHE AGUS LEIS NA CINNTÍ?

  • Tá athligean isteach náisiúnach féin tíre ina oibleagáid faoi dhlí idirnáisiúnta an ghnáis. Chun daoine atá ina gcónaí go neamhdhleathach ar a gcríoch a fhilleadh ar a dtíortha tionscnaimh, go háirithe i gcás nach bhfuil doiciméid aitheantais bhailí ag na daoine sin, braitheann AE ar chomhar thíortha neamh-AE chun iad a aithint, a athdhoiciméadú agus a athligean isteach.
  • Soláthraítear le comhaontuithe AE um athligean isteach creat struchtúrach comhair idir tíortha AE agus tíortha neamh-AE trí nósanna imeachta tapa agus éifeachtacha a bhunú chun na daoine a thionscnaíonn as ceann de na páirtithe, atá ina gcónaí gan údar i gcríoch an pháirtí eile a aithint, a athdhoiciméadú agus a fhilleadh.
  • Lena chinneadh, tugann an Chomhairle na comhaontuithe i gcrích thar ceann AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cómhalartacht

  • Feidhmítear na comhaontuithe sin ar chómhalartacht. Tá na rialacha céanna i bhfeidhm maidir le saoránaigh AE, maidir le saoránaigh an pháirtí eile sa chomhaontú agus, faoi choinníollacha áirithe, maidir le náisiúnaigh tríú tír, i.e. daoine a bhfuil náisiúntacht acu seachas náisiúntacht ceachtar páirtí shínithe nó daoine gan stát atá i láthair go neamhdhleathach sa tír neamh-AE lena mbaineann.
  • Faoi mar atá leagtha síos i bPrótacal 21 leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), féadfaidh an Ríocht Aontaithe agus Éire glacadh leis na comhaontuithe sin nó diúltú dóibh de réir an cháis. Faoi Phrótacal 22 le CFAE, áfach, dhiúltaigh an Danmhairg páirt a ghlacadh i gcomhar breithiúnais agus gnóthaí baile (a bhfuil na comhaontuithe um athligean isteach ina gcuid de), taobh amuigh de bhearta a bhaineann le acquis Schengen.

Náisiúnaigh féin

Clúdaítear i ngach comhaontú AE um athligean isteach nósanna imeachta mionsonraithe maidir le haithint, athdhoiciméadú agus athligean isteach náisiúnach atá i láthair go neamhdhleathach i gcríoch na bpáirtithe eile. Tá feidhm freisin ag a lán de na comhaontuithe, le coinníollacha éagsúla, maidir le:

  • leanaí mionaoiseacha neamhphósta na ndaoine sin beag beann ar a n–áit bhreithe nó ar a náisiúntacht;
  • céilí na ndaoine sin, ag a bhfuil náisiúntacht eile;
  • na daoine sin a bhfuil cónaí orthu in AE nach bhfuil náisiúntacht an pháirtí eile lena mbaineann acu a thuilleadh.

Náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát

Clúdaítear i gcomhaontuithe AE um athligean isteach chomh maith gealltanais agus nósanna imeachta maidir le hathligean isteach na náisiúnach tríú tír sin a d’iontráil críoch páirtí amháin go neamhdhleathach trí dhul trí chríoch an pháirtí eile. Mar shampla, bheadh ar pháirtí amháin duine nach saoránach dá chuid é nó í a athligean isteach sa chás go mbainfeadh an méid seo a leanas leis an duine sin:

  • d’iontráil sé nó sí críoch páirtí amháin go neamhdhleathach agus go díreach ón bpáirtí eile;
  • bhí víosa bailí nó cead cónaithe aige nó aici le haghaidh na tíre lena mbaineann ag an tráth a ndearnadh an t–iarratas ar athligean isteach.

Ní bheidh an oibleagáid sin i bhfeidhm má bhaineann an méid seo a leanas leis an duine lena mbaineann:

  • ní dhearna sé nó sí idirthuras thaobh an aeir ach trí aerfort idirnáisiúnta de chuid an pháirtí lena mbaineann;
  • dheonaigh páirtí amháin víosa nó cead cónaithe dó nó di ach amháin sa chás:
    • gur eisigh an páirtí eile víosa nó cead cónaithe chucu chomh maith atá bailí ar feadh tréimhse níos faide; nó
    • go bhfuarthas an víosa nó an cead ag baint úsáid as doiciméid bhréige nó bhrionnaithe; nó
    • nár cloíodh le coinníollacha an víosa;
  • go bhfuil an ceart aige nó aici ar rochtain gan víosa ar chríoch an pháirtí lena mbaineann.

