EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Trádáil i dtáirgí ainmhithe idir tíortha AE — seiceálacha tréidliachta

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 89/662/CEE — seiceálacha tréidliachta i dtrádáil laistigh den Aontas Eorpach

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Leagtar amach inti rialacha do thíortha an Aontais Eorpaigh (AE) i ndáil le seiceálacha tréidliachta ar tháirgí ainmhithe a allmhairítear chuig AE agus a thrádáiltear idir tíortha AE.
  • Is é an aidhm dheiridh go ndéanfar seiceálacha dá leithéid sa tír sheolta seachas ag teorainneacha inmheánacha AE nó ag an gceann scríbe.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ní mór do thíortha AE a chinntiú go ndearnadh táirgí ainmhithe atá beartaithe lena ndíol a sheiceáil agus a lipéadú de réir rialacha AE maidir leis an gceann scríbe lena mbaineann agus go bhfuil deimhniú sláinte cuí ag dul leo.

Sa chás go bhfuil na táirgí beartaithe lena n-onnmhairiú chuig tír neamh-AE, ní mór an oibríocht iompair a choinneáil faoi mhaoirseacht chustaim go dtí an pointe imeachta ó chríoch AE.

Ní mór do thíortha AE a chinntiú go ndéantar na bearta seo a leanas le linn seiceálacha ar allmhairí ó thíortha neamh-AE ag críochfoirt, aerfoirt agus poist teorann:

  • seiceáil doiciméadúcháin ar thionscnamh na dtáirgí;
  • go gcuirtear na táirgí chuig post cigireachta faoi mhaoirseacht chustaim le haghaidh seiceálacha tréidliachta.

Seiceálacha ag an tionscnamh

Ní mór do gach tír sheolta a chinntiú go gcloíonn gach oibreoir le ceanglais tréidliachta ag céimeanna uile táirgthe, stórála, margaíochta agus iompair na dtáirgí.

Lena chois sin, gearrfaidh tír thionscnamh AE pionós as sárú ar bith, go háirithe sa chás go bhfaightear nach gcomhfhreagraíonn na doiciméid le riocht iarbhír na dtáirgí nó nach gcloíonn na táirgí leis na rialacha sláinte.

Seiceálacha ar theacht isteach sa cheann scríbe

  • Ní mór do thír cinn scríbe AE an méid seo a leanas a dhéanamh:
    • spotsceicéalacha nó samplaí a ghlacadh lena fhíorú gur cloíodh leis na ceanglais tréidliachta;
    • seiceálacha le linn iompair nó sa chríoch cinn scríbe sa chás go meastar go ndearnadh sárú.
  • Féadfaidh tír cinn scríbe AE a éileamh go gcuirfidh díoltóir na tíre tionscnaimh rialacha náisiúnta na tíre cinn scríbe i bhfeidhm. Tá na rialacha nach mór don díoltóir cloí leo leagtha amach, faoina gcaithfidh siad nósanna imeachta maidir le táirgí ó thíortha neamh-AE a sheiceáil ag pointí iontrála in AE. Tá na rialacha leagtha amach chomh maith sa chás go nochtar mírialtacht nó bagairt thromchúiseach ar shláinte ainmhithe nó an duine.
  • In éineacht le Treoir 91/496/CEE ón gComhairle, cumhdaítear bearta sa treoir seo a bheidh le glacadh má tharlaíonn galar ar bith is féidir a tharchur chuig daoine ó ainmhithe, nó ceisteanna ar bith eile a d’fhéadfadh bheith ina mbagairt thromchúiseach do shláinte ainmhithe nó an duine. I dtrádáil laistigh den Aontas Eorpach, tá an fhreagracht as na bearta sin faoi thír cinn scríbe AE go príomha.
  • Maidir le táirgí ainmhithe ó thíortha neamh-AE, féadfaidh an Coimisiún Eorpach, mar réamhchúram sa chás go bhfuil riosca tromchúiseach do shláinte ainmhithe nó don tsláinte phoiblí i gceist, cosc a chur ar allmhairí nó coinníollacha speisialta a fhorchur.
  • Leasaítear na nósanna imeachta ag poist chigireachta teorann le Treoir 91/496/CEE chomh maith. Ceanglaítear inti chomh maith ar an gCoimisiún córas próiseála sonraí ríomhairithe a thabhairt isteach lena nascfar na seirbhísí cigireachta teorann lena údaráis tréidliachta féin.
  • Le Treoir 92/67/CEE leasaítear na rialacha maidir le trádáil laistigh den Aontas Eorpach d'fhonn an margadh inmheánach a chomhlánú.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Cuireadh i bhfeidhm í an 22 Nollaig 1989. Bhí sí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 1 Iúil 1992, ach amháin an Ghréig a raibh sé sin le déanamh aici faoin 31 Nollaig 1992.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 89/662/CEE ón gComhairle an 11 Nollaig 1989 maidir le seiceálacha tréidliachta i dtrádáil laistigh den Chomhphobal d'fhonn an margadh inmheánach a chomhlánú (IO L 395, 30.12.1989, lgh. 13-22)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 89/662/CEE a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 12.09.2016

Top