EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn

Bunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn chun comhar idir na Ballstáit sa réimse seo a neartú agus chun cuidiú leo géarchéimeanna a shárú.

ACHT

Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 lena mbunaítear an Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn.

ACHOIMRE

Is gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EASO), a bunaíodh sa bhliain 2011. Is iad seo a leanas feidhmeanna na hoifige:

  • comhar idir na Ballstáit, maidir le cúrsaí tearmainn, a spreagadh;
  • tacú leis na Ballstáit a chuirtear brú faoi leith ar a gcórais tearmainn agus fáiltithe;
  • cur i bhfeidhm an Chomhchóras Eorpach Tearmainn (CEAS) a fheabhsú.

Beidh an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis rannpháirteach san EASO gan mhoill, mar thíortha comhlachaithe, a luaithe is a dhaingnítear comhaontuithe na tíortha sin arna bplé leis an AE.

Comhar idir na Ballstáit, maidir le cúrsaí tearmainn, a thacú

Is é ról an EASO sa réimse seo ná:

  • malartú agus comhthiomsú dea-chleachtas idir na Ballstáit a spreagadh;
  • gníomhaíochtaí a eagrú maidir le bailiú, le hanailísiú agus le hinfhaighteacht eolais i ndáil le tíortha tionscnaimh na ndaoine a chuireann iarratas isteach ar chosaint idirnáisiúnta;
  • athlonnú na ndaoine a fhaigheann cosaint idirnáisiúnta laistigh den Aontas a éascú, más gá;
  • oiliúint a chur ar bun agus a fhorbairt do na baill de ranna riaracháin, de chúirteanna agus de bhinsí, agus de sheirbhísí náisiúnta atá freagrach as cúrsaí tearmainn sna Ballstáit;
  • eolas fóinteach a bhailiú chun na rioscaí a aithint a bhainfeadh le mórphlódú isteach d’iarrthóirí tearmainn agus maidir le hacmhainn fhreagartha na mBallstát lena mbaineann, chun córais réamhrabhaidh a ghníomhachtú agus chun na bearta éigeandála a ullmhú atá ag teastáil chun na brúnna seo a shárú.

Tacaíocht do Bhallstáit a gcuirtear brú faoi leith orthu

Comhordaíonn an EASO cabhair éigeandála do na Ballstáit a chuirtear an-bhrúnna faoi leith ar a n-áiseanna fáiltithe agus ar a gcórais tearmainn, trí bhíthin tacaíochta agus cúnaimh a chur ar fáil dóibh go sealadach.

Go háirithe, imlonnaítear foirne tacaíochtatearmainn sna Ballstáit a iarrann a leithéid de chabhair. Soláthraíonn na foirne seo saineolas maidir le seirbhísí ateangaireachta, eolas faoi thíortha tionscnaimh agus eolas faoi láimhseáil agus faoi bhainistiú chásanna tearmainn.

Nuair a chinneann an EASO foireann tacaíochta tearmainn amháin nó níos mó a imlonnú, dréachtaíonn sé plean oibriúcháin in éineacht leis an Bhallstát iarrthach, chun na nithe seo a leanas a shainiú:

  • an modus operandi agus cuspóirí an imlonnaithe;
  • tréimhse ionchasach an imlonnaithe;
  • an limistéar geografach ina n-imlonnófar na foirne;
  • comhdhéanamh na bhfoirne agus tascanna na mball.

Na Ballstáit a sholáthraíonn na saineolaithe don fhoireann tacaíochta, saineolaithe ar cuid de Ghrúpa Idirghabhála Tearmainn an EASO iad.

An Comhchóras Eorpach Tearmainn (CEAS) a chur i bhfeidhm

Cuireann an EASO le cur i bhfeidhm an CEAS laistigh den Aontas Eorpach agus lasmuigh de chomh maith.

