EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Bord Comhairleach um Rialachas Staitistiúil Eorpach

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh Uimh. 235/2008/CE lena mbunaítear an Bord Comhairleach um Rialachas Staitistiúil Eorpach

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

Bunaítear leis an mBord Comhairleach um Rialachas Staitistiúil Eorpach, arb é a chuspóir forléargas neamhspleách ar an gcóras staidrimh Eorpach a sholáthar.

PRÍOMHPHOINTÍ

Misean

Cuireann an bord a mhisean i gcrích:

  • trí thuarascáil bhliantúil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an chóid chleachtais ag Oifig Staidrimh AE (Eurostat);
  • trí mheasúnú a dhéanamh ar an dóigh a gcuirtear an cód chun feidhme i gcóras staidrimh AE ina iomláine, a thaifeadtar ansin sa tuarascáil bhliantúil;
  • trí chomhairle a thabhairt maidir le cur chun feidhme an chóid ag Eurostat agus an chórais staidrimh Eorpaigh ina iomláine;
  • trí chomhairle a thabhairt maidir leis an gcód a chur in iúl d’úsáideoirí agus do sholáthraithe sonraí;
  • trí chomhairle a thabhairt ar nuashonrú an chóid.

Féadfaidh an bord comhairleach comhairle a thabhairt don Choimisiún Eorpach chun muinín úsáideoirí i staidreamh Eorpach a fhorbairt.

Comhdhéanamh

Tá 7 comhaltaí neamhspleácha ar an mbord ar saineolaithe iad sa réimse staidrimh. Ainmníonn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle 3 comhaltaí an ceann i ndiaidh dóibh dul i gcomhairle leis an gCoimisiún; maireann a dtéarma oifige 3 bliana, agus is féidir é a athnuachan uair amháin.

I ndiaidh dul di i gcomhairle leis an gCoimisiún, roghnaíonn an Chomhairle an cathaoirleach agus faomhann an Pharlaimint é nó í. Maireann téarma oifige an chathaoirligh 3 bliana chomh maith, agus is féidir é a athnuachan uair amháin. Ní bheidh sé nó sí ina chomhalta nó ina comhalta d’oifig staidrimh náisiúnta nó den Choimisiún, ná ní fhéadfar go raibh post dá leithéid aige nó aici laistigh den 2 bhliain a chuaigh thart.

Má éiríonn comhalta as roimh éag a théarma nó a téarma oifige, ainmnítear a ionadaí nó a hionadaí chun téarma iomlán a fhónamh.

Tá Eurostat ina chomhalta breathnóra ar an mbord comhairleach.

Feidhmiú

Cuidíonn rúnaíocht neamhspleách a sholáthraíonn an Coimisiún leis an mbord. Ceapann an Coimisiún rúnaí i ndiaidh dó dul i gcomhairle leis an mbord.

Féadfaidh an pobal an tuarascáil bhliantúil maidir le cur chun feidhme an chóid chleachtais a rochtain.

Cuimsítear speansais an bhoird i meastacháin bhuiséadacha an Choimisiúin.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tá feidhm leis ón 16 Márta 2008.

CÚLRA

Dhréachtaigh an Coiste um an gclár staidrimh (an Coiste um chóras staidrimh Eorpaigh anois) cód cleachtais an staidrimh Eorpaigh in 2005. Tá sé curtha i láthair sa mholadh ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2005. Sainítear sa chód caighdeáin maidir le neamhspleáchas, sláine agus cuntasacht údarás staidrimh náisiúnta agus údaráis staidrimh AE. Cuireann sé dá réir sin leis an bhfeabhas ar dhea-rialachas, ar cháilíocht na sonraí staidrimh agus ar mhuinín úsáideoirí sna húdaráis lena mbaineann.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh (CE) Uimh. 235/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 lena mbunaítear an Bord Comhairleach um Rialachas Staitistiúil Eorpach (IO L 73, 15.3.2008, lgh. 17-19)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le neamhspleáchas, iontaofacht agus cuntasacht na n–údarás staidrimh náisiúnta agus Comhphobail (COM(2005) 217 críochnaitheach, 25.5.2005)

Nuashonraithe 18.04.2018

Top