EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ilteangachas - sócmhainn agus gealltanas

Cuirtear béim ar luach na héagsúlachta teangacha san Aontas Eorpach (AE) sa teachtaireacht seo de chuid an Choimisiúin Eorpaigh. Déantar cur síos inti ar na céimeanna atá le glacadh lena chinntiú go ndéanfar an t-ilteangachas a phríomhshruthú i mbeartais AE, agus iarracht á déanamh “cuspóir Barcelona” a bhaint amach (.i. gur cheart do mhuintir na hEorpa a bheith in ann cumarsáid a dhéanamh ina dteanga dhúchais féin agus in dhá theanga eile).

GNÍOMH

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - Ilteangachas: sócmhainn don Eoraip agus comhghealltanas (COM(2008) 566 final an 18.9.2008).

ACHOIMRE

Cuirtear béim ar luach na héagsúlachta teangacha san Aontas Eorpach (AE) sa teachtaireacht seo de chuid an Choimisiúin Eorpaigh. Déantar cur síos inti ar na céimeanna atá le glacadh lena chinntiú go ndéanfar an t-ilteangachas a phríomhshruthú i mbeartais AE, agus iarracht á déanamh “cuspóir Barcelona” a bhaint amach (.i. gur cheart do mhuintir na hEorpa a bheith in ann cumarsáid a dhéanamh ina dteanga dhúchais féin agus in dhá theanga eile).

CÉARD A DHÉANANN AN TEACHTAIREACHT SEO?

  • Moltar sa teachtaireacht gur cheart feidhm a bhaint as cláir agus as tionscnaimh reatha chun foghlaim teangacha a chur chun cinn, chun measúnú a dhéanamh ar scileanna teanga agus chun forbairt bhreise a dhéanamh ar churaclaim do theangeolaithe agus d’aistreoirí.
  • Cuireann an teachtaireacht le soghluaisteacht mac léinn agus oibrithe, cuireann sí torthaí an staidéir ar scileanna teanga in iúl, cothaíonn sí cruthaitheacht agus nuálaíocht i dtaca le foghlaim teangacha agus cuireann sí deis ar fáil le gur féidir le geallsealbhóirí dea-chleachtais a roinnt.
  • Tugann an teachtaireacht spreagadh d’úsáid fotheideal agus cuireann sí cúrsaíocht na n-oibreacha Eorpacha chun cinn; tugtar tacaíocht inti do thionscadail a bhaineann le teicneolaíochtaí teanga agus cumarsáide agus le comhar riaracháin trasteorann chun an bhearna teanga a laghdú.
  • Tugann an teachtaireacht spreagadh do theangacha Eorpacha a chur chun cinn i dtíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad chun naisc eacnamaíocha agus chultúrtha a neartú.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Is tábhachtach é an t-ilteangachas do chomhtháthú sóisialta agus do shoghluaisteacht na n-oibrithe. Is príomhphointe é sin sa rún ón gComhairle 2008 ina gcuirtear béim ar straitéis ilteangachais Eorpach.
  • Ní mór béim níos mó a chur ar dhaoine fásta agus ar dhaoine lasmuigh den oideachas foirmiúil, a bhfuil seans níos mó nach bhfuil ach teanga amháin acu. Is cuid den phrionsabal “Foghlaim ar feadh an tsaoil” é sin a ceapadh sa Mholadh ón gComhairle 2012 a d’iarr ar Bhallstáit AE deiseanna oibre a chur ar fáil do shaoránaigh bunaithe ar thaithí neamhfhoirmiúil.
  • Is príomheilimint é an prionsabal foghlama ar feadh an tsaoil den chlár Erasmus + freisin, ina dtugtar le chéile scéimeanna reatha AE um an spórt, oideachas, an óige agus oiliúint a thugann deis do mhuintir na hEorpa dul chun cónaí thar lear agus scileanna nua a fhoghlaim ann.
  • Is féidir an bhearna teanga in AE a laghdú trí na meáin, trí theicneolaíochtaí nua agus trí sheirbhísí aistriúcháin.
  • Athdhearbhaítear i gconclúidí na Comhairle 2014 maidir le hilteangachas agus le hinniúlachtaí teanga a fhorbairt a thábhachtaí is atá foghlaim na dteangacha agus measúnú ar scileanna teanga.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Cuireann an clár Foghlama ar ceadh an tsaoil ar chumas mhuintir na hEorpa tosú ag foghlaim ag céim ar bith a mbeatha. Is cuid den chlár Erasmus + an clár seo.

Tá tuilleadh faisnéise le fáil ar láithreán gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Oideachais agus an Chultúir de chuid an Choimisiúin Eorpaigh.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rún ón gComhairle an 21 Samhain 2008 maidir le straitéis Eorpach don ilteangachas (2008/C 320/01) (IO C 320, 16.12.2008, lgh. 1-3).

Moladh ón gComhairle an 20 Nollaig 2012 maidir le foghlaim neamhfhoirmiúil a fhíorú (2012/C 398/01) (IO C 398, 22.12.2012, lgh. 1-5).

Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear “Erasmus+”: clár an Aontais um oideachas, oiliúint, an óige agus an spórt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 50-83).

Conclúidí na Comhairle an 20 Bealtaine 2014 maidir le hilteangachas agus le hinniúlachtaí teanga a fhorbairt (2014/C 183/06) (IO C 183, 14.6.2014, lgh. 26-29).

Nuashonraithe 19.12.2014

Top