Help Print this page 

Summaries of EU Legislation

Title and reference
Malartú faisnéise ar thaifid choiriúla idir tíortha AE

Summaries of EU legislation: direct access to the main summaries page.
Multilingual display
Text

Malartú faisnéise ar thaifid choiriúla idir tíortha AE

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh Réime 2009/315/JHA —– marlartú faisnéise a baineadh ó thaifid choiriúla idir tíortha AE

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH RÉIMSE?

  • Leagtar amach na prionsabail ghinearálta ann maidir le feidhmiú mhalartú na dtaifead coiriúla idir tíortha AE, le taobh Chinneadh 2009/316/JHA ón gComhairle lenar bunaíodh an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS).
  • Féachtar ann le cosc a chur ar choirpigh ó éalú óna stair trí bhogadh go tír AE eile ón tír inar ciontaíodh iad. Déantar é sin leis trína chinntiú go bhfuil na fhaisnéis maidir lena gciontuithe ar fáil nuair a theastaíonn sé, is cuma cén tír AE a gciontaíodh iad ann.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuspóirí

Is iad na cuspóirí sa chinneadh réime:

  • oibleagáid a leagan síos maidir le tír AE a chiontaíonn náisiúnach thír AE eile faisnéis maidir leis an gciontú sin a tharchur chuig tír a náisiúntachta;
  • sainmhíniú a thabhairt ar oibleagáid na tíre AE ina bhfuil an duine ina náisiúnach chun an fhaisnéis a fuarthas a stóráil maidir le ciontuithe agus na nósanna imeachta atá ag an tír AE sin le cloí leo agus freagairt á tabhairt ar iarratais ar fhaisnéis faoina náisiúnaigh;
  • sraith rialacha a bhunú chun córas ríomhairithe um malartú faisnéise ar chiontuithe a fhorbairt.

Údaráis a Ainmniú

Ní mór do thíortha AE údaráis láir a ainmniú chun na tascanna a bhaineann leis an malartú faisnéise a dhéanamh.

Clár na gciontuithe agus stóráil faisnéise

Ní mór do thír AE a bhfuil an ciontú á dhéanamh inti náisiúntacht (náisiúntachtaí) an duine a ciontaíodh a chlárú agus an tír (na tíortha) AE ina bhfuil sé/sí ina náisiúnach a chur ar an eolas faoi shonraí faoin gciontú, lena n-áirítear:

  • an duine ciontaithe;
  • cineál agus ábhar an chiona; agus
  • an cion ar a raibh an ciontú mar thoradh.

Ní mór don tír AE ina bhfuil an duine ciontaithe ina náisiúnach faisnéis a chuirtear chuici a stóráil chun freagairt a thabhairt ar iarratais ar fhaisnéis maidir le ciontuithe faoina náisiúnaigh. Maidir leis an bhfreagra:

  • ba chóir faisnéis a bheith ann maidir le ciontuithe ar a críoch, i dtíortha AE eile agus i dtíortha nach bhfuil in AE; agus
  • ba chóir é a thabhairt laistigh de 10 lá oibre, nó 20 lá oibre — má tá an t-iarratas déanta ag duine maidir lena dtaifead coiriúil féin.

Malartú faisnéise

  • Is féidir an fhaisnéis a mhalartú chun críocha imeachtaí coiriúla nó chun críocha ar bith eile, m.sh. scagadh réamhfhostaíochta. Cé go bhfuil na freagraí ar iarratais chun críocha imeachtaí coiriúla éigeantach, ba chóir na cinn a dhéantar chun críocha eile a dhéanamh de réir an dlí náisiúnta.
  • Nuair a fhaigheann údarás láir thír AE iarratas ar fhaisnéis ó údarás náisiúnta ábhartha ar bith, is féidir leis dá réir sin faisnéis a iarraidh ó thír AE eile, go háirithe ó thír náisiúntachta an duine lena mbaineann.
  • Nuair a fhaigheann údarás láir thír AE iarratas ó náisiúnach thír AE eile maidir lena dtaifead coiriúil féin, ní mór di faisnéis a iarraidh óna thír/tír náisiúntachta agus iad a chur san áireamh sa deimhniú a eiseofar.

Rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe

Tá an córas curtha i bhfeidhm i bhformhór na dtíortha AE anois. Ar bhonn a chirt arna sholáthar le Prótacal 36 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, chinn an Ríocht Aontaithe a bheith páirteach arís le páirt a ghlacadh in ECRIS ón 1 Nollaig 2014 i leith. Dearbhaíodh é seo i gCinneadh 2014/858/AE ón gCoimisiún.

Cur chun Feidhme

  • Déantar cur síos i dtuarascáil a d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach in 2016 ar chur chun feidhme an chinnidh réime i dtíortha AE. Ar an iomlán, sonraítear inti go ndearnadh dul chun cinn suntasach maidir le faisnéis ar thaifid choiriúla a mhalartú idir tíortha AE.
  • Tá fógra tugtha ag 22 tír don Choimisiún Eorpach maidir leis na bearta atá déanta acu chun an cinneadh réime a chorprú ina ndlí náisiúnta. Déanann na 5 thír as na 6 thír nár thug fógra don Choimisiún faoina mbearta faisnéis ar thaifid choiriúla a mhalartú tír ECRIS.
  • I roinnt cásanna, tá gnéithe áirithe den chinneadh réime nár corpraíodh mar is ceart nó nár corpraíodh go hiomlán sna dlíthe náisiúnta agus sonraíonn an Coimisiún an gá le gníomh práinneach a dhéanamh.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH RÉIME?

Tá sé i bhfeidhm ón 27 Aibreán 2009. Bhí sé le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 27 Aibreán 2012.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh Réime 2009/315/JHA ón gComhairle an 26 Feabhra maidir le heagrú agus ábhar an mhalartaithe faisnéise a baineadh ón taifead coiriúil idir na Ballstáit (IO L 93, 7.4.2009, lgh. 23-32)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh 2009/316/JHA ón gComhairle an 6 Aibreán 2009 maidir le bunú an Chórais Faisnéise Eorpaigh um Thaifid Choiriúla (ECRIS) i gcur chun feidhme Airteagal 11 den Chinneadh Réime 2009/315/JHA (IO L 93, 7.4.2009, lgh. 33-48)

Cinneadh 2014/858/AE ón gComisiún an 1 Nollaig 2014 maidir le fógra ag Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann dá mian páirt a ghlacadh i ngníomhartha de chuid an Aontais sa réimse um chomhar póilíneachta agus um chomhar breithiúnach i gcúrsaí coiriúla a glacadh sular tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm agus nach bhfuil ina gcuid de Schengen acquis (IO L 345, 1.12.2014, lgh. 6-9)

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme Chinneadh Réime 2009/315/JHA ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir le heagrú agus ábhar an mhalartaithe faisnéise a baineadh ón taifead coiriúil idir na Ballstáit (COM(2016) 6 final, 19.1.2016)

Nuashonraithe 10.01.2017

Top