EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Clár Foghlama Frithpháirtí

ACHOIMRE AR:

Airteagal 149 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — gníomhaíochtaí chun fostaíocht a chur chun cinn

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA CHLÁR?

Leis an gclár foghlama frithpháirtí spreagtar tíortha AE chun a dtaithí agus a ndea-chleachtas sa réimse fostaíochta a chomhroinnt.

Tá sé mar aidhm leis comhar idir tíortha AE a fheabhsú agus a fhorbairt ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil araon. Bíonn comhar ar bun i bpríomhréimsí straitéis fostaíochta na hEorpa, atá ina cuid lárnach de straitéis Eoraip 2020.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuireann an clár le cuspóirí straitéis Eoraip 2020 maidir le cúrsaí fostaíochta agus cuimsithe shóisialta. Is iad sin:

  • gur cheart do 75 % de na daoine idir 20 agus 64 bliana d’aois a bheith fostaithe;
  • gur cheart do rátaí na luathfhágála scoile a bheith faoi 10 %;
  • gur cheart do 40 % de dhaoine óga dioplóma ardoideachais a bheith acu;
  • gur cheart an líon daoine a ndéanann an bhochtaineacht difear dóibh a laghdú le 20 milliún.

Ina theannta sin, uirlis is ea an clár foghlama frithpháirtí de mhodh oscailte an chomhordaithe atá ceaptha chun beartais fostaíochta náisiúnta a ailíniú.

Gníomh

Áirítear roinnt cineálacha gnímh ar an gclár amhail:

  • Imeachtaí téamachaseimineáir agus ceardlanna maidir le ceisteanna ar leith um beartas fostaíochta, a bhféadann lucht déanta beartas, eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) agus páirtithe leasmhara eile díospóireacht maidir le cur chun feidhme straitéis Eoraip 2020 a dhéanamh lena linn.
  • Malairtí foghlama — cruinnithe grúpaí beaga d’ionadaithe ó thíortha AE chun taithí a chomhroinnt maidir le saincheisteanna beartais.
  • Cruinnithe athbhreithnithe piaraícruinnithe d’ionadaithe ó thíortha AE agus de shaineolaithe neamhspleácha maidir le ceisteanna a bhaineann le beartais shonracha, a cheaptar chun malartú dea-chleachtas a cheadú.
  • Seimineáir um scaipeadhseimineáir a thionóltar ag deireadh gach bliana chun torthaí an chláir fhoghlama frithpháirtí a chur i láthair. Áirítear ar na príomh-rannpháirtithe:
    • institiúidí AE agus eagraíochtaí beartais idirnáisiúnta eile,
    • ionadaithe ó thíortha AE,
    • údaráis áitiúla agus réigiúnacha,
    • comhpháirtithe sóisialta,
    • ENRanna, agus
    • institiúidí acadúla.
  • Bunachar sonraí chleachtais an mhargaidh shaothair — ina bhfuil samplaí de bheartais agus de bhearta éifeachtúla. Tá treoir ar an mbunachar sonraí ar fáil.

Rannpháirtithe

Tá an clár ar fáil do thíortha AE, do thíortha is iarrthóirí AE agus do thíortha sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE).

CÚLRA

Clár Foghlama Frithpháirtí

GNÍOMH

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais an Aontais agus gníomhaíochtaí seachtracha — Teideal IX — Fostaíocht - Airteagal 149 (iar-Airteagal 129 TEC) (IO C 326, 26.10.2012, lch. 113)

Nuashonraithe 15.06.2016

Top