Cáilíocht uisce snámha
ACHOIMRE AR:
Treoir 2006/7/CE maidir le cáilíocht uisce snámha a bhainistiú
CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?
Féachtar leis an Treoir maidir le Cáilíocht Uisce Snámha iad seo a leanas a áirithiú
- go ndéanfar monatóireacht ar cháilíocht uisce snámha;
- go dtabharfar isteach bearta bainistíochta feabhsaithe; agus
- go gcuirfear faisnéis ar fáil don phobal.
PRÍOMHPHOINTÍ
- Tá an tAontas Eorpach (AE) tiomanta do cháilíocht an chomhshaoil agus sláinte an duine a chosaint. Neartaítear leis an treoir seo, dá réir sin, na rialacha lena ráthaítear cáilíocht uisce snámha. Forlíontar léi Treoir 2000/60/CE (féach an achoimre) maidir le huisce a chosaint agus a bhainistiú.
- Níl feidhm ag an treoir maidir le linnte snámha nó linnte spá, nó le huiscí teoranta a chruthaítear go saorga, ar a gcuirtear cóireáil nó a úsáidtear chun críche teiripeacha.
Monatóireacht ar cháilíocht uisce snámha
- Gach bliain, ní mór do thíortha AE na huiscí snámha ina gcríoch a shainaithint agus fad an tséasúir shnámha a shainiú.
- Ní mór dóibh monatóireacht a bhunú ag an suíomh is mó a úsáideann snámhaithe nó san áit a bhfuil an baol is mó truaillithe ann. Ní mór monatóireacht a dhéanamh trí bhíthin samplála:
- 4 shampla ar a laghad, lena n-áirítear 1 cheann sula dtosaíonn an séasúr snámha;
- 3 shampla amháin mura bhfuil an séasúr snámha níos faide ná 8 seachtaine nó má tá an réigiún faoi réir srianta geografacha speisialta.
- Ní mór do thíortha AE torthaí a monatóireachta a chur in iúl don Choimisiún Eorpach mar aon le cur síos ar bhearta maidir le bainistíocht uisce snámha. Féadfar monatóireacht a chur ar fionraí ar bhonn eisceachtúil nuair a chuirfear an Coimisiún ar an eolas.
Cáilíocht uisce snámha a chinneadh
- Déantar cáilíocht uisce a mheasúnú ar bhonn sonraí micribhitheolaíochta arna sainaithint de réir na bparaiméadar atá socraithe in Iarscríbhinn I leis an treoir. Déantar aicme uiscí de dhroch-cháilíocht, de cháilíocht maith go leor, de dhea-cháilíocht nó de cháilíocht shármhaith a chinneadh i gcomhréir leis na critéir atá leagtha amach in Iarscríbhinn II den treoir.
- De réir na treorach, ní mór go raibh na huiscí snámha go léir in AE de cháilíocht maith go leor ar a laghad faoi dheireadh shéasúr snámha 2015. Lena chois sin, ní mór do thíortha AE na bearta is ga a dhéanamh chun feabhas a chur ar líon na n-uiscí snámha de dhea-cháilíocht nó de cháilíocht shármhaith.
- Má bhíonn droch-cháilíocht ann, nó mór do thíortha AE na bearta is gá a ghlacadh chun truailliú a bhainistiú agus a dhíothú, agus snámhaithe a chosaint agus iad a chur ar an eolas.
Próifíl uisce snámha
- Déantar foráil sa treoir i leith próifílí a bhunú do gach uisce snámha. D’fhéadfadh siad sin láithreán amháin nó níos mó na huisce snámha tadhlach amháin a chumhdach. Go sonrach, cuimsítear measúnú iontu ar:
- saintréithe fisiceacha, geografacha agus hidreolaíocha an uisce snámha agus uiscí dromchla eile sa dobharcheantar;
- truailliú agus foinsí de;
- bearta bainistíochta.
- Ní mór próifílí uisce snámha a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta faoi mar a fhoráiltear in Iarscríbhinn III den treoir.
Bearta eisceachtúla
- Ní mór do thíortha AE bearta eisceachtúla a ghlacadh má mheathlaítear cáilíocht uiscí trí chásanna eisceachtúla nó má chuirtear sláinte snámhaithe i mbaol leo.
- Ní mór monatóireacht iomchuí a chur chun feidhme chomh maith má bhíonn an baol ann go leathfadh aglaí. Dá bhrí sin ní mór do na húdaráis fhreagracha:
- bearta bainistíochta a ghlacadh agus faisnéis a chur ar fáil láithreach má tharlaíonn leathadh cianabaictéar (“algaí gorma”);
- measúnú a dhéanamh ar na rioscaí sláinte má bhíonn leathadh macralgaí agus/nó fíteaplanctón muirí ann.
Uiscí trasteorann
Ní mór do thíortha AE faisnéis a mhalartú agus gníomhaíocht chomhpháirteach a dhéanamh má shíneann abhantrach thar roinnt críoch.
Faisnéis don phobal
- Caithfidh na húdaráis náisiúnta a chur ar chumas an phobail faisnéis a fháil agus páirt a ghlacadh i mbainistíocht cáilíochta uisce. Féadfaidh saoránaigh moltaí, tráchtanna nó gearáin a dhéanamh dá bhrí sin. Féadfaidh siad páirt a ghlacadh i liostaí maidir le cáilíocht uisce a bhunú, a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta.
- Lena chois sin, ní mór do thíortha AE a chinntiú go ndéanfar faisnéis dhóthanach a scaipeadh go gníomhach agus go mbeidh sé ar fáil go héasca le linn an tséasúir shnámha. Baineann sé sin go háirithe le:
- haicmiú uisce, toirmisc nó comhairle in éadan snámha;
- cur síos ginearálta ar an uisce i dteanga neamhtheicniúil;
- cur síos ar chineál agus ar fad an truaillithe.
- Le Treoir 2013/64/AE leasaítear Treoir 2006/7/CE i ndiaidh an leasaithe ar stádas Mayotte i ndáil leis an Aontas Eorpach. Is í an Fhrainc an t–aon seolaí.
- Rinneadh Treoir 76/160/CEE a aisghaireadh le Treoir 2006/7/CE agus cuireadh in ionad na Treorach sin í an 31 Nollaig 2014.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tá sí i bhfeidhm ón 24 Márta 2006 agus b’éigean dlí a dhéanamh di sna Ballstáit faoin 24 Márta 2008.
CÚLRA
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir 2006/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2006 maidir le cáilíocht uisce snámha a bhainistiú agus lena n–aisghairtear Treoir 76/160/CEE (IO L 64, 4.3.2006, lgh. 37-51)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2006/7/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Cinneadh (AE) 2017/1583 ón gCoimisiún an 1 Meán Fómhair 2017 lena sonraítear, de bhun Threoir 2006/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, EN ISO 17994:2014 mar an gcaighdeán maidir le coibhéis modhanna micribhitheolaíocha (IO L 239, 19.9.2017, lgh. 34-35)
Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/321/AE ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2011 lena mbunaítear, de bhun Threoir 2006/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, siombail faisnéise don phobal maidir le haicmiú uisce snámha agus toirmeasc snámha nó comhairle ar bith in éadan snámha (IO L 143, 31.5.2011, lgh. 38-40)
Nuashonraithe 26.08.2021
Top