EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Oibleagáidí cothabhála

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 4/2009 maidir le dlínse, leis an dlí is infheidhme, le haithint agus forghníomhú cinntí agus le comhar in ábhair a bhaineann le hoibleagáidí cothabhála

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Tugtar isteach leis rialacha maidir le híocaíocht éileamh cothabhála trasteorann a éascú. Eascraíonn éilimh dá leithéid as an oibleagáid cabhrú le baill teaghlaigh agus d’fhéadfadh go n–áireofaí leo, mar shampla, cothabháil a íoctar le leanbh nó le hiarchéile i ndiaidh colscartha.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá feidhm ag an Rialachán maidir le hoibleagáidí cothabhála a eascraíonn as:

  • gaol teaghlaigh;
  • gaol tuismitheora;
  • pósadh nó cleamhnas.

Dlínse

  • Beidh dlínse acu seo a leanas in ábhair a bhaineann le hoibleagáidí cothabhála:
    • cúirt na háite ina mbíonn cónaí de ghnáth ar an gcosantóir nó ar an gcreidiúnaí, nó
    • an chúirt a bhfuil dlínse aici ar stádas duine (colscaradh mar shampla) nó ar fhreagracht tuismitheora, má bhaineann siad sin leis an éileamh cothabhála (ar an gcoinníoll nach bhfuil an dlínse bunaithe ar náisiúntacht duine de na páirtithe).
  • Féadfaidh na páirtithe, faoi choinníollacha áirithe, comhaontú ar chúirt nó ar chúirteanna Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE) ag a bhfuil an dlínse an díospóid a réiteach, mura mbaineann sé le hoibleagáid cothabhála i leith linbhfaoi 18 mbliana d’aois.
  • I gcás go dtagann an cosantóir os comhair na cúirte i mBallstát, beidh dlínse ag an gcúirt sin, mura gcuireann an cosantóir i gcoinne na dlínse sin.
  • Mura bhfuil feidhm ag ceann ar bith de na coinníollacha thuasluaite, féadfar an díospóid a thabhairt os comhair na cúirte i mBallstát a bhfuil an dá pháirtí ina náisiúnaigh de.
  • Mura bhfuil feidhm ag ceann ar bith de na coinníollacha thuas, féadfar an díospóid a thabhairt os comhair na cúirte i mBallstát ag a bhfuil baint leordhóthanach leis an gcás, mura féidir na himeachtaí a thabhairt os comhair na cúirte, le réasún, i dtír ag a bhfuil dlúthbhaint leis an díospóid.
  • Fad is a bheidh cónaí fós ar an gcreidiúnaí sa Bhallstát ina ndearnadh an cinneadh maidir le hoibleagáidí cothabhála, ní ceadmhach don fhéichiúnaí, le heisceachtaí áirithe, imeachtaí a thionscnamh i mBallstát eile chun an cinneadh a athrú. Mar sin féin, féadfaidh an creidiúnaí aontú leis an díospóid a réiteach i gcúirt éigin eile.
  • Má thugtar imeachtaí os comhair na cúirte i mBallstáit éagsúla, imeachtaí maidir leis na páirtithe céanna a bhaineann leis an gcúis caingne chéanna, beidh dlínse ag an gcéad chúirt ina dtionscnaíodh an chaingean.
  • Beag beann ar go bhfuil dlínse ag an gcúirt maidir le substaint, féadfar iarratais ar bhearta sealadacha agus cosanta a chur isteach os comhair cúirte ar bith i mBallstát ar bith.

