EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Soghluaisteacht do mhic léinn, daoine i mbun oiliúna, saorálaithe óga, múinteoirí agus oiliúnóirí
ACHOIMRE AR:
CAD IS AIDHM LEIS AN MOLADH?
I ndiaidh na Comhairle Eorpaigh i Liospóin in 2000, tá sé mar aidhm leis an moladh seo tacaíocht a thabhairt do shaorghluaiseacht sa réimse oideachais agus oiliúna. Iarrtar ann ar thíortha an Aontais Eorpaigh (AE) na bearta is gá a dhéanamh chun soghluaisteacht mac léinn, múinteoirí agus ball foirne oiliúna laistigh den Aontas Eorpach a spreagadh.
PRÍOMHPHOINTÍ
Iarrtar sa mholadh ar thíortha AE réidh a fháil le bacainní dlíthiúla, riaracháin, teangeolaíocha agus cultúrtha ar dhaoine:
i dtír AE eile.
Tá siad seo a leanas i measc na gceisteanna, na n-aidhmeanna agus na moltaí a cuireadh ar aghaidh:
Bearta a bhaineann go sonrach le mic léinn nó leo siúd atá i mbun oiliúna
Bearta a bhaineann le saorálaithe óga
Bearta a bhaineann le múinteoir agus oiliúnóirí
Iarrtar ar thíortha AE tuarascáil a dhréachtú gach 2 bhliain ar an mbeart a rinneadh mar fhreagairt ar na moltaí sin.
CÚLRA
Bhí feidhm ag na moltaí atá léirithe i dtosach maidir le cláir AE amhail Socrates (oideachas), Leonardo da Vinci (gairmoiliúint) agus an Óige, agus tá siad sin ar fad ina gcuid anois den chlár Erasmus+, agus forlíontar bearta leo a thagann faoi ET 2020 anois faoina gcumhdaítear comhar san oideachas, san oiliúint agus san fhoghlaim ar feadh an tsaoil.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Moladh 2001/613/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Iúil 2001 maidir le soghluaisteacht laistigh den Chomhphobal do mhic léinn, daoine i mbun oiliúna, saorálaithe, múinteoirí agus oiliúnóirí (IO L 215, 9.8.2001, lgh. 30-37)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Moladh ón gComhairle an 28 Meitheamh 2011 — “An Óige ag Gluaiseacht” — soghluaisteacht foghlama daoine óga a chur chun cinn (IO C 199, 7.7.2011, lgh. 1-5).
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: An Óige ag Gluaiseacht — Tionscnamh chun cumas daoine óga a spreagadh chun fás cliste, inbhuanaithe agus uileghabhálach a bhaint amach san Aontas Eorpach (COM(2010) 477 final, 15.9.2010)
Moladh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le Córas Creidmheasa Eorpach don Ghairmoideachais agus don Ghairmoiliúint a bhunú (ECVET) (IO C 155, 8.7.2009, lgh. 11-18)
Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile laistigh den Chomhairle an 15 Samhain 2007 maidir le feabhas a chur ar oideachas do mhúinteoirí (IO C 300, 12.12.2007, lgh. 6-9).
Cinneadh Uimh. 2241/2004/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le creat aonair Comhphobail do thrédhearcacht cáilíochtaí agus inniúlachtaí (Europass) (IO L 390, 31.12.2004, lgh. 6-20)
Nuashonraithe 19.12.2016