EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Gnóthú éileamh a bhaineann le cánacha, dleachtanna agus bearta eile

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2010/24/AE lena spreagtar cúnamh frithpháirteach idir tíortha AE chun éilimh a bhaineann le cánacha, dleachtanna agus bearta eile a ghnóthú

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Is é is aidhm léi seachaint cánach a chomhrac trína chinntiú go n-oibríonn tíortha AE go dlúth le chéile (ní mór dóibh cúnamh a sholáthar) maidir le héilimh a bhaineann le cánacha, dleachtanna agus bearta eile a thoibhítear i dtír AE eile a ghnóthú.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Tá feidhm ag an treoir seo maidir le héilimh a bhaineann le:
  • Bhí ag tíortha AE fógra a thabhairt don Choimisiún Eorpach faoina n-údarás náisiúnta inniúil nó faoina n-údaráis náisiúnta inniúla faoin 20 Bealtaine 2010 lena bhfoilsiú in Iris Oifigiúil AE. Ní mór do gach údarás inniúil lároifig idirchaidrimh a ainmniú a bheidh freagrach as teagmhálacha le tíortha eile AE sa réimse seo.

Iarratas ar fhaisnéis

Tá sé de dhualgas ar údarás inniúil faisnéis ábhartha ar bith a chur ar fáil d’údarás inniúil eile a bhaineann leis an údarás is iarratasóir sin maidir lena éilimh a ghnóthú, ach amháin i gcás:

  • nach mbeadh an t-údarás iarrthach ábalta faisnéis den sórt sin a fháil maidir le héilimh chomhchosúla a ghnóthú a bheadh ar siúl ina thír féin;
  • go ndéanfaí rúin tráchtála, thionsclaíocha nó ghairmiúla a nochtadh san fhaisnéis;
  • go gcuirfeadh nochtadh na faisnéise an tslándáil i mbaolgo sáródh sé beartas poiblí na tíre AE iarrthaí.

Iarratas ar fhógra doiciméad

  • Nuair a iarrfar fógra doiciméad a bhaineann le héilimh, ní mór don údarás iarrthach fógra a thabhairt don seoltaí faoi na doiciméid uile a thagann as an tír AE is iarratasóir maidir le héileamh nó lena ghnóthú.
  • Ní mór don fhaisnéis ábhartha a bheith san iarratas ar fhaisnéis, amhail ainm agus seoladh an tseolaí, cuspóir an fhógra, cur síos ar chineál agus ar mhéid an éilimh, agus sonraí teagmhála na n-oifigí atá freagrach as na doiciméid agus as tuilleadh faisnéise a fháil.

Nósanna imeachta gnóthaithe

  • Ní mór nósanna imeachta gnóthaithe cuí ar bith atá ar fáil a chur i bhfeidhm sula ndéanann an t-údarás is iarratasóir iarratas ar ghnóthú, ach amháin i gcás:
    • gur léir nach bhfuil go leor sócmhainní nó nach bhfuil sócmhainní ar bith lena ngnóthú sa tír AE is iarratasóir ach go bhfuil na sócmhainní is gá ag an duine lena mbaineann sa tír AE iarrthach;
    • go mbeadh deacracht dhíréireach mar thoradh air.
  • Ní mór ionstraim aonfhoirmeach lena gceadaítear forghníomhú sa tír AE iarrtach a bheith ag gabháil leis an iarratas ar ghnóthú.
  • Bainfidh an t-údarás inniúil iarrthach feidhm as na cumhachtaí agus as na nósanna imeachta arna soláthar faoi dhlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin na tíre AE iarrthaí maidir le héilimh ar an gcáin nó dleacht chéanna nó ar cháin nó ar dhleacht chomhchosúil. Mura measann an t-údarás iarrthach go bhfuil feidhm ag na cánacha nó na dleachtanna céanna nó ag na cánacha nó na dleachtanna comhchosúla sa tír AE iarrtach, cuirfidh sé na rialacha a bhaineann leis an gcáin a toibhíodh ar ioncam pearsanta i bhfeidhm.

Díospóidí

  • Tá díospóidí a bhaineann leis an éileamh, an ionstraim thosaigh nó aonfhoirmeach lena gceadaítear forghníomhú, agus bailíocht fógra ag an údarás is iarratasóir faoi fhreagracht údarás inniúil na tíre AE iarrthaí. Cuirfear díospóidí a bhaineann le bailíocht fógra a dhéanann údarás inniúil na tíre AE iarrthaí os comhair údarás inniúla na tíre AE sin.
  • Déanfaidh an t-údarás is iarratasóir iarratas ar ghnóthú éilimh faoi dhíospóid. Má éiríonn leis an éileamh, beidh an t-údarás is iarratasóir freagrach as aisíoc an mhéid a gnóthaíodh, chomh maith le cúiteamh ar bith a bheidh dlite.

Leasú nó aistarraingt iarratais ar chúnamh gnóthaithe

Ní mór don údarás is iarratasóir fógra a thabhairt láithreach don údarás iarrthach faoi leasú nó aistarraingt a iarratais ar ghnóthú, agus na cúiseanna lena leasú agus lena aistarraingt a shonrú.

Iarratas ar bhearta réamhchúraim

I gcás go gcuirfí i gcoinne an éilimh nó na hionstraime lena gceadaítear forghníomhú sa tír AE is iarratasóir nuair a dhéanfar an t-éileamh, déanfaidh an t-údarás iarrtach bearta réamhchúraim, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, chun gnóthú a chinntiú nuair a iarrfaidh an t-údarás is iarratasóir é sin.

Teorainneacha le hoiblealgáidí an údaráis iarrthaigh

Ní sé d’oibleagáid ar an údarás iarrthach cúnamh gnóthaithe a dheonú i gcás:

  • go mbeadh deacrachtaí tromchúiseacha eacnamaíocha nó sóisialta sa tír AE iarrtach mar thoradh ar ghnóthú an éilimh;
  • go mbaineann an t-iarratas tosaigh ar chúnamh le héilimh atá níos mó ná 5 bliana d’aois
  • go bhfuil suim iomlán an éilimh níos lú ná EUR 1 500.

Rialacha ginearálta

  • Beidh faisnéis agus doiciméid ar bith a nochtfar faoin treoir seo cumhdaithe faoin oibleagáid um rúndacht oifigiúil agus beidh sé cosanta dá réir sin faoi dhlí náisiúnta iomchuí na tíre AE a fuair é.
  • Leis an treoir seo aisghairtear Treoir 2008/55/CE ón 1 Eanáir 2012. Tuigfear tagairtí don treoir aisghairthe mar thagairtí don treoir seo.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 20 Aibreán 2010. Bhí sí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 31 Nollaig 2011.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2010/24/AE ón gComhairle an 16 Márta 2010 maidir le cúnamh frithpháirteach idir tíortha AE chun éilimh a bhaineann le cánacha, dleachtanna agus bearta eile a ghnóthú (IO L 84, 31.3.2010, lgh. 1-12)

Nuashonraithe 30.10.2017

Top