EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Córas ceadúnaithe le haghaidh allmhairí adhmaid isteach in AE

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 lena mbunaítear scéim cheadúnúcháin FLEGT le haghaidh allmhairí adhmaid

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Dá ngairtear an rialachán maidir le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil i dtaca le foraoisí (FLEGT), áirithítear leis gur adhmad arna lománú go dleathach é an t–adhmad agus na táirgí adhmaid arna n–onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach ag tíortha comhpháirtíochta a shínigh comhaontú comhpháirtíochta saorálaí (VPA) le AE agus a chuireann scéim cheadúnúcháin FLEGT chun feidhme.
  • Comhlánaítear leis Rialachán (AE) Uimh. 995/2010, a bhfuil sé mar aidhm leis cosc a chur ar adhmad arna lománú go neamhdhleathach agus táirgí a dhíorthaítear ó adhmad den sórt sin a chur ar mhargadh an Aontais Eorpaigh.
  • Leasaíodh é le Rialachán (AE) Uimh. 657/2014, Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1387 agus le Rialachán (AE) 2019/1010.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Tá feidhm ag an rialachán seo maidir le hallmhairiú na dtáirgí adhmaid atá liostaithe in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III ó thíortha comhpháirtíochta atá liostaithe in Iarscríbhinn I.
  • Cuirtear ballraíocht i scéim cheadúnúcháin FLEGT i bhfeidhm trí chomhaontuithe comhpháirtíochta (VPAanna) le tíortha táirgthe adhmaid ar mian leo comhaontuithe den sórt sin a shíniú leis an Aontas Eorpach. Sonraítear i gcomhaontú comhpháirtíochta saorálaí an sceideal agus na gealltanais a comhaontaíodh.
  • Ní mór do thíortha onnmhairithe a shíníonn VPA córas fíoraithe a fhorbairt maidir le dlíthiúlacht a dtáirgí adhmaid.
  • Ní mór gach lastas adhmaid ó thíortha VPA a bhfuil scéim cheadúnúcháin oibriúcháin FLEGT acu a bheith clúdaithe ag Ceadúnas FLEGT lena ndeimhnítear comhlíonadh maidir le ceanglais scéim cheadúnúcháin FLEGT. Ní féidir glacadh le lastais adhmaid ar an margadh AE gan ceadúnas FLEGT.
  • I gcás go bhfuil aon amhras faoi bhailíocht cheadúnas FLEGT ag teorainn AE, ní mór d’údaráis inniúla fíorú breise a iarraidh ar an údarás a d’eisigh an ceadúnas (íocann an t–allmhaireoir costais na seiceálacha mura gcinnfidh an tír AE atá i gceist a mhalairt). Má chreideann na húdaráis chustaim go bhfuil an ceadúnas FLEGT neamhbhailí, féadfaidh siad scaoileadh an adhmaid a chur ar fionraí.
  • Ní mór do thíortha AE na smachtbhannaí atá le forchur mar gheall ar shárú an rialacháin seo a chinneadh.

Leasuithe

  • Leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 le Rialachán (AE) Uimh. 657/2014 lena dtugtar an chumhacht don Choimisiúin Eorpaigh gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh.
  • Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1387 leasaítear Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn III, lena sainaithnítear gurb í an Indinéis an chéad tír chomhpháirtíochta a raibh scéim cheadúnúcháin oibriúcháin FLEGT aici agus a d’eisigh ceadúnais FLEGT.
  • Leasaítear le Rialachán (AE) 2019/1010 an rialachán bunaidh maidir leis na tuarascálacha a chaithfidh tíortha AE a ullmhú gach bliain. Faoin rialachán bunaidh, b’éigean dóibh tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin ina léiríodh cainníochtaí na n–allmhairí adhmaid faoi scéim cheadúnúcháin FLEGT, líon na gceadúnas a fuarthas agus líon na gcásanna agus na gcainníochtaí adhmaid agus táirgí adhmaid a allmhairíodh gan ceadúnas FLEGT (i.e. allmhairí toirmiscthe). Ní shonraítear sa rialachán leasaitheach, áfach, cad ba chóir a bheith san áireamh sa tuarascáil atá le cur isteach ag tíortha AE. Éilítear leis freisin ar thíortha AE ní hamháin na tuarascálacha sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin, ach iad a chur ar fáil don phobal freisin.
  • Ceanglaítear le Rialachán (AE) 2019/1010 freisin ar an gCoimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le feidhmiú agus éifeachtacht an rialacháin gach 5 bliana ag tosú in 2021.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 30 Nollaig 2005.

CÚLRA

Moladh córas údaraithe FLEGT den chéad uair in 2003 i bplean gníomhaíochta FLEGT, inar díríodh ar lománaíocht neamhdhleathach a chomhrac agus soláthar agus éileamh an adhmaid dhlíthiúil a fheabhsú. Díríodh ann sé go príomha ar réigiúin shaibhre adhmaid san Afraic Láir, sa Rúis, san Áise Thoir Theas, agus i gcodanna de Mheiriceá Theas.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle an 20 Nollaig 2005 maidir le scéim cheadúnúcháin FLEGT a bhunú i gcás allmhairí adhmaid isteach sa Chomhphobal Eorpach (IO L 347, 30.12.2005, lgh. 1-6)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 a chorprú sa bhuntéacs. Ní de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (AE) 2019/1010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le hailíniú oibleagáidí tuairiscithe i réimse na reachtaíochta a bhaineann leis an gcomhshaol, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 agus Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2002/49/CE, 2004/35/CE, 2007/2/CE, 2009/147/CE agus 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 338/97 agus (CE) Uimh. 2173/2005, agus Treoir 86/278/CEE ón gComhairle (IO L 170, 25.6.2019, lgh. 115-127)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1387 ón gCoimisiún an 9 Meitheamh 2016 lena leasaítear Iarscríbhinní I agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle tar éis comhaontú comhpháirtíochta saorálaí leis an Indinéis le haghaidh scéim cheadúnúcháin FLEGT maidir le hallmhairí adhmaid isteach san Aontas Eorpach (IO L 223, 18.8.2016, lgh. 1-9)

Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 lena leagtar síos oibleagáidí na n–oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh (IO L 295, 12.11.2010, lgh. 23-34)

Nuashonraithe 11.09.2019

Top