EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ráiteas Bliantúil 2009 ar an Limistéar Euro

 

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht (COM(2009) 527 leagan deireanach) – Ráiteas Bliantúil ar an Limistéar Euro 2009

CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT?

  • Sonraítear inti freagairt an limistéir euro ar ghéarchéim eacnamaíoch 2008 agus conas feidhmiú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a fheabhsú.
  • Leagtar amach an gá atá le faireachas maicreacnamaíoch níos leithne a dhéanamh ar chórais airgeadais laistigh den limistéar euro ionas go bhféadfaí freagairt beartais chomhordaithe níos tapúla agus níos éifeachtaí a bhunú sa todhchaí.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • I ndiaidh na géarchéime eacnamaíche a thosaigh i samhradh na bliana 2007 agus 2008 nuair ba mheas an ghéarchéim, tá comharthaí cobhsaíochta ag teacht chun cinn sa chóras airgeadais. Ar feadh na géarchéime, rinne an euro cosaint éifeachtach ar an limistéar euro ó ghluaiseachtaí suaite malairte agus rátaí úis a bhí an-díobhálach do thíortha an Aontais Eorpaigh (AE) roimhe seo i dtréimhsí ina raibh strus ar na margaí airgeadais. Mar gheall ar an gcumas a bhí ag an limistéar euro gníomhú go tapa agus comhordú a dhéanamh le bainc cheannais chuidigh sé chun an córas airgeadaíochta idirnáisiúnta trí chéile a chobhsú.
  • Léiríodh sa ghéarchéim airgeadais buntáistí bhallraíocht an euro, rud a mhéadaigh a tharraingteacht le haghaidh tíortha AE nach bhfuil sa limistéar euro. I measc na mbuntáistí tá forais intíre a bhfuil rochtain á deonú dóibh ar leachtacht an Bhainc Cheannais Eorpaigh.
  • Mar sin féin níl an euro in ann an limistéar euro a chosaint ó gach fadhb eacnamaíoch – go háirithe iad sin a bhaineann le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha. Cuireadh béim i rith na géarchéime ar laigí áirithe laistigh den limistéar euro. Chiallaigh míchothromaíochtaí laistigh den limistéar euro gur fágadh roinnt geilleagar níos nochta don ghéarchéim ná cinn eile. Roimh an ngéarchéim rinne go leor tíortha sa limistéar euro neamhaird den riosca a bhain le míchothromaíochtaí, ach léiríodh leis an ngéarchéim airgeadais go raibh athrú ag teastáil.

Freagairt an limistéir euro ar an ngéarchéim

  • Bhí easpa socruithe maoirseachta sásúla, ar theip orthu gníomhú go tapa agus freagairt chomhordaithe a thabhairt nuair a thosaigh an ghéarchéim. Ba mhinic leis na chéad fhreagairtí a bheith sainithe ag comaoineacha intíre aonair na dtíortha sa limistéar euro. I mí Dheireadh Fómhair 2008, chuidigh an chéad chruinniú mullaigh leis an nGrúpa Euro chun freagairt a spreagadh ar leibhéal AE, trína sholáthair an Coimisiún Eorpach straitéis chomónta ar mhaithe le pleananna tarrthála baincéireachta idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm.
  • Chuir an Coimisiún tograí dlíthiúla foirmiúla i láthair ó shin i leith agus mar gheall orthu sin tá córas nua Eorpach um maoirseacht airgeadais cruthaithe. Ba é an cuspóir maoirseacht stuamachta institiúidí airgeadais aonair a mhéadú mar aon leis an gcóras airgeadais trí chéile.
  • I dteannta na bpróiseas inmheánach, tá AE ina cheannasaí freisin ar athchóiriú rialála na margaí airgeadais, ag cuidiú chun tionscnaimh agus tiomantais G20 a mhúnlú agus a fhorbairt.
  • D’fhág comhdhlúthú fioscach laistigh den limistéar euro, i gcomhréir leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, go raibh formhór na dtíortha in ann déileáil leis an ngéarchéim níos fearr ná mar a bhí cheana. Mar sin féin, níor cuireadh an comhdhlúthú fioscach i gcrích i roinnt tíortha sa limistéar euro, i gcás go raibh leibhéil an fhiachais phoiblí fós ard agus ina mbíonn an t-airgeadas poiblí ag brath ar ioncaim fhioscacha. Mar gheall air sin, ní raibh roinnt tíortha sa limistéar euro in ann rannchuidiú go leordhóthanach leis an spreagadh fioscach comhpháirteach a leagadh síos sa Phlean Eorpach don Téarnamh Eacnamaíoch.
  • Mar gheall ar an gceangal láidir eacnamaíoch agus airgeadais atá eatarthu le hairgeadra comónta agus beartas airgeadaíochta aonair, tá comhordú riachtanach le haghaidh tíortha sa limistéar euro. D’fhéadfadh freagairt an limistéir euro ar an ngéarchéim a bheith níos tapúla agus níos éifeachtaí dá mbeadh an comhordú idir na ballstáit níos éifeachtúla.

