EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Bearta trádála eisceachtúla do thíortha agus do chríocha a bhfuil baint acu le próiseas cobhsaíochta agus comhlachais an Aontais Eorpaigh

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 lena dtugtar isteach bearta eisceachtúla trádála do thíortha agus do chríocha atá rannpháirteacha le próiseas cobhsaíochta agus comhlachais an Aontais Eorpaigh nó atá bainteach leis

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Baineann na Balcáin Thiar (an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv*, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh agus an tSeirbia) leas as bearta trádála eisceachtúla dá n–allmhairí isteach in AE. Tá na tíortha agus na críocha sin mar chuid den phróiseas cobhsaíochta agus comhlachais.
  • Faoi na comhaontuithe déthaobhacha a tugadh i gcrích leis na Balcáin thiar, tá rochtain neamhtheoranta gan dleacht ar mhargadh an Aontais ag beagnach gach táirge a thagann ó na tíortha agus na críocha sin.
  • Foráiltear sa rialachán i leith roghanna trádála breise le haghaidh roinnt táirgí talmhaíochta (torthaí, glasraí agus fíon) de thionscnamh an réigiúin. Leathnaíodh na bearta a cuireadh i bhfeidhm ar dtús go dtí an 31 Nollaig 2010 go dtí an 31 Nollaig 2020 de réir Rialachán (AE) 2015/2423, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009.

Roghanna trádála

Táirgí de thionscnamh na mBalcán Thiar agus a chlúdaítear i gCaibidlí 7 agus 8 d’ Ainmníocht Chomhcheangailte* an Aontais Eorpaigh (torthaí agus glasraí), féadfar iad a allmhairiú isteach san Aontas an dleachtanna custaim* nó muirir a mbeadh an éifeacht choibhéiseach acu agus gan srianta cainníochtúla* nó bearta a mbíonn éifeacht choibhéiseach ag baint leo. Áirítear leis na fabhair eisceachtúla freisin cuóta fíona domhanda de 30 000 hl ar féidir le gach tír nó críoch é a úsáid tar éis ídiú a gcuóta náisiúnta faoina gcomhaontú déthaobhach arna thabhairt i gcrích leis an Aontas Eorpach.

Coinníollacha maidir le teidlíocht

Chun leas a bhaint as na bearta fabhracha, ní mór do thíortha agus do chríocha:

  • an sainmhíniú ar tháirgí tionscnaimh a chomhlíonadh dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 i gCód Custaim an Aontais — ní mór na táirgí a bheith déanta go hiomlán nó ní mór go ndearnadh próiseáil leordhóthanach orthu sa tír nó sa chríoch;
  • a ghabh orthu féin gan leibhéal na gcánacha nó na srianta a mhéadú maidir le táirgí a allmhairítear ó AE;
  • calaois a chomhrac trí chomhar riaracháin leis an Aontas Eorpach;
  • gan dul i mbun sáruithe tromchúiseacha agus córasacha ar chearta an duine, lena n–áirítear bunchearta saothair, agus urramú do phrionsabail an daonlathais agus don smacht reachta.

Ba cheart do thairbhithe dul i mbun athchóirithe eacnamaíocha éifeachtacha freisin agus i gcomhar le tíortha eile lena mbaineann an próiseas cobhsaíochta agus comhlachais, go háirithe limistéar saorthrádála réigiúnach a chruthú.

Féadfaidh an Coimisiún Eorpach a mholadh go gcuirfí fabhair trádála ar fionraí go hiomlán nó go páirteach mura gcomhlíonann tír nó críoch a n–oibleagáidí.

Leagtar amach le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 nósanna imeachta chun taraif-chuótaí* a chur chun feidhme maidir le táirgí talmhaíochta. Faoi láthair, baineann an córas le fíon ó fhíonchaora úra nach mó ná 15 % de réir toirte, seachas fíon súilíneach a bhfuil díolúine ann maidir le cuóta de 30 000 hl roinnte idir tíortha agus críocha éagsúla na mBalcán Thiar. Tá sciar an chuóta sin in aghaidh na tíre leagtha síos sna prótacail ar fhíon a síníodh le gach ceann acu nuair a shínigh siad a gcomhaontuithe cobhsaíochta agus comhlachais faoi seach leis an Aontas Eorpach.

Féadfaidh an Coimisiún bearta cosanta a ghlacadh má chuireann allmhairí táirgí talmhaíochta isteach go mór ar mhargadh inmheánach an Aontais Eorpaigh.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 4 Eanáir 2010 Le Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 códaítear Rialachán (CE) 2007/2000 (agus a leasuithe ina dhiaidh sin) agus cuirtear in ionad an Rialacháin sin iad.

CÚLRA

Chun breis faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Ainmníocht chomhcheangailte: modh chun earraí a aicmiú chun a chinneadh cén ráta dleachta custaim a bhaineann leo agus conas a dhéileáltar leis na hearraí chun críocha staidrimh nó eile.
Dleachtanna custaim: dleacht lena n–athraítear praghas táirge allmhairithe, beag beann ar a ainm nó teicníc, a bhfuil srian ar shaorghluaiseacht earraí mar thoradh air.
Srian cainníochtúil: aon rialachán trádála a d’fhéadfadh an éifeacht a bheith aige allmhairiú earraí a theorannú, i dtéarmaí cainníochtaí nó luacha (e.g. cuóta ar allmhairí).
Taraif-chuóta: beart trádála a cheadaíonn na dualgais a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach a íoctar de ghnáth ar tháirge allmhairithe, le linn tréimhse ama nó ar feadh tréimhse teoranta nó le haghaidh líon teoranta.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 an 30 Samhain 2009 lena dtugtar isteach bearta eisceachtúla trádála i gcás tíortha agus críocha atá rannpháirteach i bpróiseas cobhsaíochta agus comhlachais an Aontais Eorpaigh nó atá bainteach leis (leagan códaithe) (IO L 328, 15.12.2009, lgh. 1-9)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 a ionchorprú sa téacs bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1464 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2017 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle maidir le lamháltais trádála a deonaíodh don Chosaiv* tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus an Chosaiv, den pháirt eile (IO L 209, 12.8.2017, lgh. 1-4)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí talmhaíochta i dtáirgí talmhaíochta agus lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 922/72 ón gComhairle, Rialachán (CEE) Uimh. 234/79 ón gComhairle, Rialachán Uimh. 1037/2001 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671-854)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custam an Aontais (athmhúnlú) (IO L 269, 10.10.2013, lgh. 1-101)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lgh. 1-675)

Féach an leagan comhdhlúite.


*Ní dochar an t–ainmniú seo do sheasaimh ar stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

Nuashonraithe 01.02.2019

Top