Nósanna imeachta

  • Cuireann an páirtí ar mian leis duine nach bhfuil doiciméid aitheantais bhailí acu a fhilleadh iarratas ar athligean isteach chuig an bpáirtí eile lena mbaineann ina mbeidh an fhaisnéis (lena n–áirítear ainm, dáta breithe, fianaise ar náisiúntacht) atá mionsonraithe sa chomhaontú faoi leith.
  • Cuirtear iarratais le haghaidh náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát isteach chuig údarás inniúil na tíre lena mbaineann laistigh de thréimhse ama ar leith i ndiaidh don pháirtí teacht ar an eolas faoi chás neamhdhleathach an duine lena mbaineann.
  • Ní mór freagairt ar iarratas ar athligean isteach a fháil laistigh de thréimhse ar leith, faoi cheann míosa de ghnáth. Faoin nós imeachta brostaithe, teastaíonn freagairtí faoi cheann seachtaine. Ní mór cúiseanna a thabhairt le diúltú.
  • A luaithe a aontaíonn an páirtí leis an athligean isteach, ní mór d’údaráis an pháirtí lena mbaineann, beag beann ar thoil an duine, doiciméad taistil a eisiúint.
  • Clúdaítear i gcuid de na comhaontuithe chomh maith socruithe a dhéanfar maidir leis an oibríocht um fhilleadh nó maidir le saoráid idirthurais d’fhillithe chuig tríú tíortha eile (mar shampla, an pointe iontrála, coimhdeacht fhéideartha agus faisnéis eile i ndáil leis an aistriú).
  • Déantar liosta sna comhaontuithe chomh maith de mhodhanna éagsúla fianaise chun náisiúntacht duine agus a n–iontráil neamhdhleathach i gcríoch na bpáirtithe lena mbaineann a shocrú.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA GCOMHAONTUITHE AGUS NA GCINNTÍ?

Gníomh

Dáta cur i bhfeidhm

Dáta teacht i bhfeidhm

Comhaontú leis an Tuirc

 

1.10.2014

Cinneadh lena dtugtar an comhaontú i gcrích

14.4.2014

 

Comhaontú leis an Asarbaiseáin

 

1.9.2014

Cinneadh lena dtugtar an comhaontú i gcrích

14.4.2014

 

Comhaontú leis an Airméin

 

1.1.2014

Cinneadh lena dtugtar an comhaontú i gcrích

22.10.2013

 

Comhaontú le Cape Verde

 

1.12.2014

Cinneadh lena dtugtar an comhaontú i gcrích

7.10.2013

 

Comhaontú leis an tSeoirsia

 

1.3.2011

Cinneadh lena dtugtar an comhaontú i gcrích

18.1.2011

 

Comhaontú leis an bPacastáin

 

1.12.2010

Cinneadh lena dtugtar an comhaontú i gcrích

7.10.2010

 

Comhaontú leis an Úcráin

 

1.1.2008

Cinneadh lena dtugtar an comhaontú i gcrích

29.11.2007

 

Comhaontú leis an Moldóiv

 

1.1.2008

Cinneadh lena dtugtar an comhaontú i gcrích

22.11.2007

 

Comhaontú leis an Macadóin Thuaidh

 

1.1.2008

Cinneadh lena dtugtar an comhaontú i gcrích

8.11.2007

 

Comhaontú le Montainéagró

 

1.1.2008

Cinneadh lena dtugtar an comhaontú i gcrích

8.11.2007

 

Comhaontú leis an tSeirbia

 

1.1.2008

Cinneadh lena dtugtar an comhaontú i gcrích

8.11.2007

 

Comhaontú leis an mBoisnia agus leis an Heirseagaivéin

 

1.1.2008

Cinneadh lena dtugtar an comhaontú i gcrích

8.11.2007

 

Comhaontú leis an Rúis

 

1.6.2007

Cinneadh lena dtugtar an comhaontú i gcrích

19.4.2007

 

Comhaontú leis an Albáin

 

1.1.2008

Cinneadh lena dtugtar an comhaontú i gcrích

7.11.2005

 

Comhaontú le Srí Lanca

 

1.1.2005

Cinneadh lena dtugtar an comhaontú i gcrích

3.3.2005

 

Comhaontú le Macao

 

1.6.2004

Cinneadh lena dtugtar an comhaontú i gcrích

21.4.2004

 

Comhaontú le Hong Cong

 

1.3.2004

Cinneadh lena dtugtar an comhaontú i gcrích

17.12.2003

 

CÚLRA

PRÍOMHDHOICIMÉID

An Albáin

Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na hAlbáine maidir le daoine a chónaíonn gan údarú a athligean isteach — Dearbhuithe (IO L 124, 17.5.2005, lgh. 22-40)

Cinneadh 2005/809/CE ón gComhairle an 7 Samhain 2005 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na hAlbáine maidir le daoine a chónaíonn gan údar a athligean isteach (IO L 304, 23.11.2005, lgh. 14-15)

