EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Díolúine le haghaidh comhaontaithe taighde agus forbartha

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 1217/2010 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ar chatagóirí áirithe comhaontuithe taighde agus forbartha

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Le hAirteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) leagtar amach na rialacha maidir le cleachtais chomhbheartaithe agus comhaontuithe idir cuideachtaí. Mar riail ghinearálta, cuirtear toirmeasc ar chleachtais chomhbheartaithe agus ar chomhaontuithe den sórt sin mura dtagann siad faoi raon feidhme Airteagal 101(3) nuair is eisceachtaí ar an riail iad.
  • Sonraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1217/2010 nach bhfuil feidhm ag Airteagal 101 maidir le comhaontuithe taighde agus forbartha* (T&F) i gcás go dtugann na páirtithe faoi T&F comhpháirteach maidir le táirgí nó próisis agus i gcás go mbaineann siad comhleas as torthaí an T&F sin, nó i gcás go dtugann siad faoi ceachtar ceann de na gníomhaíochtaí sin leo féin.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Níl feidhm ag Airteagal 101(1) CFAE maidir le comhaontuithe T&F. Soláthraítear le Rialachán (CEE) Uimh. 2821/71, áfach, díolúine le haghaidh comhaontuithe T&F ina bhfuil rialacha a bhaineann le cearta maoine intleachtúla a shannadh nó a cheadúnú chun an T&F comhpháirteach, an T&F íoctha nó comhleas a chur i gcrích, ar an gcoinníoll nach ionann na forálacha sin agus príomhchuspóir na gcomhaontuithe sin, ach seachas sin go bhfuil baint dhíreach acu lena gcur chun feidhme agus tá siad riachtanach lena gcur chun feidhme.
  • Leis an rialachán freisin soláthraítear blocdhíolúine i leith comhleas a bhaint as na torthaí T&F arna ndéanamh ag na páirtithe faoin rialachán. Cuirtear an rialachán seo in aonad Rialachán (CE) Uimh. 2659/2000 a d’éag ar an 31 Nollaig 2010.

Coinníollacha maidir le díolúine

  • Chun bheith díolmhaithe, ní mór a shonrú sa chomhaontú go bhfuil rochtain iomlán ag na páirtithe go léir ar na torthaí deiridh T&F, lena n–áirítear aon chearta maoine intleachtúla agus saineolas mar thoradh air sin, chun críocha tuilleadh T&F agus leas a bhaint as na torthaí. Má chuireann na páirtithe teorainn lena gcearta saothraithe, féadfar rochtain ar na torthaí chun leas a bhaint astu a theorannú dá réir sin.
  • I gcás nach bhforáiltear sa chomhaontú ach i leith T&F comhpháirteach nó T&F íoctha, ní mór rochtain a bheith ag gach páirtí ar shaineolas gnó atá ann cheana maidir leis páirtithe eile lena mbaineann, má bhíonn na saineolas sin riachtanach chun leas a bhaint as na torthaí. Féadfar an malartú sin maidir le saineolais a bhí ann cheana a chúiteamh, ach níor cheart go mbeadh an cúiteamh chomh hard sin agus go gcuirfí cosc ar rochtain dá leithéid go bunúsach.
  • Ní bhainfidh comhleas ar bith as torthaí ach le torthaí atá cosanta ag cearta maoine intleachtúla nó ar saineolas iad, agus atá riachtanach chun na táirgí conartha a mhonarú nó chun teicneolaíochtaí conartha a chur i bhfeidhm.

Tairseach an sciartha den mhargadh agus fad tréimse na díolúine

  • I gcás nach gnóthais iomaíocha iad na páirtithe sa chomhaontú T&F, beidh an díolúine dá bhforáiltear sa Rialachán seo infheidhme ar feadh fhad tréimse an T&F. I gcás ina mbaintear comhleas as na torthaí, beidh an díolúine fós i bhfeidhm ar feadh 7 mbliana i ndiaidh na táirgí conartha nó na teicneolaíochtaí conartha a chur ar mhargadh an Aontais Eorpaigh (AE) den chéad uair.
  • I gcás gur gnóthais iomaíocha iad na páirtithe, an tráth a dhéanfar an comhaontú T&F, ní bheidh an díolúine infheidhme ach amháin:
    • i gcás comhaontuithe comhpháirteacha T&F, ní sháróidh sciar den mhargadh comhcheangailte na bpáirtithe 25% ar na margaí táirgí agus teicneolaíochta ábhartha;
    • i gcás comhaontuithe T&F íoctha, ní sháróidh sciar den mhargadh comhcheangailte an pháirtí maoinithe agus na bpáirtithe uile a bhfuil comhaontuithe T&F déanta ag an bpáirtí maoinithe leo, a bhaineann leis na táirgí conartha céanna nó leis na teicneolaíochtaí conartha céanna, 25% ar an margaí táirgí agus teicneolaíochta ábhartha.
  • Ag deireadh na tréimhse 7 mbliana, beidh feidhm fós leis an díolúine ar an gcoinníoll nach sáróidh sciar den mhargadh comhcheangailte na bpáirtithe 25% ar na margaí ábhartha.

