EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Beartas tionsclaíoch comhtháite le haghaidh ré an domhandaithe

Eilimint lárnach den tsamhail nua fáis do gheilleagar an AE is ea an tionsclaíocht, faoi mar a mhínítear sa Straitéis Eoraip 2020. Is é a mholtar sa Chumarsáid seo, mar sin, cur chuige úr i leith beartas tionsclaíoch a neartóidh iomaíochas an AE, a sholáthróidh fás agus poist, agus a éascóidh an t-aistriú go geilleagar ísealcharbóin atá tíosach ar acmhainní.

ACHT

Teachtaireacht an 28 Samhain 2010 ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Beartas Tionsclaíoch Comhtháite le haghaidh Ré an Domhandaithe, a chuireann Iomaíochas agus Inbhuanaitheacht i Lár an Aonaigh [COM (2010) 614 final — gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil].

ACHOIMRE

Moltar sa Chumarsáid seo cur chuige nua i leith beartas tionsclaíoch, ina gcuirfear iomaíochas agus inbhuanaitheacht an Aontais Eorpaigh (AE) i lár an aonaigh. Chuige sin, tá sé riachtanach breithniú a dhéanamh ar bheartas tionsclaíoch sa chiall is leithne, ag glacadh go fonnmhar leis na beartais sin a bhfuil tionchar acu ar chostas, ar phraghas agus ar iomaíochas nuálach sa tionsclaíocht agus in earnálacha gaolmhara, agus ag cur san áireamh chomh maith éifeacht gach tionscnaimh bheartais eile ar iomaíocht, ar féidir tionchar mór a bheith aige ar chostas, ar phraghas agus ar iomaíochas nuálach. Áirítear ansin ní amháin beartas an mhargaidh aonair agus beartas na trádála, ach ina dteannta siúd beartais iompair, fuinnimh, chomhshaoil, shóisialta agus cosaint tomhaltóirí.

Seo a leanas saintréithe chur chuige úr an Choimisiúin i leith beartas tionsclaíoch:

  • leanúint de chur chuige saincheaptha a chur i bhfeidhm i ngach earnáil agus san am céanna freagairtí beartais Eorpacha a chomhordú de réir mar a thagann deireadh le coincheap na n-earnálacha náisiúnta i bhfianaise an domhandaithe;
  • an slabhra iomlán luacha agus soláthair a bhreithniú, ó rochtain ar fhuinneamh agus ar amhábhair go seirbhísí iardhíola agus athchúrsáil ábhar. Ós rud é go bhfuil codanna den slabhra sin lasmuigh den AE ní mór frithluail domhandaithe a bheith ag gach tionscal;
  • tuairisciú rialta ón gCoimisiún ar iomaíochas agus ar bheartais thionsclaíocha agus ar fheidhmíocht thionsclaíoch an AE agus thíortha an AE.

Ní mór gach beartas AE a bheith ag oibriú sa treo céanna agus i dteannta a chéile chun an creat is fearr is féidir a sholáthar don tionsclaíocht san Eoraip. Mar sin, laistigh de chreat an phróisis mheasúnachta tionchair, tá promhadh ó thaobh an iomaíochais ceaptha ag an gCoimisiún, is é sin breithniú speisialta ar iomaíochas tionscal a ba cheart a chur i bhfeidhm i ngach réimse beartais. Go comhthreomhar, tá seiceálacha oiriúnachta ar leith beartaithe le cinntiú nach ualach trom ar thionscail a bheidh sa reachtaíocht atá ann cheana.

Príomhthiománaí is ea an nuálaíocht i dtaca le feabhas a chur ar tháirgiúlacht, fuinneamh a mhéadú agus ábhair a dhéanamh níos éifeachtúla, feidhmíocht earraí agus seirbhísí a fheabhsú agus margaí nua a ghiniúint. Cuirfidh beartas nua nuálaíochta tionsclaíche dlús le forbairt agus tráchtálú earraí agus seirbhísí, agus cinnteoidh sé gurb iad gnóthais an AE is túisce a bheidh sa mhargadh domhanda, rud a chuirfidh lena n-iomaíochas. Féadfaidh príomhtheicneolaíochtaí cumasúcháin bonn a sholáthar do raon próiseas agus earraí agus seirbhísí nua, lena n-áirítear tionscail nua a fhorbairt sa todhchaí. Mar sin, molann an Coimisiún tacú tuilleadh le himlonnú agus le tráchtálú príomhtheicneolaíochtaí iomaíocha cumasúcháin.

Tacóidh nuachóiriú bhonn scileanna na hEorpa le bonn tionsclaíoch na hEorpa trí fheidhmiú mhargaí saothair an AE a fheabhsú agus a chinntiú go bhfuil na scileanna cearta ag lucht saothair an AE. Chuige sin, cothóidh an Coimisiún líonrú na n-imreoirí ábhartha chun eolas agus dea-chleachtas a chomhroinnt i measc thíortha an AE agus molfaidh sé prionsabail threoracha i dtaca le coinníollacha creata do chruthú post.

