EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Foghlaim ar feadh an tsaoil — inniúlachtaí lárnacha

 

ACHOIMRE AR:

Moladh 2006/962/CE ar inniúlachtaí lárnacha d’fhoghlaim ar feadh an tsaoil

CAD IS AIDHM LEIS A MOLADH?

Spreagtar rialtais AE ann ionas go mbeidh teagasc agus foghlaim inniúlachtaí lárnacha ina gcuid dá straitéisí d’fhoghlaim ar feadh an tsaoil. Sainaithnítear ocht n-inniúlacht lárnacha sa mholadh atá ríthábhachtach do gach duine i sochaí eolasbhunaithe.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Is iad seo a leanas na hocht n-inniúlacht lárnacha:
  • 1.

    Cumarsáid a dhéanamh i máthairtheanga: an cumas coincheapa, smaointe, mothúcháin, fíricí agus tuairimí a chur in iúl agus a léirmhíniú ó bhéal agus i scríbhinn araon.

  • 2.

    Cumarsáid a dhéanamh i dteanga choigríche: mar atá thuas, ach áirítear scileanna idirghabhála leis (i.e. achoimriú, athinsint, ateangaireacht nó aistriúchán) agus tuiscint idirchultúrtha.

  • 3.

    Inniúlacht mhatamaiticiúil, eolaíoch agus theicneolaíoch: máistreacht mhaith ar uimhríocht, tuiscint ar an domhan nádúrtha agus an cumas eolas agus teicneolaíocht a chur i bhfeidhm ar riachtanais an duine mar a fheictear iad (amhail cógas, iompar nó cumarsáid).

  • 4.

    Inniúlacht dhigiteach: úsáid mhuiníneach agus chriticiúil as teicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide le haghaidh na hoibre, caitheamh aimsire agus cumarsáide.

  • 5.

    Ag foghlaim chun foghlama: an cumas foghlaim an duine féin a bhainistiú go héifeachtach, ar bhonn aonair nó i ngrúpaí.

  • 6.

    Inniúlachtaí sóisialta agus sibhialta: an cumas a bheith rannpháirteach go héifeachtach agus go stuama i saol sóisialta agus oibre duine agus dul i mbun rannpháirtíocht ghníomhach agus dhaonlathach, go háirithe i sochaithe atá níos éagsúla ná riamh.

  • 7.

    Braistint tionscnaíochta agus fiontraíochta: an cumas gníomh a dhéanamh de smaointe trí chruthaitheacht, nuálaíocht agus tógáil rioscaí chomh maith leis an gcumas tionscadail a phleanáil agus a bhainistiú.

  • 8.

    Feasacht agus léiriú cultúrtha: an cumas an tábhacht chruthaitheach atá le smaointe, taithí agus mothúcháin a léirthuiscint i raon meán amhail ceol, litríocht agus físealaíona agus taibhealaíona.

  • Déanann an Coimisiún Eorpach na nithe seo a leanas:
    • rannchuidíonn sé le hiarrachtaí náisiúnta chun córais oideachais agus oiliúna a fhorbairt;
    • úsáideann sé na hocht n-inniúlacht lárnacha chun piarfhoghlaim agus malartú dea-chleachtas a spreagadh;
    • cuireann sé úsáid níos leithne na hocht n-inniúlacht lárnacha chun cinn i mbeartais ghaolmhara AE;
    • tugann sé tuairisc gach 2 bhliain maidir leis an dul chun cinn a rinneadh.
  • In 2009, chomhaontaigh AE clár nua straitéiseach le haghaidh comhair Eorpach in oideachas agus oiliúint (ET 2020) suas go dtí 2020. Tháinig sé sin in ionad an ET 2010 a bhí ann roimhe sin. Sainaithníodh an gá a bhí le foghlaim ar feadh an tsaoil agus soghluaisteacht i ndáiríre agus córais oideachais agus gairmoiliúna níos freagrúla d’athrú agus don domhan i gcoitinne.
  • In 2014, ghlac Erasmus+ ceannas ar an gclár foghlama ar feadh an tsaoil agus ar shé chlár oideachais, oiliúna agus óige a bhí ina gcláir ar leithligh roimhe sin.

CÚLRA

I ndomhan atá ag éirí níos domhandaithe i gcónaí, teastaíonn raon leathan scileanna ó dhaoine aonair chun dul in oiriúint don timpeallacht atá ag athrú de shíor ionas go n-éireoidh leo. Dearadh an chéad chlár foghlama ar feadh an tsaoil chun deiseanna foghlama a thairiscint do dhaoine ag aon chéim dá saol.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Moladh 2006/962/CE ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 ar inniúlachtaí lárnacha d’fhoghlaim ar feadh an tsaoil (IO L 394, 30.12.2006, lgh. 10-18)

Nuashonraithe 10.10.2016

Top