An bealach chun tosaigh – faireachas maicreacnamaíoch níos leithne

  • Léiríodh leis an ngéarchéim go bhfuil gá do bhallstáit an limistéir euro dul chun cinn a dhéanamh ar chlár oibre athchóirithe EMU@10 agus é a chur i bhfeidhm. Sa teachtaireacht seo an 7 Bealtaine 2008, mhol an Coimisiún clár oibre ar bheartas athchóirithe d’fhonn feidhmiú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (EMU) a fheabhsú i gcoinne na timpeallachta domhanda atá ag athrú go tapa, daonraí ag dul in aois agus imní mhéadaithe maidir le fuinneamh agus athrú aeráide. Moladh i réimse beartais sheachtraigh an chláir oibre athchóirithe gur cheart don limistéar euro ról ceannasach a bheith aige i rialú eacnamaíoch domhanda.
  • Níor déileáladh le míchothromaíochtaí laistigh den limistéar euro roimh an ngéarchéim airgeadais. Tá faireachas níos leithne riachtanach dá bhrí sin chun freagairt beartais comhordaithe a leagan síos. Ba cheart go n-áireofaí forbairt sna margaí airgeadais san fhaireachas níos leithne sin. Bhí treochtaí eacnamaíocha neamh-inbhuanaithe ann mar gheall ar an iomarca fiachais san earnáil phoiblí. Ní mór teacht ar mhíchothromaíochtaí airgeadais den sórt sin agus iad a leigheas níos túisce.
  • Ní mór an faireachas a leathnú amach d’fhonn airgead poiblí inbhuanaithe a áirithiú. Fágann fás íseal mar aon le fiachas méadaithe go bhfuil an t-airgead poiblí neamhbhuan tráth a bhfuiltear ag feiceáil an tionchair atá ag aosú. Tá tiomantas straitéiseach nithiúil de dhíth chun comhar fioscach neartaithe a bhaint amach, a bhaineann cothromaíocht dóthanach amach idir imní maidir le cobhsaíocht agus inbhuanaitheacht i gcomhréir leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis.
  • Ní mór comhordú i mbeartais agus i dtíortha an limistéir euro a fheabhsú ionas go mbeifear in ann leas a bhaint as straitéisí scoir chríonna. Ní mór comhthuiscint maidir le huainiú, luas agus seicheamh iomchuí normalú na socruithe beartais a chuimsiú i gcomhordú den sórt sin.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Ceannais Eorpach – Ráiteas Bliantúil ar an Limistéar Euro 2009 (COM(2009) 527 leagan deireanach, 7.10.2009)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Ceannais Eorpach – EMU@10: rath agus dúshláin tar éis 10 mbliana den Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta {SEC(2008) 553} (COM(2008) 238 leagan deireanach, 7.5.2008)

Nuashonraithe 28.03.2017

Top