EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An córas Eorpach staidrimh iomlánaithe i ndáil le cosaint shóisialta (CESICS)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 458/2007 maidir leis an gcóras Eorpach staidrimh iomlánaithe i ndáil le cosaint shóisialta (CESICS)

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Bunaítear leis an córas Eorpach staidrimh iomlánaithe i ndáil le cosaint shóisialta (CESICS). Soláthraítear leis an gcóras sin rialacha dlíthiúla atá beartaithe chun úsáid bailiúchán reatha sonraí a fheabhsú ó thaobh tráthúlachta, cumhdaigh agus inchomparáide de.

PRÍOMHPHOINTÍ

Leis an rialachán seo cuirtear córas Eorpach staidrimh iomlánaithe i ndáil le cosaint shóisialta, ar a dtugtar CESICS i bhfeidhm. Déantar foráil ann i leith:

  • sraith rialacha, bunaithe ar chomhchaighdeáin, ar chomhshainmhínithe, ar chomhaicmithe agus ar chomhrialacha cuntasaíochta, atá le húsáid chun staidreamh a thiomsú ar bhonn inchomparáide chun tairbhe AE;
  • teorainneacha ama chun an staidreamh a thiomsaítear a tharchur.

Cumhdófar faoin staidreamh a bhaineann le críochóras CESICS sreafaí airgeadais maidir le caiteachas agus fáltais na cosanta sóisialta (sonraí cainníochtúla agus cáilíochtúla). Baineann siad leis na scéimeanna éagsúla um chosaint shóisialta.

Chomh maith leis an gcríochóras, cuireadh modúil faoina gcumhdaítear faisnéis chomhlántach staidrimh maidir le gnéithe faoi leith den chosaint shóisialta leis.

Raon feidhme an chórais

Cumhdaítear faoi CESICS staidreamh a bhaineann le sreafaí airgeadais maidir le caiteachais agus fáltais na slándála sóisialta.

Tá sonraí á mbailiú ag tosú ón mbliain 2008 mar thréimhse thagartha.

Modúl maidir le tairbhithe pinsin

Bhí modúl maidir le tairbhithe pinsin le chur leis an gcroíchóras ag tosú ó 2008 mar thréimshe thagartha.

Modúil bhreise

Chun modúl a thabhairt isteach maidir le glansochair chosanta sóisialta*, bhí treoirbhailiúcháin sonraí don bhliain 2005 le déanamh i ngach tír AE faoi dheireadh 2008.

Ar bhonn shintéis na treoirbhailiúchán náisiúnta sonraí sin, bhí cinneadh le déanamh maidir leis an modúl sin a thabhairt isteach agus bailiúchán iomlán sonraí a sheoladh, ach gan é a dhéanamh roimh 2010.

Foinsí sonraí

Ní mór don staidreamh a bheith bunaithe ar chláir agus ar fhoinsí riaracháin eile, ar shuirbhéanna agus ar mheastacháin, de réir a n–infhaighteachta i dtíortha AE agus i gcomhréir leis na dlíthe agus cleachtais náisiúnta.

Socruithe maidir le cur chun feidhme

Ghlac an Coimisiún Eorpach rialacháin shonracha chun rialachán CESICS a chur chun feidhme. Baineann siad sin le:

  • formáidí le haghaidh tarchuir, torthaí atá le tarchur agus critéir maidir leis an gcáilíocht chun chroíchóras CESICS agus an modúl maidir le sochair phinsin (Rialachán (CE) Uimh. 1322/2007) agus an modúl maidir le glansochair chosanta sóisialta (Rialachán (AE) Uimh. 110/2011) a thomhas;
  • na sainmhínithe, aicmithe mionsonraithe agus nuashonrú ar na rialacha maidir le croíchóras CESICS agus an modúl maidir le tairbhithe pinsin (Rialachán (CE) Uimh. 10/2008) a scaipeadh;
  • bailiúchán iomlán sonraí a sheoladh le haghaidh mhodúl CESICS maidir le glansochair chosanta sóisialta (Rialachán (AE) Uimh. 263/2011).

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 20 Bealtaine 2007.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Glansochair chosanta sóisialta: aistrithe, in airgead tirim nó i gcomhchineál, trí scéimeanna cosanta sóisialta le teaghlaigh agus daoine aonair chun ualach riosca nó riachtanas amháin nó níos mó a bhaint díobh, amhail:
  • tinneas agus/nó cúram sláinte,
  • míchumas,
  • seanaois,
  • dífhostaíocht,
  • tithíocht agus
  • eisiamh sóisialta.

Cuirtear san áireamh le glansochair chosanta sóisialta luach na sochar sin i ndiaidh cánacha agus ranníocaíochtaí sóisialta ar bith a d’íoc an faighteoir.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 458/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Aibreán 2007 maidir leis an gcóras Eorpach staidrimh iomlánaithe i ndáil le cosaint shóisialta (CESICS) (IO L 113, 30.4.2007, lgh. 3-8).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 263/2011 ón gCoimisiún an 17 Márta 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 458/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras Eorpach staidrimh iomlánaithe i ndáil le cosaint shóisialta (CESICS) maidir le bailiúchán iomlán sonraí a sheoladh le haghaidh mhodúl CESICS maidir le glansochair chosanta sóisialta (IO L 71, 18.3.2011, lgh. 4-8)

Rialachán (AE) Uimh. 110/2011 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 458/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras Eorpach staidrimh iomlánaithe i ndáil le cosaint shóisialta (CESICS) maidir leis na formáidí chun sonraí a tharchur, na torthaí a bheidh le tarchur agus na critéir maidir le cáilíocht mhodúl CESICS maidir le glansochair chosanta sóisialta a thomhas (IO L 34, 9.2.2011, lgh. 29-32)

Rialachán (CE) Uimh. 10/2008 ón gCoimisiún an 8 Eanáir 2008 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 458/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras Eorpach staidrimh iomlánaithe i ndáil le cosaint shóisialta (CESICS) maidir le sainmhínithe, aicmithe mionsonraithe agus nuashonrú na rialacha chun croíchóras CESICS agus an modúl maidir le glansochair chosanta sóisialta a scaipeadh (IO L 5, 9.1.2008, lgh. 3-12)

Rialachán (CE) Uimh. 1322/2007 ón gCoimisiún an 12 Samhain 2007 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 458/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras Eorpach staidrimh iomlánaithe i ndáil le cosaint shóisialta (CESICS) maidir leis na formáidí cuí chun sonraí a tharchur, na torthaí a bheidh le tarchur agus na critéir maidir le cáilíocht chroíchóras CESICS agus an modúl maidir le glansochair chosanta sóisialta a thomhas (IO L 294, 13.11.2007, lgh. 5-10)

Nuashonraithe 19.04.2018

Top