EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Lománaíocht neamhdhleathach a chomhrac

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 maidir le hoibleagáidí na n–oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Leis an Rialachán, cuirtear toirmeasc ar adhmad arna lománú go neamhdhleathach a chur ar mhargadh AE agus leagtar amach leis na príomhchoinníollacha chun adhmad nó táirgí adhmaid a mhargú in AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Leis an Rialachán, cuirtear ceanglas ar “oibreoirí” a chuireann táirgí adhmaid ar mhargadh AE den chéad uair, “dícheall cuí”* a fheidhmiú chun a áirithiú go soláthróidh siad táirgí a dhíorthaítear ó adhmad arna lománú go dleathach. Chun na críche sin, ní mór d’oibreoirí córas díchill chuí a úsáid.
  • Féadfaidh oibreoirí a gcórais díchill chuí féin a chur ar bun nó ceann cruthaithe ag eagraíocht monatóireachta a úsáid.
  • Aithníonn an Coimisiún Eorpach eagraíochtaí monatóireachta mar a leithéid. Is é a ról cuidiú le hoibreoirí cloí le ceanglais an rialacháin.
  • Chun inrianaitheacht na dtáirgí adhmaid a éascú, ní mór do gach trádálaí a cheannaíonn agus a dhíolann adhmad ar an margadh taifid dá soláthraithe agus dá gcustaiméirí a choinneáil.
  • Cumhdaítear sa Rialachán, a bhaineann le hadhmad a lománaítear agus a iompórtáiltear in AE, raon leathan táirgí adhmaid atá liostaithe san Iarscríbhinn agus atá i gcomhréir le Cód Custaim an Aontais.
  • Meastar sa rialachán go bhfuil adhmad/táirgí adhmaid lománaithe go dleathach má tá ceadúnas maidir le Forghníomhú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí (FLEGT) (arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005), nó cead CITES (Rialachán (CE) Uimh. 338/97) ag gabháil leo.

Faireachán ar an gcur chun feidhme agus rochtain ar fhaisnéis

Faoin 30 Aibreán gach bliain ar a dhéanaí, ní mór do na tíortha a chumhdaítear sa Rialachán faisnéis maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo le linn na bliana féilire roimhe sin a chur ar fáil don phobal agus don Choimisiún Eorpach. Cuirfidh an Coimisiún ar fáil go poiblí forléargas ar fud na hEorpa ar bhonn na sonraí a chuirfidh tíortha AE go léir isteach chomh maith.

Faoin 3 Nollaig 2021 agus gach 5 bliana dá éis sin, ní mór don Choimisiún feidhmiú agus éifeachtúlacht an Rialacháin seo a athbhreitniú ar bhonn na faisnéise a gheofar gach bliain agus ar bhonn na taithí maidir lena cur i bhfeidhm.

CÚLRA

Tá lománaíocht neamhdhleathach* ina fadhb fhorleathan chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta a chuireann leis an athrú aeráide, le caillteanas bithéagsúlachta, le caillteanas ioncaim, le coinbhleachtaí (coinbhleachtaí armtha corruair) i ngeall ar thalamh agus acmhainní, agus le héillitheacht.

Le tuilleadh faisnéis a fháil, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Dícheall cuí: cleachtadh bainistíochta riosca chun an riosca a bhaineann le hadhmad a lománaíodh go neamhdhleathach (nó táirgí ina bhfuil adhmad dá leithéid) a chur ar díol ar mhargadh AE a laghdú.
Lománaíocht neamhdhleathach: lománú adhmaid i sárú ar dhlíthe thír an lománaithe.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 lena leagtar síos oibleagáidí na n–oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh (IO L 295, 12.11.2010, lgh. 23-34)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 363/2012 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2012 maidir leis na rialacha nós imeachta um aitheantas eagraíochtaí monatóireachta a aithint nó a aistarraingt mar a fhoráiltear i Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos oibleagáidí oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh (IO L 115, 27.4.2012, lgh. 12-16)

Rialachán Cur chun Feidhme (AE) Uimh. 607/2012 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2012 maidir leis na rialacha mionsonraithe um chóras díchill chuí agus minicíocht agus cineál na seiceálacha ar eagraíochtaí monatóireachta mar a fhoráiltear i Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos oibleagáidí oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh (IO L 177, 7.7.2012, lgh. 16-18)

Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle an 20 Nollaig 2005 maidir le bunú scéim cheadúnaithe FLEGT le haghaidh iompórtálacha adhmaid isteach sa Chomhphobal Eorpach (Iris Oifigiúil L 347, 30.12.2005, lgh. 1-6)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (CE) Uimh. 1024/2008 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2008 lena leagtar síos bearta mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 maidir le bunú scéim cheadúnaithe FLEGT le haghaidh iompórtálacha adhmaid isteach sa Chomhphobal Eorpach (IO L 277, 18.10.2008, lgh. 23-29)

Nuashonraithe 29.08.2019

Top