Cinntí a aithint agus a fhorfheidhmiú

  • Ní mór cinneadh faoi oibleagáidí cothabhála arna ghlacadh i mBallstát amháin a aithint i mBallstát eile gan aon nós imeachta speisialta.
  • Tá gach Ballstát, seachas an Danmhairg, faoi cheangal ag Prótacal na Háige an 23 Samhain 2007 ar an Dlí is Infheidhme maidir le hOibleagáidí Cothabhála.
  • Más rud é gur ghlac Ballstát atá faoi cheangal ag Prótacal na Háige 2007 cinneadh, ní féidir cur i gcoinne aithint an chinnidh. Ní bheidh feidhm leis sin ach amháin má bhí an Ballstát faoi cheangal ag Prótacal na Háige ag tús na n–imeachtaí.
  • I gcás gurb é Ballstát nach bhfuil faoi cheangal ag Prótacal na Háige 2007 a ghlac an cinneadh, is féidir diúltú don chinneadh sin a aithint i gcásanna áirithe agus ní féidir é a fhorghníomhú i mBallstát eile gan deimhniú forghníomhaithe a bheith faighte ina leith sa Bhallstát sin. Baineann sé sin le cásanna inar cuireadh tús leis na himeachtaí cúirte bunaidh sular tháinig an Rialachán maidir le Cothabháil i bhfeidhm (18 Meitheamh 2011) chomh maith, ach ní sula raibh an Ballstát sin faoi cheangal ag Rialachán na Bruiséile I (Rialachán (CE) Uimh. 44/2001).
  • I ngach cás, féadfaidh an chúirt thionscnaimh a dhearbhú gur gá an cinneadh a fhorghníomhú go sealadach. Má dhéanfar an cinneadh a fhorghníomhú i mBallstát eile seachas an Ballstát inar glacadh é ar dtús, rialófar forghníomhú an chinnidh le dlí an Bhallstáit sin.
  • An cinneadh arna ghlacadh i mBallstát, ní féidir athbhreithniú a dhéanamh air ó thaobh substainte de i mBallstát eile ina bhféachtar lena aithint, lena infhorfheidhmitheachta agus lena fhorfheidhmiú.
  • Féadfar saorchúnamh dlí a chur ar fáil i leith iarratas ar oibleagáidí cothabhála a eascraíonn as gaol teaghlaigh, i gcás duine faoi 21 bliain d’aois, ar an gcoinníoll go ndéantar iarratais dá leithéid trí na húdaráis lárnacha .

Údaráis lárnacha

  • Ní mór go gceapfadh gach Ballstát údarás lárnach a bheidh freagrach as cabhair a thabhairt do pháirtithe maidir le cothabháil a leagadh amach agus a aisghabháil. Go sonrach, seolfaidh siad iarratais agus glacfaidh siad le hiarratais a ndéantar foráil dóibh faoin Rialachán agus déanfaidh siad na bearta cuí chun nósanna imeachta riachtanacha a thabhairt isteach nó chun a dtabhairt isteach a éascú.
  • Ní mór na húdaráis lárnacha oibriú as lámha a chéile, comhar a chur chun cinn i measc údaráis inniúla a dtíre agus iarracht a dhéanamh réitigh a fháil ar na deacrachtaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm. Chun seo a dhéanamh , ba cheart dóibh úsáid a bhaint as an nGréasán Breithiúnach Eorpach in ábhair shibhialta agus thráchtála arna bhunú faoi Chinneadh 2001/470/CE.

Forálacha deiridh

Cuirtear an Rialachán seo in ionad na rialacha um oibleagáidí cothabhála i Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 maidir le dlínsí, maidir le haithint agus maidir le forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála. Cuirtear in ionad Rialachán (AE) Uimh. 805/2004 lena mbunaítear ordú forghníomhaithe Eorpach le haghaidh éileamh gan choimhlint é chomh maith, ach amháin le haghaidh orduithe forghníomhaithe Eorpacha maidir le hoibleagáidí cothabhála arna n–eisiúint ag Ballstáit nach bhfuil faoi cheangal ag Prótacal na Háige 2007 (féach an achoimre).

