Comhaontú leis na Stáit Aontaithe maidir le cúnamh dlí frithpháirteach
ACHOIMRE AR:
Comhaontú maidir le cúnamh dlí frithpháirteach idir AE agus na Stáit Aontaithe
Cinneadh 2009/820/CBES maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, na gComhaontuithe maidir le heiseachadadh agus maidir le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe
Cinneadh 2003/516/AE maidir le síniú na gComhaontuithe idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe maidir le cúnamh dlí frithpháirteach in ábhair choiriúla
CAD IS AIDHM LEIS AN GCOMHAONTÚ AGUS LEIS AN GCINNEADH?
- Leagtar amach sa chomhaontú na coinníollacha maidir le cúnamh dlí frithpháirteach in ábhair choiriúla a sholáthar idir AE agus na Stáit Aontaithe.
- Féachtar leis le feabhas a chur ar an gcomhar idir tíortha AE agus na Stáit Aontaithe, mar chomhlánú leis na conarthaí déthaobhacha atá tugtha i gcrích idir tíortha AE agus na Stáit Aontaithe.
- Tugtar i gcrích leis an gcinneadh, thar ceann AE, an comhaontú leis na Stáit Aontaithe i ndáil le cúnamh dlí frithpháirteach.
PRÍOMHPHOINTÍ
Cuireann tíortha AE agus na Stáit Aontaithe na coinníollacha a bhaineann leis an gcreat-chomhaontú sin i bhfeidhm maidir lena gconarthaí um chúnamh dlí frithpháirteach. Ceal conartha den sórt sin, gabhann AE agus na Stáit Aontaithe orthu féin a áirithiú go gcuirfear an comhaontú i bhfeidhm.
I gcás nach bhfuil na conarthaí déthaobhacha reatha idir tíortha AE agus na Stáit Aontaithe comhoiriúnach leis an gcomhaontú, ba cheart forlámhas a bheith ag creat AE.
Cúnamh dlí frithpháirteach
- Maidir le faisnéis bhainc, ar iarratas ón tír is iarrthóir, ní mór don tír iarrtha faisnéis a shainaithint agus a chur in iúl go pras maidir leis an méid seo a leanas:
- i gcás go bhfuil cuntas amháin nó níos mó ag duine nádúrtha nó duine dlítheanach, a bhfuiltear in amhras faoi nó fúithi go ndearna sé nó sí cion coiriúil, nó a cúisíodh i gcion cóiriúil;
- daoine aonair nó eintitis dhlíthiúla a cúisíodh i gcion coiriúil nó a bhí bainteach le cion coiriúil;
- faisnéis atá i seilbh institiúid airgeadais neamhbhainc;
- idirbhearta airgeadais nach mbaineann le cuntais bhainc.
- Tarchuireann na húdaráis lárnacha atá freagrach as cúnamh dlí comhpháirteach nó na húdaráis náisiúnta atá freagrach as cionta coiriúla a imscrúdú nó a ionchúiseamh iarratais ar chúnamh ó thíortha AE. Tarchuireann na Stáit Aontaithe a iarratais ar chúnamh trína údaráis náisiúnta atá freagrach as cionta coiriúla a imscrúdú agus a ionchúiseamh agus a ainmnítear go sonrach de bhua Airteagal 15(2) den chomhaontú.
- Féadfaidh an tír is iarrthóir úsáid a bhaint as modh brostaithe cumarsáide, amhail facs nó ríomhphost, le haghaidh tharchur an iarratais ar chúnamh agus na dteachtaireachtaí gaolmhara, agus dearbhú ina dhiaidh sin má theastaíonn sé ón tír iarrtha.
- Féadfaidh an tír is iarrthóir a iarraidh ar an tír iarrtha iarratas ar chúnamh agus a ábhair a choinneáil faoi rún. Ní mór d’údarás lárnach na tíre iarrtha an tír is iarrthóir a chur ar an eolas murar féidir leis an iarratas ar chúnamh a chomhlíonadh gan rúndacht a shárú. Ní mór don tír is iarrthóir ansin a chinneadh cibé acu ar cheart an t–iarratas ar chúnamh a chomhlíonadh nó nár cheart.
- Ní mór do AE agus do na Stáit Aontaithe bunú agus oibriú comhfhoirne imscrúdaitheacha a éascú chun imscrúduithe nó ionchúisimh choiriúla idir tír amháin AE nó níos mó agus na Stáit Aontaithe a éascú.
- Ní mór do AE agus do na Stáit Aontaithe físchomhdháil a éascú idir tíortha AE agus na Stáit Aontaithe chomh maith chun fianaisí finnéithe nó saineolaithe a ghlacadh in imeachtaí.
Cúnamh d’údaráis riaracháin
- Ní mór cúnamh dlí frithpháirteach a sholáthar chomh maith d’údaráis náisiúnta agus d’údaráis riaracháin eile, ach nuair a bheidh ionchúiseamh coiriúil nó atreorú chuig údaráis imscrúduithe coiriúla nó ionchúiseamh coiriúil mar thoradh ar an iompar a bheidh á imscrúdú amháin.