Srianta crua

  • Níl feidhm ag an díolúine maidir le comhaontuithe T&F a bhfuil, go díreach nó go hindíreach, astu féin nó i gcomhar le tosca eile atá faoi rialú na bpáirtithe, mar chuspóir leo:
    • srian ar shaoirse na bpáirtithe T&F a dhéanamh i réimse neamhghaolmhar;
    • srian ar shaoirse na bpáirtithe tabhairt faoi T&F i réimse gaolmhar i ndiaidh an comhaontú T&F lena mbaineann a thabhairt chun críche;
    • teorannú ar aschur nó ar dhíolacháin, le heisceachtaí áirithe.

Srianta eisiata

  • Níl feidhm ag an díolúine maidir leis na hoibleagáidí seo a leanas a chuimsítear i gcomhaontuithe T&F:
    • an oibleagáid gan bailíocht na gceart maoine intleachtúla gaolmhar a cheistiú nuair a bheidh an T&F críochnaithe;
    • an oibleagáid gan ceadúnais a dheonú do thríú páirtithe chun na táirgí conartha a mhonarú nó na teicneolaíochtaí conartha a chur i bhfeidhm, mura bhforáiltear sa chomhaontú go mbainfidh duine amháin de na páirtithe ar a laghad leas as na torthaí agus go mbainfear leas dá leithead astu sa mhargadh inmheánach i leith tríú páirtithe.

Treoirlínte ón gCoimisiún Eorpach

In 2011, ghlac an Coimisiún Eorpach treoirlínte maidir le léirmhíniú agus infheidhmeacht Airteagal 101 CFAE maidir le comhaontuithe cothrománacha*, ina gcuimsítear comhaontuithe T&F (féach an achoimre).

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 1 Eanáir 2011 agus rachaidh sé in éag an 30 Meitheamh 2023.

CÚLRA

In 2019, thug an Coimisiún faoi mheasúnú chun féachaint ar cheart ligean do na rialacháin AE lena ndéileáiltear le comhaontuithe cothrománacha dul as feidhm nuair a rachaidh siad in éag i mí na Nollag 2022, nó ar cheart iad a leathnú nó a leasú (agus na treoirlínte maidir le conas iad a léirmhíniú). Foilsíodh torthaí an mheasúnaithe i mí Iúil 2021 (féach an phreaseisiúint). Cinneadh leis an measúnú go gcaithfí aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna áirithe chun feabhas a chur an gcinnteacht dhlíthiúil. Seolfaidh an Coimisiún céim mheasúnú iarmharta an athbhreithnithe chun breathnú ar na saincheisteanna a sainaithníodh le linn an mheasúnaithe ionas go mbeidh rialacha athbhreithnithe i bhfeidhm faoin 31 Nollaig 2022, nuair a rachaidh na rialacha reatha in éag.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Comhaontú maidir le taighde agus forbairt (T&F). Comhaontú a dhéanann dhá pháirtí nó níos mó, a bhaineann leis na coinníollacha faoina ndéanann páirtithe an méid seo a leanas:
  • T&F comhpháirteach maidir le táirgí conartha nó maidir le teicneolaíochtaí conartha agus comhleas a bhaint as na torthaí T&F sin;
  • comhleas a bhaint as torthaí T&F maidir le táirgí conartha nó teicneolaíochtaí conartha a dhéantar go comhpháirteach de bhun comhaontú roimh ré idir na páirtithe céanna;
  • T&F comhpháirteach maidir le táirgí conartha nó maidir le teicneolaíochtaí conartha gan comhleas a bhaint as torthaí an T&F sin;
  • T&F íoctha maidir le táirgí conartha nó maidir le teicneolaíochtaí conartha agus comhleas a bhaint as torthaí an T&F sin;
  • comhleas a bhaint as torthaí T&F íoctha maidir le táirgí conartha nó teicneolaíochtaí conartha de bhun comhaontú roimh ré idir na páirtithe céanna;
  • T&F íoctha maidir le táirgí conartha nó maidir le teicneolaíochtaí conartha gan comhleas a bhaint as torthaí;
Comhaontuithe cothrománacha. Comhaontuithe a dhéantar idir dhá ghnóthas nó níos mó a oibríonn ar an leibhéal céanna sa mhargadh. Baineann comhar cothrománach, i bhformhór na gcásanna, le comhar idir iomaitheoirí iarbhír nó ionchasacha i réimsí amhail T&F, táirgeadh, ceannach, tráchtálú nó caighdeánú. D’fhéadfadh malartú faisnéise a bheith i gceist leis chomh maith, mar chomhaontú neamhspleách nó i gcomhthéacs cineál eile comhaontaithe chothrománaigh comhair.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 1217/2010 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2010 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le catagóirí áirithe comhaontuithe taighde agus forbartha (IO L 335, 18.12.2010, lgh. 36-42).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1217/2010) a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VII — Rialacha comhchoiteanna maidir le hiomaíocht, cánachas agus comhfhogasú dlíthe — Caibidil 1 — Rialacha iomaíochta — Alt 1 — Rialacha a bhaineann le gnóthais — Airteagal 101 (sean–Airteagal 81 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 88-89).

Teachtaireacht ón gCoimisiún — Treoirlínte maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le comhaontuithe um chomhar cothrománach (IO C 11, 14.1.2011, lgh. 1-72).

Rialachán (CEE) Uimh. 2821/71 ón gComhairle an 20 Nollaig 1971 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 85(3) den Chonradh ar chineálacha comhaontuithe, cinntí agus cleachtas comhbheartaithe (IO L 285, 29.12.1971, lgh. 46-48).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 16.01.2023

Top