Chun lántairbhe a bhaint as an domhandú, forbróidh an Coimisiún tionscnaimh idirnáisiúnta do chomhar rialála d'fhonn rialacha agus caighdeáin chomhoiriúnaithe a fhorbairt ar fud an domhain agus lorgóidh sé comhtháthú eacnamaíoch níos dlúithe le tíortha comharsanachta an AE trí bhuntáistí mhargadh aonair na hEorpa a leathnú i réimsí roghnaithe trí Bheartas Comharsanachta na hEorpa. Aithníonn an Chumarsáid, leis, na dúshláin a bhíonn le sárú ag FBManna agus iad ag tosú ar thrádáil dhomhanda; seoladh straitéis ag deireadh na bliana 2011 ar mhaithe le hidirnáisiúnú FBManna. Príomhthosaíocht is ea é an t-eolas ceart agus tacaíocht fhorlíontach a sholáthar do FBManna i margaí lasmuigh den AE.

Aithníonn an Chumarsáid seo nach mór do thionscail an AE dlús a chur leis an aistriú go dtí geilleagar ísealcharbóin, tíosach ar acmhainní agus ar fhuinneamh, a bhféadfadh laghdú costas agus laghdú ar an tionchar ar an gcomhshaol a bheith de thoradh air. An 20 Meán Fómhair 2011, sheol an Coimisiún Eorpach a Threochlár i leith Eoraip a bheidh Tíosach ar Acmhainní, a sholáthraíonn creat uaillmhianach chun úsáid carbóin agus acmhainní a scaradh ó fhás geilleagrach. Ar aon dul le treochlár an AE le haghaidh geilleagar ísealcharbóin faoin mbliain 2050, forbróidh an Coimisiún na straitéisí agus na beartais thionsclaíocha earnála fadtéarmacha a bheidh riachtanach chun aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin, tíosach ar acmhainní agus ar fhuinneamh.

D'éiligh an Chumarsáid rialachas níos éifeachtaí ar bheartas tionsclaíoch agus méadú ar chomhordú agus ar chomhar idir thíortha an AE. Gheofar obair leantach ar an ngné sin den bheartas i gCumarsáid 2011 Beartas Tionsclaíoch: An Iomaíochas a Threisiú den 14 Deireadh Fómhair 2011.

ACHTANNA GAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Tionscal Eorpach Níos Láidre ar mhaithe le Fás agus le Téarnamh Geilleagrach - Nuashonrú ar an Teachtaireacht um Beartas Tionsclaíoch [ COM (2012) 582 final an 10.10.2012 - gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil].

Cuirtear béim sa teachtaireacht seo ar an ngá atá ann le hinfheistíocht níos mó a dhéanamh i dteicneolaíochtaí nua, rud a chuirfeadh ar chumas na hEorpa bheith ar thús cadhnaíochta sa réabhlóid thionsclaíoch nua. Leagtar amach inti sprioc 20 % don monaraíocht mar sciar d’olltáirgeacht intíre (OTI) an AE, sciar atá le baint amach faoi 2020. Chun na críocha seo, molann an Coimisiún díriú ar infheistíocht agus ar nuáil in éineacht le Ballstáit an AE agus le tionscal, agus béim á cur ar 6 mhodh oibre: ardteicneolaíochtaí monaraíochta, príomhtheicneolaíochtaí cumasaithe, táirgí bithbhunaithe, beartas agus amhábhar inbhuanaithe tionsclaíoch agus tógála, feithiclí glana agus eangaigh chliste. Saineoidh tascfhorsaí na pleananna oibre do gach modh oibre.

Cuirtear béim inti chomh maith ar an ngá atá ann le dálaí feabhsaithe margaidh: cuirfidh rochtain níos fearr ar an margadh inmheánach agus ar mhargaí idirnáisiúnta leis an bhfás eacnamaíoch. Is iad seo a leanas cuid de na gníomhartha beartaithe: fiontraíocht a chothú, caighdeánú a chur i bhfeidhm níos mó, cearta maoine intleachtúla a chosaint agus a chur chun cinn, rochtain níos fearr ar amhábhair, rochtain níos fearr ar chistiúchán agus ar chaipiteal agus tuilleadh infheistíochta i gcaipiteal daonna.

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Ar son Athbheochana Tionsclaíche san Eoraip [ COM(2014) 14 final an 22.1.2014 - gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil].

Sa teachtaireacht seo, cuirtear béim ar a thábhachtach is atá an tionscal chun teacht aniar an gheilleagair a chinntiú. Thit sciar na monaraíochta ó thaobh OTI an AE de go dtí 15.1 % le linn an tsamhraidh 2013, rud a chuireann béim ar an ngá atá ann le hiomaíochas thionscal na hEorpa a spreagadh.

Is féidir é seo a dhéanamh ar bhealaí éagsúla, amhail na bealaí seo a leanas:

  • na bonneagair riachtanacha a fhorbairt;
  • creat rialála simplithe a chur ar fáil le fiontraíocht agus le nuáil a spreagadh;
  • comhtháthú feabhsaithe na margaí caipitil;
  • oiliúint scileanna;
  • fuinneamh agus amhábhair inacmhainne;
  • gnólachtaí, fiontair bheaga agus mheánmhéid (FBManna) ach go háirithe, a chomhtháthú go forchéimnitheach i slabhraí luacha domhanda, agus
  • tuilleadh airgid a thabhairt ar iasacht do thionscail nuálacha agus thionsclaíocha.

Nuashonrú is déanaí: 17.06.2014

Top