EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Córas AE maidir le haitheantas frithpháirteach – téarmaí príosúnachta agus d’aistriú príosúnach

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 2008/909/JHA – cur i bhfeidhm phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh i ndáil le breithiúnais in abhair chóireála lena bhforchuirtear pianbreitheanna coinneála nó bearta a bhaineann le cailleadh saoirse chun iad a fhorfheidhmiú san Aontas Eopra.

ACHOIMRE

Iarrtar leis an gcinneadh réime seo cur i bhfeidhm phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, trína aontaíonn tíortha an Aontais Eorpaigh (AE) aitheantas a thabhairt do dhlíthe nó do chinntí na dtíortha eile, a leathnú chuig breithiúnais in ábhair choiriúla lena bhforchuirtear pianbhreitheanna príosúnachta.

CÉARD A DHÉANANN AN CINNEADH RÉIME SEO?

Déantar cur síos ann ar an gcaoi a dtugtar aitheantas do bhreithiúnais na dtíortha eile, a bhaineann le hábhair choiriúla, agus a gcuirtear na breithiúnais sin chun feidhme. Déantar iarracht anseo cabhrú le daoine ciontaithe athimeascadh níos fearr sa tsochaí.

Faoin gcinneadh réime seo, cuirtear ar chumas tíortha AE téarma príosúnachta, a forchuireadh ag tír AE eile, a chur i bhfeidhm ar dhuine éigin a bhfuil cónaí air nó uirthi ina chríoch.

Cuirtear córas ar bun ann maidir le príosúnaigh chiontaithe a aistriú chuig tír AE arb é a dtír náisiúntachta (nó ina bhfuil cónaí orthu de ghnáth) nó chuig tír AE eile lena bhfuil dlúthcheangal acu, chun a dtéarma príosúnachta a dhéanamh ann.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá an nós imeachta bunaithe ar na prionsabail seo a leanas:

  • Tarchuirtear breithiúnas lena ngabhann deimhniú go díreach ó údarás inniúil na tíre eisiúna chuig an tír a fhorchuirfidh an breithiúnas.
  • Ní mór toiliú a fháil le haghaidh an aistrithe ón duine ciontaithe. Is féidir an duine sin a aistriú gan toiliú a fháil i ndálaí sonracha, áfach. I ngach cás, ba cheart deis a bheith ag an duine ciontaithe a t(h)uairim a thabhairt más rud é go bhfuil sé nó sí sa tír eisiúna fós.
  • Bíonn ar an tír fhorfheidhmithe bearta a dhéanamh, gan mhoill, chun an phianbhreith a chur i bhfeidhm. Má chuirtear an phianbhreith in oiriúint, ní mór di teacht chomh gar agus is féidir leis an bpianbhreith bhunaidh. Níor cheart di a bheith níos crua ná an phianbhreith bhunaidh riamh.
  • Rialaítear cur i bhfeidhm pianbhreithe le dlí na tíre forfheidhmithe. Déantar amhlaidh le bunús an luathscaoilte nó an scaoilte faoi choinníoll (nuair a bhíonn ar an duine cloí le coinníollacha áirithe, amhail ceantar áirithe a sheachaint).
  • Leagtar amach sa chinneadh liosta de na cionta tromchúiseacha a ngearrtar téarma príosúnachta trí bliana ar a laghad ar dhuine ina leith sa tír eisiúna, a n-aithnítear breithiúnais agus a gcuirtear i bhfeidhm iad ina leith agus nach gá seiceáil an bhfuil ann do choiriúlacht dhúbailte ina leith (.i. nuair a bhíonn coir i gceist faoin dlí sa tír eisiúna agus sa tír fhorfheidhmithe araon).
  • I bhformhór na gcásanna, bíonn ar an tír fhorfheidhmithe cinneadh a dhéanamh laistigh de 90 lá ón mbreithiúnas agus ón deimhniú a fháil faoi cibé an ndéanfar aitheantas a thabhairt don bhreithiúnas agus an ndéanfar an phianbhreith a fhorchur. Áirítear leis an gcinneadh liosta teoranta de na forais inar féidir le tír diúltú do bhreithiúnas a aithint agus do phianbhreith a fhorchur.

