EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Plean SET maidir le teicneolaíochtaí ísealcharbóin a fhorbairt

Mar chuid dá straitéis chun geilleagar ísealcharbóin a fhorbairt, leag an tAontas Eorpach (AE) spriocanna aeráide agus fuinnimh amach dó féin le haghaidh 2020. Is féidir leis an teicneolaíocht ról tábhachtach a imirt chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Colún teicneolaíochta de bheartas aeráide agus fuinnimh AE is ea an Plean SET.

GNÍOMH

Cumarsáid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Infheistíocht a dhéanamh i bhforbairt teicneolaíochtaí ísealcharbóin (Plean SET) (COM(2009) 519 final an 7 Deireadh Fómhair 2009).

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA PHLEAN?

Tá sé d’aidhm leis an bplean straitéiseach Eorpach um theicneolaíocht Fuinnimh (Plean SET) borradh a chur faoi fhorbairt agus úsáid teicneolaíochtaí ísealcharbóin faoi 2020. Cuireann sé comhar chun cinn idir tíortha, cuideachtaí agus institiúidí taighde AE atá ábalta costais a laghdú trí scileanna agus saoráidí a chomhthiomsú. Cuidíonn sé leis na tionscadail a mhaoiniú chomh maith.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Tá tionscnaimh thionsclaíocha Eorpacha ann le haghaidh cineálacha éagsúla fuinnimh. Tugtar an céatadán leictreachais a d’fhéadfadh siad a tháirgeadh faoi 2020 i lúibíní: gaoth (20 %), grian (15 %), bithfhuinneamh (14 %).
  • Tá an tionscnamh um eangach leictreachais na hEorpa deartha chun 50 % de na líonraí san Eoraip a chumasú chun foinsí inathnuaite a chomhtháthú agus an soláthar agus an t-éileamh a chomhoiriúnú faoi 2020.
  • Tá sé d’aidhm leis an tionscnamh um ghabháil agus stóráil charbóin na teicneolaíochtaí lena mbaineann a dhéanamh inmharthana ón taobh tráchtála de.
  • Táthar ag féachaint leis na chéad fhréamhshamhlacha ghlúin-IV a bheith curtha i bhfeidhm faoi 2020 sa tionscnamh um eamhnú núicléach inbhuanaithe.
  • Ba chóir don tionscnamh um éifeachtúlacht fuinnimh a chinntiú go dtreoróidh 25-30 cathair“chliste’” (i.e. cathracha ina n-úsáidtear teicneolaíochtaí digiteacha lena bhfuil siad ábalta seirbhísí poiblí níos fearr a thairiscint do shaoránaigh, úsáid níos fearr a bhaint as acmhainní ag a bhfuil níos lú tionchair ar an gcomhshaol) an t-aistriú go todhchaí ísealcharbóin.
  • Cuireann an chomhghuaillíocht Eorpach um thaighde san fhuinneamh comhar comhordaithe chun cinn idir institiúidí taighde náisiúnta maidir le comhchláir. Tá bearta ag gabháil leis maidir le moil eolaíochta agus taighde a chruthú.
  • Tá scrúdú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar roghanna teicneolaíochta eile amhail fuinneamh inathnuaite amach ón gcósta (amhail gineadóirí fuinneamh gaoithe, cumhacht taoide, etc), stóráil fuinnimh, téamh agus fuarú inathnuaite. Sa réimse núicléach, tá plé á dhéanamh ar na dúshláin a bhaineann le leathnú saoil saoráidí agus diúscairt dramhaíola núicléiche.
  • Tá AE gníomhach ag comhoibriú le mórán dá chomhpháirtithe idirnáisiúnta san fhóram straitéiseach um chomhar idirnáisiúnta eolaíoch agus teicneolaíoch, mar shampla.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach suíomh gréasáin an Phlean Straitéisigh Eorpaigh um Theicneolaíocht Fuinnimh.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Teicneolaíochtaí agus Nuálaíocht Fuinnimh (COM(2013) 253 final an 2.5.2013).

Nuashonraithe 05.08.2015

Top