EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Dleachtanna ar allmhairí amhail airm ar leith agus trealamh míleata á gcur ar fionraí

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 150/2003 maidir le dleachtanna ar allmhairí amhail airm ar leith agus trealamh míleata á gcur ar fionraí

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Is é is aidhm leis an rialachán ná dleachtanna ar allmhairí amhail airm ar leith agus trealamh míleata a chur ar fionraí chun ceadú d’údaráis AE atá i gceannas ar chosaint an t-ábhar míleata is fearr atá ar fáil ar domhan a sholáthar.

Is infheidhme é i gcás earraí a dhéantar a allmhairiú ag údaráis chosanta i dtíortha AE nó thar a gceann.

PRÍOMHPHOINTÍ

Dleachtanna á gcur ar fionraí

Cuireann an rialachán dleachtanna maidir le comhtharaif custaim is infheidhme i dtaca le hairm agus ábhair mhíleata ar fionraí ar an gcoinníoll go mbaineann fórsaí armtha thír AE úsáid as na hearraí (nó thar a gceann), mar shampla:

  • i gcosaint chríochach thíortha AE,
  • rannpháirtíocht i síochánaíocht idirnáisiúnta,
  • i misin eile amhail cosaint saoránach AE.

Leagtar amach in Iarscríbhinn I den rialachán liosta earraí atá incháilithe le haghaidh na díolúine sin. Tá ábhar ar bith nach liostaítear sa rialachán agus atá faoi réir dleachtanna custam ina iarscríbhinní, fiú má dhéanann fórsaí armtha thír AE é a allmhairiú.

Earraí lena mbaineann

Is iad na hearraí ar a bhfuil na dleachtanna ar fionraí ná airm agus armlón, lena n–áirítear comhpháirteanna agus gabhálais, triathgháis ar leith, pléascaigh, maidhmitheoirí, ábhair fótagrafaíochta agus táirgí ceimiceacha ar leith.

Beidh feidhm ag an rialachán maidir le dleachtanna custam á gcur ar fionraí maidir le páirteanna, comhpháirteanna agus fochóimeálacha atá le corpú sna hearraí nó le feistiú ar na hearraí sna hiarscríbhinní nó atá riachtanach le haghaidh oiliúna nó tástála.

Cuideachtaí príobháideacha

Beidh cuideachtaí príobháideacha atá bunaithe san AE in ann na hearraí saor ó dhleacht a allmhairiú sa chás amháin gurb iad a dhéanann an trealamh míleata ábhartha a mhonarú, agus gurb iad a sholáthraíonn táirgí deiridh chuig na húdaráis atá i gceannas ar chosaint sna tíortha AE. Tá gach aon úsáid eile faoi dhliteanas dleachtanna custam.

NÓSANNA IMEACHTA AGUS RIALUITHE

Deimhniú

Ní mór an t–iarratas ar thaifeadadh le haghaidh saorchúrsaíocht na n–earraí sin a bheith faoi réir deimhnithe arna eisiúint ag údarás inniúil na tíre AE a bhfuil na hearraí beartaithe dá gcuid fórsaí armtha.

Déanta múnla an deimhnithe seo á atáirgeadh in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an rialachán. Tá sé le cur faoi bhráid údarás custam na tíre allmhairithe AE leis na hearraí dá dtagraíonn sé.

Rúndacht mhíleata

Le rúndacht mhíleata a áirithiú, tá nós imeachta riaracháin ar leith ann chun cúraimí curtha ar fionraí a dheonú: féadfaidh go n–eiseoidh na húdaráis atá freagrach as an gcosaint náisiúnta an deimhniú a eisiúint in áit na ngnáthsheirbhísí custaim. Ní mór go dtabharfar fógra do na húdaráis dá réir sin.

Maoirseacht chustaim

Tá na hearraí lena mbaineann faoi réir coinníollacha úsáide deiridh leagtha amach ag Cód Custaim an AE, i.e. déanfar maoirseacht ar a n–úsáid. Tagann maoirseacht chustaim maidir le húsáid dheiridh chun críche 3 bliana tar éis dáta a eisithe le haghaidh saorchúrsaíochta.

Ní mór don údarás inniúil a eisíonn an deimhniú nó a úsáideann na hearraí fógra a thabhairt d’údaráis chustaim a thíre maidir le haon atreorú ar na hearraí ón úsáid atá sainithe sa rialachán.

Malartú Faisnéise

Ní mór do thíortha AE ainmneacha na daoine atá údaraithe chun an deimhniú a eisiúint. Cuirfidh an Coimisiún Eorpach an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig údaráis chustaim na dtíortha AE eile.

Ní mór do thíortha AE a chur in iúl don Choimisiún maidir le cur chun feidhme an rialacháin, agus eolas a chur gach bliain chuig an gCoimisiún maidir le líon na ndeimhnithe a eisíodh, chomh maith le luach iomlán agus ollmheáchan earraí a allmhairítear faoi rialachán.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2003.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 150/2003 ón gComhairle an 21 Eanáir 2003 ag cur dleachtanna ar allmhairí amhail airm ar leith agus trealamh míleata ar fionraí (IO L 25, 30.1.2003, lgh.1-6)

Nuashonraithe 10.11.2017

Top