EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhar idir tíortha AE maidir le fáltais ó choireacht a aisghabháil

ACHOIMRE AR:

Chinneadh 2007/845/CGB ón gComhairle maidir le comhar idir Oifigí thíortha an Aontais Eorpaigh um Aisghabháil Sócmhainní i ndáil le fáltais ó choireacht, nó aon mhaoin eile a bhaineann le coireacht, a rianú agus a aithint

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA CHINNEADH?

Leagtar amach ceanglais chun Oifigí um Aisghabháil Sócmhainní (OASanna) náisiúnta a bhunú i dtíortha an Aontais Eorpaigh (AE).

PRÍOMHPHOINTÍ

Is é cuspóir na OASanna éascaíocht a dhéanamh ar rianú agus aithint fáltas ó choireacht, fáltais a bhféadfar ordú calctha, urghabhála nó coigistíochta a chur i bhfeidhm orthu mar chuid d’iniúchadh coiriúil nó sibhialta.

Bíonn ar thíortha AE OAS amháin ar a laghad (nó dhá OAS ar a mhéad) a chur ar bun nó a aithint ina gcríoch. Tá dualgas ar OASanna chun faisnéis a mhalartú lena chéile, beag beann ar a stádas (forghníomhú an dlí, breithiúnach nó riaracháin).

Is féidir le hOAS, nó le húdarás eile de chuid tír AE a bhfuil freagrachtaí comhchosúla air, iarraidh ar OAS de thír AE eile faisnéis a chur ar fáil mar chuid d’iniúchadh coiriúil nó sibhialta. Ba cheart go mbeadh na sonraí seo a leanas tugtha san iarratas:

  • ábhar an iarratais agus an chúis atá leis;
  • nádúr na n-imeachtaí;
  • an mhaoin ar a ndírítear agus/nó na daoine nádúrtha nó dlíthiúla (daoine nó cuideachtaí) a mheastar a bheith i gceist.

Má mheastar in OAS go bhfuil gá le faisnéis áirithe chun tascanna OAS i dtír AE eile a chur i gcrích, féadfar an fhaisnéis sin a mhalartú go deonach agus gan iarratas a bheith faighte.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHM AN CHINNIDH?

Cuireadh an cinneadh i bhfeidhm an 18 Nollaig 2007.

CÚLRA

I ndiaidh an Chinneadh Réime, sheol an Coimisiún Eorpach ardán neamhfhoirmiúil chun comhar AE a fheabhsú agus chun malartú faisnéise agus dea-chleachtais a chomhordú.

  • Fuarthas i dtuarascáil 2011 ón gCoimisiún, cé gur uirlis éifeachtach iad na OASanna chun díriú ar airgead na gcoirpeach, go raibh fadhbanna coitianta ag na hoifigí, go háirithe maidir lena gcumas chun faisnéis ábhartha airgeadais a rochtain.
  • In 2014, glacadh le Treoir 2014/42/AE lena mbunaítear íosrialacha AE i ndáil le maoin a chalcadh agus b’fhéidir a choigistiú ina dhiaidh sin, agus le maoin a choigistiú, in ábhair choiriúla. Bhí ar thíortha AE an treoir a ionchorprú ina ndlí náisiúnta faoin 4 Deireadh Fómhair 2015.
  • Féach “Coigistiú agus aisghabháil sócmhainní” ar láithreán gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh chun tuilleadh faisnéise a fháil.

GNÍOMH

Cinneadh 2007/845/CGB ón gComhairle an 6 Nollaig 2007 maidir le comhar idir Oifigí um Aisghabháil Sócmhainní na mBallstát i ndáil le fáltais ó choireacht, nó aon mhaoin eile a bhaineann le coireacht, a rianú agus a aithint (IO L 332, 18.12.2007, lgh. 103-105)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Treoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le hionstraimeachtaí agus fáltais ó choireacht san Aontas Eorpach a chalcadh agus a choigistiú (IO L 127, 29.4.2014, lgh. 39-50). Ionchorpraíodh sa bhuntéacs ceartúcháin ar Threoir 2014/42/AE. Is chun críocha doiciméadúcháin amháin an leagan comhdhlúite seo.

Cinneadh Réime 2003/577/CGB ón gComhairle an 22 Iúil 2003 maidir le horduithe chun maoin nó fianaise a chalcadh a chur i gcrích san Aontas Eorpach (IO L 196, 2.8.2003, lgh. 45-55). Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh Réime 2006/783/CGB ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2006 maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh d’orduithe coigistíochta a chur i bhfeidhm (IO L 328, 24.11.2006, lgh. 59-78). Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 25.04.2016

Top