Tugtar faoi deara i dtuarascáil na bliana 2014 ón gCoimisiún Eorpach maidir le cur i bhfeidhm na gCinntí Réime 2008/909/CGB, 2008/947/CGB agus 2009/829/CGB nach bhfuil na trí acht sin á gcur i bhfeidhm go sásúil, sin in ainneoin na n-iarrachtaí atá déanta go dtí seo ag tíortha AE áirithe. Iarrtar inti ar thíortha AE nach bhfuil na cinntí curtha i bhfeidhm acu fós, amhlaidh a dhéanamh gan mhoill.

CÉN UAIR A BHEIDH TOSACH FEIDHME AN GCINNIDH RÉIME?

Ón 5 Nollaig 2008 ar aghaidh. Bhí sé le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 5 Nollaig 2011.

CÚLRA

Gach bliain, téitear sa tóir ar na mílte saoránach AE mar gheall ar chionta coiriúla líomhnaithe nó ciontaítear iad i dtíortha AE eile nach a dtír féin é. Is cloch choirnéil an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla in AE é cinntí breithiúnacha a aithint go frithpháirteach.

ACHT

Cinneadh Réime 2008/909/CGB ón gComhairle an 27 Samhain 2008 maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm ar bhreithiúnais in ábhair choiriúla lena bhforchuirtear pianbhreitheanna coimeádta nó bearta príosúnachta chun críocha forfheidhmithe san Aontas Eorpach. (IO L 327, 5.12.2008, lgh. 27–46)

ACHTANNA GAOLMHARA

Cinneadh Réime 2008/947/JHA ón gComhairle an 27 Samhain 2008 maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm ar bhreithiúnais agus ar chinntí promhaidh chun maoirseacht a dhéanamh ar bhearta promhaidh agus ar smachtbhannaí malartacha (IO L 337, 16.12.2008, lgh. 102–122)

Cinneadh Réime 2009/947/JHA ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2009 maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm, idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh, ar chinntiú i ndáil le cinntí maoirseachta mar mhalairt ar athchur faoi choimeád (IO L 294, 11.11.2009, lgh. 20–40)

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis na Cinntí Réime seo a chur i bhfeidhm ag na Ballstáit: Cinntí Réime 2008/909/CGB, 2008/947/CGB agus 2009/829/CGB maidir le haitheantas frithpháirteach do chinntí breithiúnacha i ndáil le pianbhreitheanna coimeádta nó bearta príosúnachta, maidir le cinntí promhaidh agus le smachtbhannaí malartacha agus maidir le bearta maoirseachta mar rogha ar athchur faoi choimeád (COM(2014) 57 final an 5.2.2014)).

Doiciméad Oibre Foirne ón gCoimisiún —“Staid na hoibre” agus na “Ráitis” a ghabhann leis an doiciméad seo a leanas a chur ar bord: Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis na Cinntí Réime seo a chur i bhfeidhm ag na Ballstáit: Cinntí Réime 2008/909/CGB, 2008/947/CGB agus 2009/829/CGB maidir le haitheantas frithpháirteach do chinntí breithiúnacha i ndáil le pianbhreitheanna coimeádta nó bearta príosúnachta, maidir le cinntí promhaidh agus le smachtbhannaí malartacha agus maidir le bearta maoirseachta mar rogha ar athchur faoi choimeád (SWD(2014) 34 final an 5.2.2014).

Rialachán 2014/858/AE ón gComhairle an 1 Nollaig 2014 maidir leis an bhfógra ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, faoina mian páirt a ghlacadh i ngníomhartha an Aontais sa réimse um chomhar póilíneachta agus um chomhar breithiúnach in ábhair choiriúla a glacadh roimh dhul isteach i gConradh Liospón agus nach cuid de Schengen acquis iad (IO L 345, 1.12.2014, lgh. 6–9)

Nuashonraithe 17.10.2015

Top