EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Gníomhartha Aitíopúla

Is éard is gníomhartha aitíopúla ann catagóir gnímh a ghlacann institiúidí Eorpacha. D’fhéadfaí baint a bheith acu le heagrú inmheánach an Aontais Eorpaigh (AE) nó d’fhéadfadh feidhm níos ginearálta a bheith leo maidir le sainréimsí beartais.

ACHOIMRE

RÉAMHRÁ

Is éard is gníomhartha aitíopúla ann gníomhartha a ghlacann na hinstitiúidí AE. Cuirtear síos ar na gníomhartha sin mar a bheith “aitíopúla” toisc nach dtagann siad faoi na catagóirí um ghníomh dlíthiúil dá bhforáiltear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (Airteagail 288, 289, 290, 291292).

Dá bhrí sin tá raon leathan gníomhartha aitíopúla ann. Déantar foráil i leith cuid díobh le hairteagail eile de Chonarthaí bunaidh AE, agus forbraíodh cuid eile díobh trí chleachtas institiúideach.

Déantar idirdhealú idir gníomhartha aitíopúla de réir a bhfeidhme, ar feidhm pholaitiúil í go ginearálta. Mar sin féin, is féidir le cuid díobh a bheith ceangailteach, ach baineann sé sin le creat institiúideach AE amháin.

GNÍOMHARTHA AITÍOPÚLA DÁ NDÉANTAR FORÁIL SNA CONARTHAÍ

Is gníomhartha aitíopúla iad Rialacha Nós Imeachta institiúidí AE. Leagtar síos sna Conarthaí bunaidh go nglacfaí institiúidí AE a Rialacha Nós imeachta féin.

Leagtar síos sna Rialacha Nós Imeachta eagrú, oibriú agus rialacha inmheánacha institiúidí AE. Níl éifeacht cheangailteach leo ach don institiúid lena mbaineann amháin.

Déantar foráil sna Conarthaí bunaidh chomh maith i leith cineálacha eile gnímh a ghlactar i gcomhthéacs plé pholaitiúil idir na hinstitiúidí AE. Go bunúsach, tá na gníomhartha sin riachtanach chun obair agus comhoibriú idir na hinstitiúidí a éascú. Mar shampla, i gcomhthéacs an nós imeachta chun comhaontuithe idirnáisiúnta a ghlacadh, féadfaidh an Chomhairle treoirlínte idirbheartaíochta a chur chuig an gCoimisiún Eorpach maidir le hidirbheartaíocht na gcomhaontuithe.

Féadfaidh na hinstitiúidí dul ar aghaidh tuilleadh fosta trína gcomhoibriú a eagrú trí chomhaontuithe idir-institiúideacha. Gníomhartha aitíopúla is ea na cineálacha sin comhaontaithe chomh maith. D’fhéadfaí éifeacht cheangailteach a bheith leo, ach do na hinstitiúidí a shíníonn an comhaontú amháin.

GNÍOMHARTHA AITÍOPÚLA NACH NDÉANTAR FORÁIL DÍOBH SNA CONARTHAÍ

D’fhorbair gach institiúid AE sraith ionstraimí i gcomhthéacs a gníomhaíochta féin.

Mar shampla, cuireann Parlaimint na hEorpa gcuid dá staideanna polaitiúla in iúl ar leibhéal idirnáisiúnta trí rúin nó trí dhearbhuithe. Mar an gcéanna, glacann an Chomhairle go rialta conclúidí, rúintreoirlínte i ndiaidh a cruinnithe. Go bunúsach, cuirtear tuairim na n-institiúidí maidir le ceisteanna Eorpacha nó idirnáisiúnta áirithe in iúl sna gníomhartha sin. Tá feidhm ghinearálta leo ach níl éifeacht cheangailteach leo.

Glacann an Coimisiún roinnt gníomhartha aitíopúla chomh maith a bhaineann go sonrach leis. Teachtaireachtaí is ea iad sin, ina gcuirtear cláir úra bheartais i láthair go ginearálta. Glacann an Coimisiún páipéir ghlasa chomh maith, a bhfuil sé beartaithe leo comhairliúcháin phoiblí maidir le ceisteanna Eorpacha áirithe a lainseáil. Baineann sé úsáid astu sin chun an fhaisnéis riachtanach a bhailiú roimh thogra reachtach a dhréachtú. I ndiaidh thorthaí na bpáipéar glas, glacann an Coimisiún páipéir bhána corruair, ina leagtar amach tograí mionsonraithe do ghníomh Eorpach.

Nuashonraithe 10.11.2015

Top