EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 maidir leis an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Leasaítear agus aisghairtear leis Rialachán (CEE) Uimh. 302/93 lenar bunaíodh an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (EMCDDA) i dtosach.

Leathnaítear leis ról an Lárionaid maidir le faireachán a dhéanamh ar ghnéithe amhail treochtaí nua in úsáid drugaí, go háirithe il-andúil i ndrugaí (i gcás go nglactar drugaí aindleathacha in éineacht le drugaí nó cógais dhleathacha eile).

Leasaíodh an rialachán le Rialachán (AE) 2017/2101 maidir le malartú faisnéise, córas réamhrabhaidh agus nós imeachta um measúnú riosca i ndáil le substaintí sícighníomhacha nua* (NPSanna).

PRÍOMHPHOINTÍ

Maidir leis an Lárionad:

  • soláthraíonn sé sonraí oibiachtúla, iontaofa agus inchomparáide maidir le drugaí agus andúil i ndrugaí d’institiúidí AE agus do thíortha AE;
  • tairgeann sé do lucht déanta beartas na sonraí a dteastaíonn uathu chun dlíthe agus straitéisí eolasacha maidir le drugaí a dhréachtú.
  • soláthraíonn sé do ghairmithe agus do chleachtóirí
    • samplaí de dhea-chleachtas
    • réimsí úra nuataighde maidir le drugaí agus na hiarmhairtí a bhaineann le handúil drugaí.

Is iad seo a leanas a phríomhchuspóirí:

  • sonraí reatha faoi dhrugaí agus faoi andúil i ndrugaí a bhailiú agus a anailísiú san AE agus le tíortha rannpháirteacha neamh-AE;
  • comparáid a dhéanamh idir sonraí chun cabhrú le measúnú a dhéanamh ar bheartais náisiúnta agus AE maidir le drugaí;
  • sonraí agus faisnéis a leathadh maidir le cás na ndrugaí, lena n–áirítear sonraí ar threochtaí atá ag teacht chun cinn;
  • comhoibriú le gníomhaireachtaí AE amhail Europol agus Eurojust nó le sainghníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe amhail Oifig na Náisiún Aontaithe i Leith Drugaí agus Coireachta agus le tíortha neamh-AE;
  • faisnéis a chomhroinnt maidir le substaintí sícighníomhacha nua, tacú leis an gcóras réamhrabhaidh dóibh agus measúnuithe riosca a dhéanamh orthu.

Réimsí tosaíochta

Díríonn an Lárionad ar an méid a leanas:

  • faireachán a dhéanamh ar chás na ndrugaí agus ar threochtaí atá ag teacht chun cinn, go háirithe na cinn a bhaineann le hil-andúil i ndrugaí;
  • faireachán a dhéanamh ar réitigh fadhbanna a bhaineann le drugaí agus malairtí dea-chleachtais a éascú i measc thíortha AE;
  • córas réamhrabhaidh a choinneáil agus measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le substaintí sícighníomhacha nua;
  • uirlisí a fhorbairt chun cabhrú leis an gCoimisiún Eorpach agus le tíortha AE faireachán agus measúnú a dhéanamh ar a mbeartais faoi seach maidir le drugaí.

Líonra Faisnéise Eorpach maidir le Drugaí agus Andúil i nDrugaí

Chun a phríomhthasc a bhaint amach maidir le faisnéis chruinn agus inchomparáide faoi dhrugaí a chur ar fáil, d’fhorbair EMCDDA uirlis chun sonraí náisiúnta a bhailiú ar bhealach comhchuibhithe tríd an Líonra Faisnéise Eorpach maidir le Drugaí agus Andúil i nDrugaí.

Nascann an Líonra Faisnéise Eorpach maidir le Drugaí agus Andúil i nDrugaícórais náisiúnta faisnéise faoi dhrugaí agus is é sin an príomh-mhodh a úsáideann EMCDDA chun sonraí agus faisnéis mhodheolaíoch maidir le drugaí agus andúil i ndrugaí a mhalartú san AE.

Úsáidtear freisin na sonraí a bhailítear tríd an Líonra Faisnéise Eorpach maidir le Drugaí agus Andúil i nDrugaí chun:

  • faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme phleananna gníomhaíochta AE maidir le drugaí lena gcuirtear chun feidhme straitéis drugaí AE;
  • cabhrú le moltaí a fhorbairt le haghaidh freagairtí náisiúnta cuí maidir le gníomhaíochtaí cóireála, coisctheacha agus laghdaithe dochair a eagrú.

lárionad sa líonra do gach tír AE a ghlacann páirt in EMCDDA agus lárionad don Choimisiún freisin.

Faireachán agus nós imeachta um measúnú riosca neartaithe

Ceanglaítear le Rialachán (AE) 2017/2101 ar thíortha AE a áirithiú go soláthróidh a lárionaid náisiúnta agus aonaid náisiúnta Europol an fhaisnéis a bhailíonn siad maidir le substaintí sícighníomhacha nua a sholáthar don lárionad.

Ag obair go dlúth le Europol, bailíonn, comhthiomsaíonn, anailísíonn agus measúnaíonn EMCDDA an fhaisnéis agus seolann sé í go tapa chuig na lárionaid náisiúnta, chuig aonaid náisiúnta Europol, agus chuig an gCoimisiún. Leis sin áirithítear go bhfaighidh siad go léir faisnéis chomh tapa agus is féidir chun críocha réamhrabhaidh agus cuirtear ar chumas an Lárionaid leis an tuarascáil tosaigh ar shubstaint shícighníomhach nua a dhréachtú i gcás go bhfuil imní ann go mbainfeadh rioscaí sláinte nó sóisialta leis an tsubstaint ar fud an domhain.