Rialachán leasaitheach

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 4/2009 a leasú 4 huaire:

  • Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1142/2011 leagtar amach iarscríbhinní nua (Iarscríbhinní X agus XI) ina liostaítear údaráis riaracháin agus inniúla na mBallstát;
  • Le Rialachán (AE) Uimh. 517/2013 leasaíodh sraith rialacháin agus cinntí AE, lena n–áirítear Rialachán (CE) Uimh. 4/2009, mar gheall ar aontachas na Cróite le ballraíocht AE;
  • Cuireadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/228 in ionad Iarscríbhinní I go VII chun an méid seo a leanas a chur san áireamh
    • Aontachas na Cróite le ballraíocht AE
    • na hathruithe ar an airgeadra san Eastóin, sa Laitvia agus sa Liotuáin
    • mian na Ríochta Aontaithe páirt a ghlacadh i gcur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 4/2009
    • an gá le tagairtí don Danmhairg a chur in Iarscríbhinní II agus IV mar gheall gur mian léi Rialachán (CE) Uimh. 4/2009 a chur i bhfeidhm i bpáirt
    • leasuithe ar chodanna áirithe d’Iarscríbhinní VI agus VII lena gcur i bhfeidhm a éascú;
  • Cuireadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1937 in ionad Iarscríbhinn X chun athruithe ar na húdaráis riaracháin a chuir an Ríocht Aontaithe agus an Laitvia in iúl don Choimisiún Eorpach a chur san áireamh.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis an rialachán ón 18 Meitheamh 2011 i leith. Tá feidhm aige maidir leis an Danmhairg d’ainneoin a rogha gan a bheith páirteach i limistéar saoirse, slándáil agus ceartais AE.

Dheimhnigh an Danmhairg a rún an rialachán a chur chun feidhme, a mhéid a leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 leis an rialachán, trí dhearbhú bunaithe ar chomhaontú comhthreomhar a tugadh i gcrích leis an gComhphobal Eorpach.

In 2013, dheimhnigh an Danmhairg a rún an gníomh cur chun feidhme (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1142/2011) a chur chun feidhme ina leagtar amach Iarscríbhinní X agus XI de Rialachán (CE) Uimh. 4/2009.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 4/2009 ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 maidir le dlínse, leis an dlí is infheidhme, le haithint agus forghníomhú cinntí agus comhar in ábhair a bhaineann le hoibleagáidí cothabhála (IO L 7, 10.1.2009, lgh.1-79)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 4/2009 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na Danmhairge maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála (IO L 195, 18.7.2013, lch. 1)

Cinneadh 2011/432/AE ón gComhairle an 9 Meitheamh 2011 maidir le faomhadh Choinbhinsiún na Háige den 23 Samhain 2007, ar son an Aontais Eorpaigh, maidir le hAisghabháil Idirnáisiúnta Tacaíocht Leanaí agus Cineálacha Eile de Chothabháil Teaghlaigh (IO L 192, 22.7.2011, lgh. 39-50)

Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh 2011/220/AE ón gComhairle an 31 Márta 2011 maidir le síniú Choinbhinsiún na Háige den 23 Samhain 2007, ar son ar Aontais Eorpaigh, maidir le hAisghabháil Idirnáisiúnta Tacaíocht Leanaí agus Cineálacha Eile de Chothabháil Teaghlaigh (IO L 93, 7.4.2011, lch. 9)

Cinneadh 2009/451/CE ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2009 maidir le cuspóir na Ríochta Aontaithe chun glacadh le Rialachán (CE) Uimh. 4/2009 ón gComhairle maidir le dlínse, leis an dlí is infheidhme, le haithint agus forghníomhú cinntí agus le comhar in ábhair a bhaineann le hoibleagáidí cothabhála (IO L 149, 12.6.2009, lch. 73)

Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na Danmhairge maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála (IO L 149, 12.6.2009, lch. 80)

Cinneadh 2006/325/CE ón gComhairle an 27 Aibreán 2006 maidir leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na Danmhairge a thabhairt i gcrích i ndáil le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála (IO L 120, 5.5.2006, lch. 22)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 22.09.2021

Top