EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Tuairisciú maidir le heasnaimh iarbhír agus pleanáilte thíortha AE

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 479/2009 ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm an Phrótacail maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Leagtar síos na nósanna imeachta faoina soláthraíonn rialtais AE* faisnéis don Choimisiún Eorpach maidir lena n-easnamh náisiúnta* agus fiachas*.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Tugann tíortha AE tuairisc do Eurostat, rannán staitistiúil an Choimisiúin, maidir lena n-easnaimh agus fiachais rialtais iarbhír* agus pleanáilte* dhá uair sa bhliain.
  • Faoin 1 Aibreán den bhliain reatha (ar a dtugtar “bliain n”), áirítear sna sonraí:
    • meastachán cothrom le dáta don bhliain roimhe (n-1), easnaimh iarbhír maidir leis na 3 bliana roimhe (n-2, n-3, n-4) agus easnamh pleanáilte rialtais le haghaidh na bliana reatha;
    • fiachas iarbhír maidir leis na 4 bliana roimhe (n-1, n-2, n-3, n-4) agus fiachas pleanáilte rialtais ag deireadh na bliana reatha.
  • Faoin 1 Deireadh Fómhair, áirítear sna sonraí:
    • easnaimh iarbhír maidir leis na 4 bliana roimhe (n-1, n-2, n-3, n-4) agus easnamh pleanáilte rialtais le haghaidh na bliana reatha.
  • Tugann tíortha AE na nithe seo a leanas do Eurostat freisin:
    • sonraí ó na cuntais náisiúnta;
    • sonraí maidir lena gcaiteachas infheistíochta*;
    • OTI iarbhír maidir leis na 4 bliana roimhe agus OTI ionchais le haghaidh na bliana reatha;
    • ceistneoirí agus soiléiriú breise i ndáil leis na fógraí maidir le heasnamh agus fiachas atá tuairiscithe acu;
    • fardal mionsonraithe de na modhanna, nósanna imeachta agus na foinsí a úsáideadh chun sonraí maidir leis an easnamh agus fiachas iarbhír a thiomsú agus cuntais bhunúsacha an rialtais;
    • cúnamh saineolaithe náisiúnta, má iarrtar é sin.
  • I gcás ina bhfuil difríocht idir bliain bhuiséid agus bliain féilire, soláthraíonn tíortha AE sonraí maidir leis an 2 bhliain bhuiséadaithe roimh an mbliain reatha.
  • Eurostat:
    • déanann sé measúnú rialta ar chaighdeán na sonraí náisiúnta agus ar chuntais bhunúsacha earnáil an rialtais;
    • tugann sé tuairisc rialta do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le caighdeán na sonraí náisiúnta;
    • tá teagmhálacha buana aige le húdaráis staitistiúla náisiúnta;
    • bíonn plé rialta aige le tíortha AE agus tugann sé cuairteanna modheolaíochta orthu chun athbhreithniú a dhéanamh ar agallaimh, monatóireacht a dhéanamh ar nósanna imeachta agus cuntais a dheimhniú;
    • tugann sé sonraí náisiúnta maidir leis an easnamh agus an fiachas iarbhír laistigh de 3 seachtaine ó spriocdhátaí Aibreáin agus Dheireadh Fómhair i bhfoirm preasráiteas.

In 2014, leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 479/2009 le Rialachán (AE) Uimh. 220/2014 ón gCoimisiún a cuireadh in ionad chóras na gcuntas náisiúnta agus réigiúnach a bhí roimhe sin san Eoraip (ESA 95) le ESA 2010.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 30 Meitheamh 2009.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

* Rialtas: sa chomhthéacs seo, tagraíonn sé do rialtas ginearálta, láir, stáit agus áitiúil agus cistí slándála sóisialta.

* Easnamh an Rialtais (barrachas): glan iasachtaíocht (glaniasachtú)

* Fiachas rialtais: ollfhiachas iomlán an rialtais ghinearálta ag deireadh na bliana.

* Easnamh agus fiachas rialtais iarbhír: measta, sealadach, leathchríochnaithe nó torthaí deiridh le bliain anuas.

* Easnamh agus fiachas rialtais pleanáilte: na réamhaisnéisí oifigiúla is déanaí, ag cur cinntí buiséadacha agus forbairtí agus ionchais eacnamaíocha san áireamh.

* Infheistíocht rialtais: Ollfhoirmiú caipitil sheasta an rialtais ghinearálta.

GNÍOMH

Rialachán (CE) Uimh. 479/2009 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2009 maidir le cur i bhfeidhm an Phrótacail maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach atá i gceangal leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach (Leagan códaithe) (IO L 145, 10.6.2009, lgh. 1-9)

Tá leasuithe leanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 479/2009 ón gComhairle ionchorpraithe sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo a luach doiciméadach amháin

Nuashonraithe 04.07.2016

Top