Laistigh de 2 sheachtain ó thuarascáil tosaigh a fháil, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an Lárionad na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an tsubstaint shícighníomhach nua a mheasúnú agus tuarascáil um measúnú riosca a ullmhú. Ní mór don Lárionad an tuarascáil um measúnú riosca a chur isteach laistigh de 6 seachtaine ó iarratas an Choimisiúin. Ar bhonn an nós imeachta um measúnú riosca, cinneadh an Coimisiún cibé acu ar cheart nó nár cheart an tsubstaint shícighníomhach nua a chuimsiú sa sainmhíniú ar “dhruga” i gcomhréir leis an nós imeachta faoi Chinneadh Réime 2004/757/CGB ón gComhairle — Gníomhartha coiriúla agus na pionóis is infheidhme — gáinneáil ar dhrugaí.

Eagrúchán agus oibriú

Arna bhunú in 1993 i Liospóin (an Phortaingéil), tá an lárionad, ar ceann de ghníomhaireachtaí díláraithean Aontais, agus atá comhdhéanta de Bhord Bainistíochta, a fhaigheann cuidiú uathu seo a leanas:

  • Coiste Buiséid;
  • Coiste Feidhmiúcháin; agus
  • Coiste Eolaíoch a sholáthraíonn tuairimí maidir le gné eolaíoch ar bith de ghníomhaíochtaí an lárionaid.

Tá dlúthnaisc ag an lárionad le lárionaid náisiúnta lan Líonra Faisnéise Eorpaigh maidir le Drugaí agus Andúil i nDrugaí agus le heagraíochtaí comhpháirtíochta eile. Déanann sé a shainchúraimí i gcomhréir lena straitéis lena sainítear príomhchuspóirí a chuid oibre ar feadh tréimhse faoi leith. Tá sé mar aidhm lena straitéis a bheidh á reáchtáil go dtí 2025 agus lena chlár le haghaidh 2018-2020 araon cur le hEoraip níos sláine agus níos folláine. Dírítear sa chlár ar an méid a leanas:

  • na huirlisí faireacháin drugaí atá ann a athbhreithniú agus a fheabhsú (atá comhlánaithe ag an úsáid mhéadaithe as cuir chuige nuálacha maidir le treochtaí nua a shainaithint, a rianú agus faireachán a dhéanamh orthu);
  • cur chun feidhme leanúnach Rialacháin (AE) 2017/2101 maidir le substaintí sícighníomhacha nua;
  • feabhas a chur ar fhormáid agus ar ábhar na Tuarascála bliantúla Eorpaí maidir le Drugaí; agus
  • eisiúint na gcéad eagrán eile de Thuarascáil um Margaí Drugaí AE de chuid EMCDDA-Europol (2019) agus na Freagairtí sláinte agus sóisialta ar úsáid drugaí: treoir Eorpach (2020).

Tá a thacaíocht don tionscadal Eorpach um shuirbhé scoileanna maidir le halcól agus drugaí eile á méadú ag an Lárionad chomh maith agus tá na nithe seo a leanasbeartaithe aige thar an tréimhse de 3 bliana:

  • Creat Forbartha an Líonra Faisnéise Eorpaigh maidir le Drugaí agus Andúil i nDrugaí úr agus Creat Comhair Idirnáisiúnta EMCDDA a chur chun feidhme;
  • feabhas a chur ar a chuid oibre le tíortha tosaíochta neamh-AE trí thionscadail cúnaimh theicniúil arna maoiniú ag an gCoimisiún a chur chun feidhme do thíortha is iarrthóirí agus do thíortha is iarrthóirí ionchasacha (tionscadail IPA 6 agus IPA 7) agus do thíortha comharsanachta (tionscadal um Fhaireachán Drugaí AE4) faoi seach chun tuiscint níos fearr a fháil ar ghné dhomhanda an fheiniméin drugaí.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 16 Eanáir 2007. Le Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 rinneadh leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 302/93 (agus a leasuithe ina dhiaidh sin) agus cuireadh in ionad an Rialacháin sin (agus a leasuithe ina dhiaidh sin) é.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Substaintí sícighníomhacha: substaint, i bhfoirm íon nó in ullmhóid, nach bhfuil cumhdaithe faoi Choinbhinsiún Aonair na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí Támhshuanacha 1961, arna leasú le Prótacal 1972, nó le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Substaintí Síceatrópacha, 1971 ach a bhféadfadh rioscaí sláinte nó sóisialta bheith ag baint leo cosúil leis na rioscaí a bhaineann leis na substaintí atá cumhdaithe faoi na Coinbhinsiúin sin. Substaintí is iad na substaintí sin a théann i gcion ar an intinn nuair a ionghabhtar iad.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir leis an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (athmhúnlú) (IO L 376, 27.12.2006, lgh. 1-13)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh Réime 2004/757/CGB ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2004 lena leagtar síos forálacha íosta maidir leis na heilimintí a chomhdhéanann gníomhartha coiriúla agus maidir le pionóis i réimse na gáinneála neamhdhleathaí ar dhrugaí (IO L 335, 11.11.2004, lgh. 8-11)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 11.01.2019

Top