EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Neamhchosaint oibrithe ar oibreáin bhitheolaíocha a chosaint

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2000/54/CE – Oibrithe a chosaint ar phriacail a bhaineann le bheith faoi lé oibreán bitheolaíoch ar an láthair oibre

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Leagtar síos léi rialacha maidir le measúnú riosca agus teorannú murar féidir neamhchosaint sláinte agus sábháilteachta oibrithe ar oibreáin bhitheolaíocha a sheachaint.

PRÍOMHPHOINTÍ

Leis an treoir seo déantar sláinte agus sábháilteacht oibrithe a fhágtar gan chosaint ar oibreáin bhitheolaíocha* (e.g. miocrorgánaigh* nó saothráin cheall*) a chosaint agus iad i mbun a gcuid oibre.

Déantar oibreáin bhitheolaíocha a rangú ina 4 ghrúpa, de réir an riosca ionfhabhtaithe a bhaineann leo:

  • i ngrúpa 1 cuimsítear oibreáin nach dócha go gcruthóidh siad galar daonna;
  • i ngrúpa 2 cuimsítear oibreáin ar féidir leo galar daonna a chruthú ach nach dócha go leathfadh sé go dtí an pobal, agus a bhfuil cóir leighis éifeachtach ar fáil dó;
  • i ngrúpa 3 cuimsítear oibreáin ar féidir leo galar daonna a chruthú agus a d’fhéadfadh leathadh go dtí an pobal, cé gur féidir é a chosc agus go bhfuil cóir leighis ar fáil dó;
  • i ngrúpa 4 cuimsítear oibreáin ar féidir leo galar tromchúiseach daonna a chruthú. Baineann baol mór leo go leathfadh siad go dtí an pobal, agus níl aon chóir leighis éifeachtach ar fáil dóibh.

Measúnú riosca

Ní foláir measúnú riosca a dhéanamh ar gach gníomhaíocht ghairmiúil a d’fhéadfadh oibrithe a fhágáil gan chosaint ar oibreáin bhitheolaíocha. Deimhneofar cineál, méid agus fad ama na neamhchosanta chun bearta coisctheacha a phleanáil.

Ní mór don fhostóir bheith rannpháirteach i measúnuithe riosca rialta.

Oibleagáidí fostóirí

Caithfidh an fostóir oibreáin nach bhfuil dainséarach nó ar lú an dainséar a ghabhann leo a chur in ionad na n–oibreán díobhálach má fhágann an ghníomhaíocht gur féidir é sin a dhéanamh, ag cur san áireamh coinníollacha a n– úsáide agus leibhéal an eolais eolaíoch orthu.

Thairis sin, má tá riosca ann do shábháilteacht nó do shláinte na n–oibrithe, caithfidh an fostóir a áirithiú go laghdófar an riosca sin go leibhéal sách íseal. Féadfaidh an fostóir:

  • líon na n–oibrithe a fhágtar gan chosaint a choinneáil chomh híseal agus is féidir;
  • scaoileadh na n–oibreán isteach sa láthair oibre a rialú, ag baint úsáid as cleachtais theicniúla;
  • bearta cosanta comhchoiteanna agus/nó aonair a eagrú;
  • scaoileadh tionóisceach lasmuigh den láthair oibre a chosc nó a laghdú, ag baint úsáid as bearta sláinteachais;
  • comharthaí foláirimh riosca a shuiteáil;
  • pleananna chun déileáil le timpistí a dhréachtú;
  • foráil a dhéanamh maidir le bailiú, stóráil agus diúscairt na dramhaíola;
  • socruithe a dhéanamh maidir le dálaí láimhseála agus iompar sábháilte oibreán bitheolaíoch.

Tá sé d’oibleagáid ar an bhfostóir liosta de na hoibrithe a fhágtar gan chosaint ar oibreáin ghrúpa 3 agus nó ghrúpa 4 a choimeád. D’fhéadfaí, i gcásanna áirithe, an liosta a seo a choimeád go ceann 40 bliain.

Thairis sin, caithfidh an fostóir a chur in iúl don údarás náisiúnta inniúil nuair a úsáidtear oibreáin bhitheolaíocha ghrúpa 2, ghrúpa 3 nó ghrúpa 4 den chéad uair.

Ar deireadh, caithfidh an fostóir a áirithiú go bhfuil dóthain eolais agus oiliúna ag oibrithe agus/nó a n–ionadaithe, maidir le:

  • rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann dá sláinte;
  • na réamhchúraimí atá le glacadh chun neamhchosaint a chosc;
  • rialacha sláinteachais;
  • éadaí agus trealamh cosanta a úsáid;
  • na bearta atá le glacadh i gcás teagmhas.

Má tharlaíonn timpiste nó teagmhas, caithfidh an fostóir oibrithe agus/nó n–ionadaithe a chur ar an eolas, a luaithe agus is féidir, maidir leis na cúiseanna, na rioscaí agus na bearta atá le glacadh.

Faireachas sláinte

Caithfidh tíortha AE socruithe a bhunú chun aireachasú sláinte oibrithe a dhéanamh, roimh aon neamhchosaint ar oibreáin bhitheolaíocha agus ina ndiaidh.

Leasuithe

Rinneadh nuashonrú suntasach ar na hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir (AE) 2019/1833 le Treoir leasaitheach 2000/54/CE lena leasaítear Iarscríbhinní I, III, V agus VI a ghabhann le Treoir 2000/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le coigeartuithe fíortheicniúla.

Le Treoir leasaitheach (AE) 2020/739 cuirtear SARS-CoV-2 leis an liosta d’oibreáin bhitheolaíocha arb eol go n–ionfhabhtaítear daoine leo agus dá bhrí sin leasaítear léi Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2000/54/CE dá réir sin.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm léi ón 6 Samhain 2000.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Oibreáin bhitheolaíocha: miocrorgánaigh, lena n–áirítear na cinn a géinmhodhnaíodh, saothráin cheall agus ionpharaisítí i ndaoine, a d’fhéadfadh a bheith ábalta aon ionfhabhtú, ailléirge nó tocsaineacht a spreagadh.
Miocrorgánach: beith mhicribhitheolaíoch, ceallach nó neamhcheallach, atá ábalta macasamhlú nó ábhar géiniteach a aistriú.
Saothrán ceall: fás in-vitro ceall a dhíorthaítear ó orgánaigh ilcheallacha.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2000/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2000 maidir le hoibrithe a chosaint ar phriacail a bhaineann le bheith faoi lé oibreán bitheolaíoch ar an láthair oibre (an seachtú treoir aonair de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 262, 17.10.2000, lgh. 21-45)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2000/54/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir (AE) 2020/739 ón gCoimisiún an 3 Meitheamh 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2000/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cuimsiú SARS-CoV-2 sa liosta d’oibreáin bhitheolaíocha arb eol go n–ionfhabhtaítear daoine leo agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1833 (IO L 175, 4.6.2020, lgh. 11-14)

Treoir (AE) 2019/1833 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear Iarscríbhinní I, III agus VI a ghabhann le Treoir 2000/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le coigeartuithe fíortheicniúla (IO L 279, 31.10.2019, lgh. 54–79)

Treoir 2010/32/AE ón gComhairle an 10 Bealtaine 2010 lena gcuirtear chun feidhme an Creat–Chomhaontú maidir le gortuithe géara san ospidéal agus san earnáil cúraim sláinte a chosc arna thabhairt i gcrích ag HOSPEEM agus EPSU (IO L 134, 1.6.2010, lgh. 66-72)

Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh (IO L 183, 29.6.1989, lgh. 1-8)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 18.06.2020

Top