EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

A áirithiú go n-oibríonn an margadh aonair do thomhaltóirí AE

 

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht (COM(2008) 31 final) — monatóireacht ar thorthaí tomhaltóirí sa mhargadh aonair: scórchlár margaí tomhaltóirí

CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT?

  • Bunaíodh na Scórchláir Tomhaltóirí in 2008, trí bhíthin na teachtaireachta seo.
  • Cuirtear i láthair inti an mhodheolaíocht tosaigh a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar mhargaí tomhaltóirí agus torthaí an chéad scórchláir margaí tomhaltóirí.
  • Tugtar breac-chuntas inti freisin ar bhealaí feabhsúcháin, e.g. trí aicmiú comhchuibhithe a leagan síos maidir le gearán ó thomhaltóirí ar leibhéal AE agus líon na n-earnálacha atá cumhdaithe a mhéadú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cad é an scórchlár margaí tomhaltóirí?

Is uirlis é a cruthaíodh chun monatóireacht a dhéanamh ar mhargaí tomhaltóirí: scórchlár a chuireann ní amháin praghsanna agus sábháilteacht táirgí san áireamh, ach freisin sástacht tomhaltóirí.

Monatóireacht ar mhargaí earraí tomhaltóirí

Tá an próiseas a bhaineann le monatóireacht a dhéanamh ar na margaí earraí tomhaltóirí miondealaithe ina dhá chéim:

  • céim roghnúcháin — na hearnálacha atá ag mífheidhmiú a shainaithint;
  • céim anailíse — na cúiseanna atá leis na mífheidhmeanna sin a shainaithint.

An chéim roghnúcháin

Déantar imscrúdú ar thrí ghné den mhargadh:

  • 1.

    Margaí tomhaltóirí a shainaithint

Déantar anailís ar fheidhmíocht ghinearálta na n-earnálacha difriúla ag baint úsáid as na cúig tháscaire seo a leanas:

  • gearáin ó thomhaltóirí
  • leibhéil praghsanna
  • sástacht tomhaltóirí
  • athruithe ar sholáthraí
  • sábháilteacht táirgí agus seirbhísí.
  • 2.

    Meastóireacht ar chomhtháthú an mhargaidh miondíola aonair

  • Is féidir comhtháthú an mhargaidh miondíola inmheánaigh a thomhas trí láithreacht miondíoltóirí ó thíortha eile, infheistíochtaí díreacha coigríche laistigh den Aontas Eorpach agus trádáil miondíola laistigh den Aontas Eorpach.
  • Cuirtear san áireamh freisin meon na ndaoine a cheannaíonn rudaí in AE agus na fadhbanna a bhíonn acu.
  • 3.

    Tagarmharcáil ar an timpeallacht tomhaltóirí i dtíortha AE

D’fhonn measúnú a dhéanamh ar na timpeallachtaí tomhaltóirí difriúla, déantar imscrúdú ar na gnéithe seo a leanas:

  • forfheidhmiú na reachtaíochta;
  • sásamh, agus peirspictíochtaí tomhaltóirí maidir le sásamh;
  • ról na n-eagraíochtaí tomhaltóirí agus muinín na dtomhaltóirí iontu;
  • an méid cumhachta atá ag an tomhaltóir: go háirithe, leibhéil oideachais, faisnéise, inniúlachta agus feasachta.

An chéim anailíse

Déantar anailís ar roinnt saincheisteanna lena n-áirítear:

  • cumhacht an tomhaltóra;
  • an dochar a déantar do thomhaltóirí;
  • an gaol idir praghsanna allmhairithe agus praghsanna tomhaltóirí;
  • táscairí reachtacha;
  • comhlíonadh reachtaíochta;
  • cáilíocht, agus go háirithe an méid nuálaíochta, sláinte agus an comhshaol;
  • inrochtaineacht agus praghsanna inacmhainne;
  • idir-inoibritheacht, i.e. an cumas atá ag córas nó ag táirge feidhmiú le táirgí eile.

Mionchoigeartú ar an scórchlár tomhaltóirí ó 2008 i leith

Forbraíodh agus foilsíodh dhá chineál scórchlár tomhaltóirí ó 2008.

  • Déanann an Scórchlár Margaí Tomhaltóirí rianú ar fheidhmíocht os cionn 40 margadh tomhaltóirí bunaithe ar phríomhtháscairí amhail muinín go gcloíonn díoltóirí le:
    • rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí;
    • inchomparáideacht tairiscintí;
    • an rogha atá ar fáil sa mhargadh;
    • a mhéid a fhreastalaítear ar ionchais tomhaltóirí; agus
    • an díobháil a tharlaíonn de dhroim fadhbanna a bhíonn ag tomhaltóirí.
  • Déantar monatóireacht agus anailís ar tháscairí eile freisin sa scórchlár seo, amhail aistriú agus praghsanna .
  • Déanann Scórchlár Dhálaí na dTomhaltóirí monatóireacht ar dhálaí náisiúnta do thomhaltóirí i dtrí réimse:
    • eolas agus iontaoibh;
    • comhlíonadh agus forfheidhmiú; agus
    • gearáin agus réiteach díospóide.
  • Déanann an scórchlár imscrúdú ar dhul chun cinn maidir le comhtháthú mhargadh miondíola AE.
  • Ó 2013 i leith, foilsítear an dá scórchlár gach ré bliain.
  • Rinneadh athbhreithniú modheolaíochta grinn ar na scórchláir tomhaltóirí in 2013-2015 i gcomhar leis an Airmheán Comhpháirteach Taighde. Rinneadh athruithe ar an modheolaíocht a dearadh de bharr an athbhreithnithe.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Teachtaireacht ón gCoimisiún — Monatóireacht a dhéanamh ar thorthaí tomhaltóirí sa mhargadh aonair: an scórchlár margaí tomhaltóirí (COM(2008) 31 final, 29.1.2008)

Nuashonraithe 23.01.2017

Top