An Airméin

Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAirméine maidir le daoine a chónaíonn gan údarú a athligean isteach (IO L 289, 31.10.2013, lgh. 13-29)

Cinneadh 2013/629/AE ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAirméine maidir le daoine a chónaíonn gan údar a athligean isteach (IO L 289, 31.10.2013, lch. 12)

An Asarbaiseáin

Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAsarbaiseáine maidir le daoine a chónaíonn gan údarú a athligean isteach (IO L 128, 30.4.2014, lgh. 17-42)

Cinneadh 2014/239/AE ón gComhairle an 14 Aibreán 2014 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAsarbaiseáine maidir le daoine a chónaíonn gan údar a athligean isteach (IO L 128, 30.4.2014, lch. 15-16)

An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin maidir le daoine a chónaíonn gan údarú a athligean isteach — Dearbhuithe Comhpháirteacha (IO L 334, 19.12.2007, lgh. 66-83)

Cinneadh 2007/820/CE ón gComhairle an 8 Samhain 2007 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin maidir le daoine a chónaíonn gan údar a athligean isteach (IO L 334, 19.12.2007, lch. 65)

Cape Verde

Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Cabo Verde maidir le daoine a chónaíonn gan údarú a athligean isteach (IO L 282, 24.10.2013, lgh. 15-34)

Cinneadh 2013/522/AE ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Cabo Verde maidir le daoine a chónaíonn gan údar a athligean isteach (IO L 282, 24.10.2013, lch. 13-14)

An tSeoirsia

Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia maidir le daoine a chónaíonn gan údarú a athligean isteach (IO L 52, 25.2.2011, lgh. 47-65)

Cinneadh 2011/118/AE ón gComhairle an 18 Eanáir 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia maidir le daoine a chónaíonn gan údar a athligean isteach (IO L 52, 25.2.2011, lch. 45-46)

Hong Cong

Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Shainréigiún Riaracháin Hong Cong, Daonphoblacht na Síne maidir le daoine a chónaíonn gan údarú a athligean isteach (IO L 17, 24.1.2004, lgh. 25-39)

Cinneadh 2004/80/CE ón gComhairle an 17 Nollaig 2003 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Shainréigiún Riaracháin Hong Cong, Daonphoblacht na Síne maidir le daoine a chónaíonn gan údar a athligean isteach (IO L 17, 24.1.2004, lgh. 23-24)

Macao

Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Sainréigiún Riaracháin Macao, Daon-Phoblacht na Síne maidir le daoine a chónaíonn gan údarú a athligean isteach (IO L 143, 30.4.2004, lgh. 99-115)

Cinneadh 2004/424/CE ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Sainréigiún Riaracháin Macao, Daonphoblacht na Síne maidir le daoine a chónaíonn gan údar a athligean isteach (IO L 143, 30.4.2004, lgh. 97-98)

An Mholdóiv

Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na Moldóive maidir le daoine a chónaíonn gan údarú a athligean isteach — Dearbhuithe (IO L 334, 19.12.2007, lgh. 149-167)

Cinneadh 2007/826/CE ón gComhairle an 22 Samhain 2007 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na Moldóive maidir le daoine a chónaíonn gan údar a athligean isteach (IO L 334, 19.12.2007, lch. 148)

Montainéagró

Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Mhontainéagró maidir le daoine a chónaíonn gan údarú a athligean isteach — Dearbhuithe Comhpháirteacha (IO L 334, 19.12.2007, lgh. 26-44)

Cinneadh 2007/818/CE ón gComhairle an 8 Samhain 2007 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Mhontainéagró maidir le daoine a chónaíonn gan údar a athligean isteach (IO L 334, 19.12.2007, lch. 25)

An Mhacadóin Thuaidh

Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine maidir le daoine a chónaíonn gan údarú a athligean isteach — Dearbhuithe Comhpháirteacha (IO L 334, 19.12.2007, lgh. 7-24)

Cinneadh 2007/817/CE ón gComhairle an 8 Samhain 2007 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine maidir le daoine a chónaíonn gan údar a athligean isteach (IO L 334, 19.12.2007, lch. 1-2)

An Phacastáin

Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Pacastáine maidir le daoine a chónaíonn gan údarú a athligean isteach (IO L 287, 4.11.2010, lgh. 52-67)

Cinneadh 2010/649/AE ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2010 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Pacastáine maidir le daoine a chónaíonn gan údar a athligean isteach (IO L 287, 4.11.2010, lch. 50-51)

An Rúis

Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus an Cónaidhm na Rúise maidir le hathligean isteach — Dearbhuithe Comhpháirteacha (IO L 129, 17.5.2007, lgh. 40-60)

Cinneadh 2007/341/CE ón gComhairle an 19 Aibreán 2007 maidir le tabhair i gcrích an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na Rúise maidir le hathligean isteach (IO L 129, 17.5.2007, lgh. 38-39)