- Ní bheidh cúnamh ar fáil i gcomhair ábhar a dtuarann an t–údarás riaracháin nach mbeidh ionchúiseamh nó atreorú, de réir mar is infheidhme, ar siúl ina leith.
- Tá na húdaráis atá freagrach as na hiarratais sin ar chúnamh a tharchur ainmnithe i gcomhréir leis na conarthaí déthaobhacha um chúnamh dlí frithpháirteach idir na tíortha lena mbaineann. I cás nach bhfuil conradh dá leithéid ann, tarchuirtear na hiarratais idir Roinn Dlí agus Cirt na Stáit Aontaithe agus Aire Dlí agus Cirt thír AE nó aire coibhéiseach nach bhfuil freagrach as iarratais ar chúnamh dlí frithpháirteach a tharchur.
- Ní fhéadfar cúnamh a dhiúltú ar fhorais rúndachta bainc.
Cosaint sonraí pearsanta
- Ní fhéadfaidh an tír is iarrthóir úsáid a bhaint as an bhfianaise nó as an bhfaisnéis a tharchuireann an tír iarrtha ach amháin le haghaidh:
- a imscrúduithe agus imeachtaí coiriúla;
- a slándáil phoiblí i gcoinne bagairt thromchúiseach agus láithreach;
- a himeachtaí breithiúnacha nó riaracháin neamhchoiriúla a bhaineann go díreach lena himscrúduithe nó lena himeachtaí coiriúla;
- cuspóirí eile, ar an gcoinníoll gur cuireadh an fhaisnéis nó an fhianaise ar fáil don phobal nó gur thug an tír iarrtha a cead roimh ré.
- Féadfaidh an tír iarrtha coinníollacha breise a fhorchur lena gcuirfear teorainn ar úsáid na faisnéise nó na fianaise i gcás faoi leith mura raibh sí, de bharr easpa na gcoinníollacha sin, ábalta cloí leis an iarratas faoi leith ar chúnamh. I gcás dá leithéid, féadfaidh an tír iarrtha a iarraidh ar an tír is iarrthóir faisnéis a chur ar fáil maidir leis an úsáid a bhaineann sí as an bhfianaise nó as an bhfaisnéis.
- Sa bhreis ar na teorainneacha thuas maidir le húsáid chun sonraí pearsanta agus sonraí eile a chosaint, leis an gcomhaontú idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Eorpach maidir le cosaint faisnéise pearsanta a bhaineann le cosc, imscrúdú, brath, agus ionchúiseamh cionta coiriúla (Brat-Chomhaontú AE-na Stáit Aontaithe) forlíontar, nuair is gá, na cosaintí cosanta sonraí sa chomhaontú.
Athbhreithniú ar an gComhaontú
I gcomhréir le hAirteagal 17 den Chomhaontú, rinne AE agus na Stáit Aontaithe athbhreithniú ar fheidhmiú an chomhaontaithe in 2015-2016. Is é conclúid an athbhreithnithe, i dtéarmaí ginearálta, gur éirigh leis an gComhaontú. Rinneadh moltaí chomh maith mar thoradh ar phróiseas an athbhreithnithe feabhas a chur ar fheidhmiú praiticiúil chaidreamh um chúnamh dlí frithpháirteach AE-na Stáit Aontaithe, lena n–áirítear ar chomhroinnt eolais ar bhealach níos fearr i measc cleachtóirí faoi dhlí agus faoi phróisis a chéile, agus úsáid níos fearr a bhaint as an teicneolaíocht chun tarchur iarratas agus fianaise agus teachtaireachtaí ginearálta a bhrostú.
DÁTA THEACHT I BHFEIDHM
Tháinig an comhaontú i bhfeidhm an 1 Feabhra 2010. Cuireadh chun feidhme i dtíortha AE é le hionstraimí déthaobhacha.
CÚLRA
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉID
Comhaontú maidir le cúnamh dlí frithpháirteach idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe Mheiriceá (IO L 181, 19.7.2003, lgh. 34-42)
Cinneadh 2009/820/CBES ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2009 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe maidir le heiseachadadh idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Chomhaontaithe maidir le cúnamh dlí frithpháirteach idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe Mheiriceá (IO L 291, 7.11.2009, lgh. 40-41)
Cinneadh 2003/516/CE ón gComhairle an 6 Meitheamh 2003 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le heiseachadadh agus cúnamh dlí frithpháirteach in ábhair choiriúla (IO L 181, 19.7.2003, lgh. 25-26)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Comhaontú idir na Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Eorpach maidir le cosaint faisnéise pearsanta a bhaineann le cosc, imscrúdú, brath, agus ionchúiseamh cionta coiriúla (IO L 336, 10.12.2016, lgh. 3-13)
Faisnéis maidir le dáta theacht i bhfeidhm na gComhaontuithe maidir le hEiseachadadh agus maidir le Cúnamh Dlí Frithpháirteach idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá (IO L 323, 10.12.2009, lch. 11)
Nuashonraithe 16.04.2019