EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Aer níos glaine don Eoraip

Chun sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint, ba chóir don aer a análaímid a bheith chomh glan agus is féidir. Ciallaíonn sé sin bearta gníomhacha a dhéanamh chun monatóireacht a dhéanamh ar ghlaine an aeir chomhthimpeallaigh (nó taobh amuigh) agus réidh a fháil le truailleáin ar bith.

GNÍOMH

Treoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le caighdeán an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip.

ACHOIMRE

Chun sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint, ba chóir don aer a análaímid a bheith chomh glan agus is féidir. Ciallaíonn sé sin bearta gníomhacha a dhéanamh chun monatóireacht a dhéanamh ar ghlaine an aeir chomhthimpeallaigh (nó taobh amuigh) agus réidh a fháil le truailleáin ar bith.

CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?

Bunaítear cuspóirí inti do chaighdeán an aeir, lena n-áirítear spriocanna uaillmhianacha cost-éifeachtúla chun feabhas a chur ar shláinte an duine agus ar chaighdeán an chomhshaoil suas go dtí 2020. Sonraítear bealaí inti chomh maith chun measúnú a dhéanamh orthu sin agus gníomh ceartaitheach ar bith a dhéanamh mura gcomhlíontar na caighdeáin. Déantar foráil inti go gcoinneofar an pobal ar an eolas.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cumasctar an chuid is mó den reachtaíocht ar chaighdeán an aeir isteach i dtreoir amháin sa treoir seo, agus cuimsítear na príomhghnéithe seo a leanas inti:

  • tá tairseacha, uasluachanna agus spriocluachanna leagtha síos chun measúnú a dhéanamh ar gach truailleán atá cumhdaithe faoin treoir: dé-ocsaíd sulfair, dé-ocsaíd nítrigine, ábhar cáithníneach, luaidhe, beinséin, aonocsaíd charbóin;
  • ainmníonn údaráis náisiúnta comhlachtaí sainiúla chun na tascanna sin a dhéanamh ag baint úsáid as sonraí a bhailítear ag pointí samplála;
  • sa chás go bhfuil leibhéil truaillithe i réimse faoi leith ar bith níos airde ná na tairseacha, ní mór pleananna um chaighdeán an aeir a thabhairt isteach chun an cás a cheartú. D’fhéadfadh bearta sainiúla bheith san áireamh leo seo chun grúpaí leochaileacha, amhail páistí, a chosaint;
  • má tá baol ann go sáródh leibhéil truaillithe na tairseacha, ní mór pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha chun an trácht ar bhóithre, oibreacha tógála nó gníomhaíochtaí tionsclaíocha áirithe a laghdú, chun bac a chur ar an dainséir,
  • ní mór d’údaráis náisiúnta a chinntiú go gcoinnítear, ní hamháin an pobal, ach eagraíochtaí comhshaoil, tomhaltóirí agus eagraíochtaí ábhartha eile, lena n-áirítear comhlachtaí cúram sláinte agus cónaidhmeanna tionscail, ar an eolas maidir le caighdeán an aeir chomhthimpeallaigh (.i. an t-aer taobh amuigh), ina limistéar,
  • ní mór do rialtais AE tuarascálacha bliantúla maidir le gach truailleán atá cumhdaithe faoin reachtaíocht a fhoilsiú.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Treoir 2008/50/CE

11.6.2008

10.6.2010

IO L 152, 11.6.2008, lgh. 1-44

Rinneadh ceartúcháin éagsúla ar Threoir 2008/50/AE a chorprú sa bhuntéacs. Is chun críocha uirlis doiciméadúcháin atá an leagan comhtháite seo beartaithe amháin.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Cumarsáid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún: Clár um Aer Glan don Eoraip (COM(2013) 918 final an 18.12.2013).

Nuashonraithe 30.06.2015

Top