An tSeirbia

Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na Seirbia maidir le daoine a chónaíonn gan údarú a athiontráil (IO L 334, 19.12.2007, lgh. 46-64)

Cinneadh 2007/819/CE ón gComhairle an 8 Samhain 2007 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na Seirbia maidir le daoine a chónaíonn gan údar a athligean isteach (IO L 334, 19.12.2007, lch. 45)

Srí Lanca

Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Dhaonlathach Shóisialach Shrí Lanca maidir le daoine a chónaíonn gan údarú a athligean isteach — Dearbhuithe (IO L 124, 17.5.2005, lgh. 43-60)

Cinneadh 2005/372/CE ón gComhairle an 3 Márta 2005 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Dhaonlathach Shóisialach Shrí Lanca maidir le daoine a chónaíonn gan údar a athligean isteach (IO L 124, 17.5.2005, lgh. 41-42)

An Tuirc

Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Tuirce maidir le daoine a chónaíonn gan údarú a athligean isteach (IO L 134, 7.5.2014, lgh. 3-27)

Cinneadh 2014/252/AE ón gComhairle an 14 Aibreán 2014 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Tuirce maidir le daoine a chónaíonn gan údar a athligean isteach (IO L 134, 7.5.2014, lch. 1-2)

An Úcráin

Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin agus maidir le daoine a athligean isteach — Iarscríbhinní — Dearbhú — Dearbhuithe Comhpháirteacha (IO L 332, 18.12.2007, lgh. 48-65)

Cinneadh 2007/839/CE ón gComhairle an 29 Samhain 2007 maidir le tabhair i gcrích an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin maidir le daoine a athligean isteach (IO L 332, 18.12.2007, lgh. 46-47)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Prótacal (Uimh. 21) maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca le réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais (IO L 202, 7.6.2016, lgh. 295-297)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Prótacal (Uimh. 22) maidir le seasamh na Danmhairge (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 298-302)

Faisnéis maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Tuirce maidir le daoine a chónaíonn gan údar a athligean isteach (IO L 267, 6.9.2014, lch. 1)

Faisnéis maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Cabo Verde maidir le daoine a chónaíonn gan údar a athligean isteach (IO L 321, 7.11.2014, lch. 1)

Faisnéis maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAsarbaiseáine maidir le daoine a chónaíonn gan údar a athligean isteach (IO L 215, 21.7.2014, lch. 1)

Faisnéis maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAirméine maidir le daoine a chónaíonn gan údar a athligean isteach (IO L 334, 13.12.2013, lch. 1)

Faisnéis maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Phacastáin maidir le daoine a chónaíonn gan údar a athligean isteach (IO L 124, 13.5.2011, lch. 1)

Faisnéis maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia maidir le daoine a chónaíonn gan údar a athligean isteach (IO L 44, 18.2.2011, lch. 1)

Faisnéis maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na Moldóive maidir le daoine a chónaíonn gan údar a athligean isteach (IO L 24, 29.1.2008, lch. 51)

Faisnéis maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Mhontainéagró maidir le daoine a chónaíonn gan údar a athligean isteach (IO L 24, 29.1.2008, lch. 51)

Faisnéis maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine maidir le daoine a chónaíonn gan údar a athligean isteach (IO L 24, 29.1.2008, lch. 51)

Faisnéis maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na Seirbia maidir le daoine a chónaíonn gan údar a athligean isteach (IO L 24, 29.1.2008, lch. 51)

Faisnéis maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin maidir le daoine a athligean isteach (IO L 24, 29.1.2008, lch. 52)

Faisnéis maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin maidir le daoine a chónaíonn gan údar a athligean isteach (IO L 24, 29.1.2008, lch. 52)

Faisnéis maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na hAlbáine maidir le heisiúint víosaí a éascú (IO L 24, 29.1.2008, lch. 52)

Faisnéis maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na Rúise maidir le daoine a chónaíonn gan údar a athligean isteach (IO L 156, 16.6.2007, lch. 37)

Faisnéis maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Dhaonlathach Shóisialach Shrí Lanca maidir le daoine a chónaíonn gan údar a athligean isteach (IO L 138, 1.6.2005, lch. 17)

Faisnéis maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Sainréigiún Riaracháin Macao, Daonphoblacht na Síne maidir le daoine a chónaíonn gan údar a athligean isteach (IO L 258, 5.8.2004, lgh. 17)

Faisnéis maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Shainréigiún Riaracháin Hong Cong, Daonphoblacht na Síne maidir le daoine a chónaíonn gan údar a athligean isteach (IO L 64, 2.3.2004, lgh. 38)

Nuashonraithe 12.07.2019

Top