EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cóirthrádáil — scéimeanna dearbhaithe um inbhuanaitheacht a bhaineann le trádáil

 

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht (COM(2009) 215 final) ón gCoimisiún — ról na Cóirthrádála agus scéimeanna dearbhaithe neamhrialtasacha um inbhuanaitheacht a bhaineann le trádáil

CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT?

  • Tugtar mionsonraithe inti ar fhorbairtí a tharla ón teachtaireacht ar chóirthrádála* a d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach i 1999.
  • Moltar bearta inti a d’fhéadfadh údaráis phoiblí, lucht tacaíochta na cóirthrádála agus daoine eile a dhéanamh chun an coincheap a chur chun cinn.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ó 1999 i leith, tugadh isteach Marc deimhnithe cóirthrádála arna fhíorú go neamhspleách. Tagann sé sin in ionad na lipéad náisiúnta agus méadaíodh feasacht na dtomhaltóirí leis.

  • Áirítear i gcritéir na cóirthrádála:
    • praghas cóir táirgeoirí;
    • páirt-íocaíochtaí roimh ré má iarrann na táirgeoirí é sin;
    • caidreamh seasmhach fadtéarmach;
    • trédhearcacht agus inrianaitheacht ar fud an tslabhra soláthair;
    • cleachtais táirgthe a chloíonn le coinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair;
    • an comhshaol, cearta an duine — go háirithe cearta ban agus leanaí — agus modhanna traidisiúnta táirgthe a urramú;
    • tacaíocht do tháirgeoirí lena n-acmhainneacht féin, a dtoradh talmhaíochta agus rochtain ar mhargaí easpórtála a fhorbairt;
    • bearta chun feasacht a ardú maidir leis an gcóirthrádáil agus na haidhmeanna léi;
    • measúnú ar thionchar an choincheapa.

Molann an Coimisiún:

  • gur cheart leanúint le scéimeanna príobháideacha chun trádáil chóir agus inbhuanaithe a chur chun cinn
    • gan cur isteach ó rialtais;
    • iniúchadh a dhéanamh ar shineirgí agus ar thuiscint fhéideartha eatarthu féin;
    • measúnú oibiachtúil a dhéanamh ar thionchar a dtionscnamh;
  • ba chóir do tháirgeoirí soláthair phoiblí an lipéad Cóirthrádála a chur san áireamh agus earraí agus seirbhísí inbhuanaithe á n-iarraidh acu;
  • ba chóir do AE bealaí a shainaithint lena bhféadfaí leas a bhaint as buiséad AE chun an chóirthrádála a chur chun cinn.

In 2010, chuir an Coimisiún teachtaireacht i láthair inar tarraingíodh aird ar na tairbhí triaracha a bhaineann le trádáil oscailte i gcomhair fás eacnamaíoch, rogha do thomhaltóirí agus cruthú post.

In 2012, chuir an Coimisiún teachtaireacht úr i láthair chun feabhas a chur ar an tsineirge idir beartais trádála agus forbartha. D’fhéadfadh an meascán, a mhínigh sé, borradh a chur faoi phoist agus faoin bhfás in AE agus dálaí níos fearr a chruthú do thrádáil agus d’infheistíocht i dtíortha i mbéal forbartha.

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Cóirthrádáil: caidreamh trádála, bunaithe ar idirphlé, ar thrédhearcacht agus ar urraim, ina bhféachtar le comhionannas níos fearr sa trádáil idirnáisiúnta a bhaint amach. Cuireann sé leis an bhforbairt inbhuanaithe trí dhálaí trádála níos fearr a thairiscint do tháirgeoirí agus d’oibrithe imeallaithe, agus a gcearta a bhaint amach — go háirithe i dtíortha i mbéal forbartha. Bíonn eagraíochtaí cóirthrádála, tacaithe ag tomhaltóirí, bainteach go gníomhach le tacaíocht a thabhairt do tháirgeoirí, feasacht a mhéadú agus dul i mbun feachtais i gcomhair athruithe ar rialacha agus ar chleachtas na socruithe idirnáisiúnta traidisiúnta trádála.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Ag Cur leis an bhForbairt Inbhuanaithe: ról na Cóirthrádála agus scéimeanna dearbhaithe neamhrialtasacha um inbhuanaitheacht a bhaineann le trádáil (COM(2009) 215 final, 5.5.2009)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle maidir le “cóirthrádáil” (COM(99) 619 final, 29.11.1999)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún —Trádáil, Fás agus Gnóthaí an Domhain: Beartas Trádála mar phríomh-chomhpháirt straitéis 2020 AE (COM(2010) 612 final, 9.11.2010)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: Trádáil, fás agus forbairt — Beartas trádála agus infheistíochta a shaincheapadh do na tíortha sin is mó gátar (COM(2012) 22 final, 27.1.2012)

Nuashonraithe 07.12.2016

Top