I dtéarmaí dhiminsean inmheánach an CEAS, cuireann an EASO go príomha le:

  • heolas a bhailiú maidir le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta a phróiseáil sna Ballstáit agus maidir le reachtaíocht reatha i ndáil le cúrsaí tearmainn; agus
  • tuarascáil bhliantúil a scríobh maidir le staid an tearmainn san Eoraip agus, más gá, doiciméid theicniúla a ullmhú maidir le hionstraimí tearmainn an AE a chur i bhfeidhm.

I dtéarmaí dhiminsean seachtrach an CEAS, tá an EASO freagrach go háirithe as:

  • malartú eolais agus as gníomhaíochtaí na mBallstát a comhordú a bhaineann le dídeanaithe ó thríú tíortha a imlonnú;
  • comhoibriú le tríú tíortha chun forbairt acmhainní maidir lena n-áiseanna tearmainn agus fáiltithe féin a chur chun cinn agus a chuidiú agus chun cláir cosanta réigiúnacha a chur i bhfeidhm.

Struchtúr agus rialachas an EASO

Tá an Bord Bainistíochta freagrach as beartú agus as faireachán a dhéanamh ar son an EASO. Ar an bhord tá ionadaithe ó Bhallstáit an AE agus ó thíortha comhlachaithe, agus ón Choimisiún Eorpach. Tá ionadaí ann chomh maith ó Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe do Dhídeanaithe (UNHCR).

Ceaptar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ag an Bhord Bainistíochta agus bíonn an duine sin freagrach as an ghníomhaireacht a bhainistiú go laethúil. Ionadaí dlíthiúil an bhoird is ea an stiúrthóir.

San Fhóram Comhairleach téitear i mbun díospóireachta déthaobhaí ar bhonn leanúnach agus malartaítear agus comhthiomsaítear eolas idir an EASO agus an tsochaí shibhialta. Tagann saineolaithe maidir le gnéithe éagsúla an tearmainn le chéile ann chomh maith.

Maoinítear an oifig go príomha trí bhíthin ranníocaíochta atá cláraithe i mbuiséad iomlán an AE agus ranníocaíochtaí ó thíortha comhlachaithe.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (AE) Uimh. 439/2010

18.6.2010

-

IO L 132, 29.5.2010, lch. 11

ACHTANNA GAOLMHARA

Cinneadh 2010/762/AE ó ionadaithe rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, an 25 Feabhra 2010 lena socraítear suíochán na hOifige Eorpaí Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn [Iris Oifigiúil L 324, 9.12.2010, lch. 47].

Bunaítear leis an chinneadh seo suíochán na hOifige Eorpaí Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn i Valetta, Málta.

Cinneadh 2014/185/AE ón gComhairle an 11 Feabhra 2014 maidir le síniú an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise, ar son an Aontais, i ndáil leis na modheolaíochtaí a bhaineann lena rannpháirteachas san Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn [Iris Oifigiúil L 102, 5.4.2014, lch. 1].

Cinneadh 2014/186/AE ón gComhairle an 11 Feabhra 2014 maidir le síniú an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Lichtinstéin, ar son an Aontais, i ndáil leis na modheolaíochtaí a bhaineann lena rannpháirteachas san Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn [Iris Oifigiúil L 102, 5.4.2014, lch. 3].

Cinneadh 2014/194/AE ón gComhairle an 11 Feabhra 2014 maidir le síniú an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne, ar son an Aontais, i ndáil leis na modheolaíochtaí a bhaineann lena rannpháirteachas san Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn [Iris Oifigiúil L 106, 9.4.2014, lch. 2].

Cinneadh 2014/204/AE ón gComhairle an 11 Feabhra 2014 maidir le síniú an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua, ar son an Aontais, i ndáil leis na modheolaíochtaí a bhaineann lena rannpháirteachas san Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn [Iris Oifigiúil L 109, 12.4.2014, lch. 1].

Nuashonrú is déanaí: 22.07.2014

Top