EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Beartas comhtháithithe — idirphlé le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla

 

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht (COM(2003) 811 final) — idirphlé le comhlachais d’údaráis réigiúnacha agus áitiúla maidir le beartas AE a cheapadh

CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT?

  • Féachtar léi le hidirphlé córasach* a chur ar bhonn foirmiúil idir an Coimisiún Eorpach agus na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha in ullmhú beartas AE nua.
  • Tá an t-idirphlé seo mar bhonn le tábhacht agus stádas na n-údarás áitiúil agus réigiúnach in AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Leis an teachtaireacht seo:

Forbairtí ina dhiaidh sin

  • Sa bhliain 2012, shínigh CoR agus an Coimisiún Eorpach comhaontú comhoibrithe athnuaite (prótacal) lenar cuireadh idirphlé críche chun cinn trí Choiste na Réigiún le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha mar bhealach chun iad a bheith páirteach níos mó i bpróiseas ceaptha beartas AE.
  • Aithnítear sa phrótacal buntáiste na n-ardán agus na líonraí CoR mar phointe rochtana d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha. Cuireann siad ar chumas an Choimisiúin leathnú a dhéanamh ar a anailís ar ghnéithe áitiúla agus réigiúnacha i measúnuithe tionchair de réir mar is gá.
  • Sa bhliain 2015, d’fhoilsigh an Coimisiún a chlár oibre do rialú níos fearr*. Tá sé seo mar bhonn lena chur chuige i dtaca le comhairliúchán oscailte trédhearcach níos fearr maidir le reachtaíocht nua agus reachtaíocht atá ann cheana trí shainghrúpaí, ardán REFIT* agus an bord grinnscrúdaithe rialachais a dhéanann maoirsiú ar mheasúnuithe tionchair. Tá ionadaíocht ag CoR anois ar ardán REFIT.

CÚLRA

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Idirphlé córasach: próiseas chun a áirithiú gur féidir ionchur údaráis áitiúil agus réigiúnaigh a fháil ar feadh an phróisis fhorbartha beartais.

Rialú níos fearr: á áirithiú go bhfuil bearta bunaithe ar fhianaise, deartha go maith agus go seachadtar leo tairbhí inbhraite agus inbhuanaithe do shaoránaigh, do ghnó agus don tsochaí.

ardán REFIT: tionscnamh de chuid an Choimisiúin chun dlí AE a dhéanamh níos simplí agus costais rialála a laghdú, as a dtiocfaidh sraith rialacha soiléire, seasmhacha agus intuartha a thacaíonn le fás agus poist.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Teachtaireacht ón gCoimisiún — Idirphlé le comhlachais d’údaráis réigiúnacha agus áitiúla maidir le beartas AE a cheapadh (COM(2003) 811final, 19.12.2003)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 240/2014 ón gCoimisiún an 7 Eanáir 2014 i dtaca leis an gcód iompair Eorpach ar chomhpháirtíocht i gcreat Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (IO L 74, 14.3.2014, lgh. 1-7)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Rialú níos fearr do thorthaí níos fearr— Clár oibre AE (COM(2015) 215 final, 19.5.2015)

Nuashonraithe 25.10.2016

Top