EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Rochtain ar chomhad an Choimisiúin Eorpaigh i gcásanna cumaisc agus i gcásanna in aghaidh trustaí

 

ACHOIMRE AR:

Fógra ón gCoimisiún maidir leis na rialacha maidir le rochtain ar chomhad an Choimisiúin i gcásanna cumaisc agus i gcásanna in aghaidh trustaí

CAD IS AIDHM LEIS AN BHFÓGRA ÓN GCOIMISIÚN?

Tá rialacha ann maidir le rochtain ar chomhad an Choimisiúin Eorpaigh ag páirtithe atá rannpháirteach i gcásanna cumaisc agus i gcásanna in aghaidh trustaí. Tá sé mar aidhm leis an bhfógra trédhearcacht nósanna imeachta iomaíochta a fheabhsú agus cuirtear béim leis ar thiomantas an Choimisiúin don phróis chuí agus do chearta cosanta na bpáirtithe.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá sé ceaptha leis an rochtain ar an gcomhad feidhmiú éifeachtach na gceart cosanta a éascú i gcoinne aon agóidí ón gCoimisiún i gcásanna a tionscnaíodh faoi Airteagal 101 agus Airteagal 102 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gcásanna faoin Rialachán um Chumaisc, ina gclúdaítear an nós imeachta chun oibríochtaí áirithe cumaisc a rialú idir cuideachtaí.

Le hAirteagal 101 (sean-Airteagal 81 den Chonradh CE) toirmisctear comhaontuithe idir gnóthais agus comhlachais gnóthas lena gcuirtear srian ar iomaíocht, amhail socrú praghsanna nó páirtiú i margadh. Le hAirteagal 102 (sean-Airteagal 82 den Chonradh CE) toirmisctear gnólachtaí ar dhrochúsáid a bhaint as ceannasacht sa mhargadh, mar shampla trí praghsanna éagóracha a ghearradh, táirgeadh a theorannú, nó diúltú a bheith nuálach.

Cé atá i dteideal rochtain a fháil ar an gcomhad?

Tugtar rochtain ar an gcomhad, arna iarraidh sin, do na daoine, do na gnóthais nó do na comhlachais ghnóthas ar dhírigh an Coimisiún ar agóidí orthu. Soiléirítear san fhógra cé aige nó aici a bhfuil an ceart chun rochtain ar an gcomhad a iarraidh agus cad iad na cúinsí faoina bhfuil an ceart sin aige nó aici. Daoine, gnóthais nó comhlachais gnóthas a fhaigheann Ráiteas Agóidí* tá an ceart aige nó aici an fhianaise go léir a fheiceáil, cibé an bhfuil sí coiritheach nó an saortar ó mhilleán léi, i gcomhad imscrúdaithe an Choimisiúin.

Aithnítear san fhógra ceart ar leith, lena dtugtar rochtain theoranta ar dhoiciméid faoi leith ar an gcomhad chuig gearánaithe i gcásanna in aghaidh trustaí agus páirtithe bainteacha eile i gcásanna cumaisc. Déileáiltear leis na cearta sin ar leithligh ós rud é go bhfuil a raon feidhme, a gcineál agus a n–uainiú difriúil ón gceart rochtana ar an gcomhad a thugtar do dhaoine a sheolann Ráiteas Agóidí.

Tá an ceart rochtana ar an gcomhad i gcásanna iomaíochta éagsúil ón gceart rochtana ginearálta ar dhoiciméid faoi Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001. Bunaíodh an ceart rochtana ar dhoiciméid chun críche éagsúla agus tá sé faoi réir rialacha difriúla.

Doiciméid inrochtana agus dhorochtana

Áirítear i gComhad an Choimisiúin gach doiciméad atá mar chuid den nós imeachta sonrach ar a bhfuil an Ráiteas Agóidí bunaithe. Aithnítear leis an bhfógra na cineálacha doiciméad atá inrochtana agus na cinn nach bhfuil inrochtana. Níl ach 2 chineál faisnéise nach bhfuil inrochtana:

  • doiciméid inmheánacha, a aithnítear mar dhoiciméid inmheánacha an Choimisiúin agus doiciméid a mhalartaítear idir an Coimisiún agus údaráis phoiblí eile;
  • rúin ghnó agus faisnéis rúnda eile ina bhféadfadh díobháil thromchúiseach a bheith mar thoradh ar a nochtadh do dhuine nó do ghnóthas. Nuair is féidir, tabharfaidh an Coimisiún rochtain ar leaganacha neamh-rúnda den bhunfhaisnéis.

Freagrachtaí na bpáirtithe a chuireann faisnéis isteach

Chun cosaint rúin ghnó agus faisnéise rúnda eile a áirithiú, ní mór d’aon duine a chuireann faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin:

  • aon ábhar a mheasann siad a bheith rúnda a chur in iúl go soiléir;
  • leagan neamhrúnda ar leithligh a sholáthar;
  • in imeachtaí in aghaidh trustaí, tabhair cur síos achomair ar gach píosa faisnéise scriosta.

Éilimh rúndachta

Déantar cur síos san fhógra ar na critéir a úsáideann an Coimisiún chun measúnú a dhéanamh ar éilimh rúndachta. Tuartar leis freisin go mbeidh an gá le ceart cosanta a chosaint níos tábhachtaí ná an imní atá ann maidir le faisnéis rúnda a chosaint.

Dearbhaítear leis gur féidir leis an gCoimisiún rochtain a thabhairt i bhfoirm leictreonach nó i bhfoirm páipéir.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Ráiteas agóidí: míniú an Choimisiúin ar a réamhthuairim go bhféadfaí gur bhris seolaithe rialacha iomaíochta.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Fógra ón gCoimisiún ar na rialacha maidir le rochtain ar chomhad an Choimisiúin i gcásanna de bhun Airteagal 81 agus Airteagal 82 de Chonradh CE, Airteagal 53, Airteagal 54 agus Airteagal 57 de Chomhaontú LEE agus Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 (IO C 325, 22.12.2005, lgh. 7-15)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VII — Rialacha comhchoiteanna maidir le hiomaíocht, cánachas agus comhfhogasú dlíthe — Caibidil 1 — Rialacha iomaíochta — Alt 1 — Rialacha a bhaineann le gnóthais — Airteagal 101 (sean-Airteagal 81 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 88-89)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VII — Rialacha comhchoiteanna maidir le hiomaíocht, cánachas agus comhfhogasú dlíthe — Caibidil 1 — Rialacha iomaíochta — Alt 1 — Rialacha a bhaineann le gnóthais — Airteagal 102 (sean-Airteagal 82 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 89)

Rialachán (CE) Uimh. 802/2004 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2004 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (IO L 133, 30.4.2004, lgh. 1-39)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh 802/2004 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán CE um Chumaisc) (IO L 24, 29.1.2004, lgh. 1-22)

Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lgh. 43-48)

Nuashonraithe 01.04.2019

Top