EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Slándáil shóisialta — cóir chomhionann idir fir agus mná

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 79/7/CEE — prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí slándála sóisialta a chur chun feidhme de réir a chéile

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Féachtar léi le hurraim a thabhairt do phrionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí slándála sóisialta.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá feidhm ag an treoir seo maidir le:

  • scéimeanna slándála sóisialta reachtúla lena soláthraítear cosaint ar bhreoiteacht, ar easláinte, ar thimpistí ag an obair agus ar ghalair cheirde, ar dhífhostaíocht agus ar rioscaí a bhaineann leis an tseanaois;
  • cúnamh sóisialta lena bhforlíontar na bunscéimeanna nó a chuirtear ina n-ionad.

Níl feidhm aige maidir le sochair mharthanóra agus scéimeanna sochar teaghlaigh.

Prionsabal na córa comhionainne

Leis an bprionsabal tugtar cosaint do shaoránaigh Eorpacha ar idirdhealú ar bhonn inscne, cibé acu idirdhealú díreach* nó indíreach*, maidir le:

  • raon feidhme na scéimeanna agus na coinníollacha maidir le rochtain orthu;
  • an oibleagáid cur le ríomh na ranníocaíochtaí;
  • ríomh na sochar, agus na coinníollacha lena rialaítear fad agus coinneáil na teidlíochta i leith sochair.

Féadfar rialacha sonracha a ghlacadh chun cosaint ban torrach a chinntiú.

Scor agus pinsin

Féadfaidh tíortha AE an méid seo a leanas a eisiamh ó raon feidhme na treorach:

  • cinneadh na haoise inphinsin;
  • buntáistí a thugtar do dhaoine ar scor a thóg páistí, go háirithe maidir le tréimhsí bearnaithe fostaíochta;
  • deonú teidlíochta seanaoise nó easláinte a bhaineann le teidlíochtaí díorthaithe céile;
  • sochair fhadtéarmacha a thugtar do chéile a bhaineann leis an easláinte, leis an tseanaois, le timpistí ag an obair nó le galar ceirde a gcéile;
  • ceart rogha roimh an Treoir a ghlacadh, go háirithe an rogha gan cearta a fháil nó oibleagáidí a thabhú faoi scéim slándála sóisialta reachtúil.

Déanann tíortha AE scrúdú ar an ngá leis na catagóirí sin a eisiamh i bhfianaise forbairtí sóisialta ar bhonn tréimhsiúil.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

B’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoi 1984.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Idirdhealú díreach: idirdhealú a tharlaíonn i gcás go gcaitear le duine amháin le níos lú fabhair ná mar a chaitear le duine eile, ná mar a caitheadh le duine eile nó mar a chaithfí le duine eile i gcás inchomparáide.
Idirdhealú indíreach: idirdhealú a tharlaíonn i gcás go gcuirfí daoine d’inscne amháin faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le daoine eile faoi riail, faoi chritéar nó faoi chleachtas atá neodrach de réir dealraimh, mura bhfuil údar maith oibiachtúil leis an riail, leis an gcritéar nó leis an gcleachtas sin le haidhm dhlisteanach, agus go bhfuil an modh chun an aidhm sin a bhaint amach cuí agus riachtanach.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 79/7/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1978 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí slándála sóisialta a chur chun feidhme de réir a chéile (IO L 6, 10.1.1979, lgh. 24–25)

Nuashonraithe 26.06.2018

Top