Help Print this page 

Summaries of EU Legislation

Title and reference
Cinntí an Aontais Eorpaigh

Summaries of EU legislation: direct access to the main summaries page.
Languages and formats available
Multilingual display
Text

Cinntí an Aontais Eorpaigh

Is féidir le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh (AE) glacadh le cúig chineál gníomhartha dlíthiúla chun inniúlacht AE a chur i bhfeidhm. Is gníomh dlíthiúil ceangailteach é an cinneadh a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm go ginearálta nó a d’fhéadfaí a dhíriú ar dhuine aonair nó ar ghrúpa áirithe.

ACHOIMRE

Is féidir le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh (AE) glacadh le cúig chineál gníomhartha dlíthiúla chun inniúlacht AE a chur i bhfeidhm. Is gníomh dlíthiúil ceangailteach é an cinneadh a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm go ginearálta nó a d’fhéadfaí a dhíriú ar dhuine aonair nó ar ghrúpa áirithe.

Is cuid den dlí tánaisteach AE é an cinneadh. Glacann institiúidí AE le cinneadh i gcomhréir leis na conarthaí bunaidh.

Gníomh atá ina cheangal go huile agus go hiomlán

Tá cinneadh ina cheangal go huile agus go hiomlán de réir Airteagail 288 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Mar an gcéanna le rialachán, ní féidir é a chur i bhfeidhm go neamhiomlán, go roghnach ná go páirteach.

Is féidir le cinneadh a bheith ina ghníomh reachtach nó neamhreachtach.

Bíonn cinntí ina ngníomhartha reachtacha nuair a ghlactar go comhpháirteach leo ag:

Bíonn cinntí ina ngníomhartha neamhreachtacha i gcásanna eile. Mar shampla, is féidir leis an gComhairle Eorpach, leis an gComhairle nó leis an gCoimisiún glacadh le cinntí.

Is féidir le cinntí neamhreachtacha a bheith ina ngníomhartha tarmligthe agus ina ngníomhartha cur chun feidhme freisin.

Cinneadh atá dírithe ar dhuine aonair nó ar ghrúpa áirithe

Is féidir cinneadh a dhíriú ar dhuine aonair amháin nó níos mó (mar shampla tír AE, cuideachta AE nó duine aonair amháin, nó níos mó). Mar shampla, nuair a gearradh fíneáil ar an gcuideachta bogearraí Microsoft, faoi chinneadh ón gCoimisiún, as mí-úsáid ar a cheannas margaidh, ní raibh tionchar ag an gcinneadh sin ach ar Microsoft.

Nuair atá cinneadh dírithe ar dhuine aonair nó ar ghrúpa áirithe, ní mór an cinneadh sin a chur in iúl don duine nó don ghrúpa lena mbaineann. Bíonn feidhm ag an gcinneadh ón bpointe sin ar aghaidh. Féadfar litir chláraithe agus admháil a sheoladh amach, mar shampla. Is féidir cinneadh atá dírithe ar dhuine aonair nó ar ghrúpa áirithe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Fiú má fhoilsítear san Iris Oifigiúil é, ní mór an gníomh a chur in iúl go fóill lena chinntiú gur féidir é a chur i bhfeidhm ar an duine nó ar an ngrúpa ar a bhfuil sé dírithe.

Bíonn éifeacht dhíreach (.i. is féidir cearta agus oibleagáidí a chruthú go díreach do na daoine aonair agus grúpaí lena mbaineann, ar féidir leo iad a agairt agus ar féidir leo brath orthu sa chúirt) ag na cinntí atá dírithe ar dhuine aonair amháin nó níos mó nó ar chuideachta amháin nó níos mó.

D’fhéadfadh éifeacht dhíreach a bheith ag na cinntí atá dírithe ar thír AE amháin nó ar roinnt tíortha AE. Bíonn éifeacht dhíreach ag na cinntí sin ag brath ar a nádúr, a gcúlra agus a bhfoclaíocht. Ní aithníonn Cúirt Bhreithiúnais AE ach éifeacht dhíreach “ingearach” na gcinntí atá dírithe ar thír AE amháin nó ar roinnt tíortha AE. Is ionann sin agus nach féidir le duine aonair brath ach ar chinneadh i gcoinne na tíre AE ar a bhfuil an cinneadh dírithe (ní féidir le duine aonair brath ar chinneadh i gcoinne duine aonair eile).

Cinntí nach bhfuil dírithe ar dhuine aonair ná ar ghrúpa áirithe

Ó cuireadh Conradh Liospóin i bhfeidhm, ní gá an duine aonair ná an grúpa ar a bhfuil cinneadh dírithe a shonrú sa chinneadh sin a thuilleadh. Go háirithe, soiléirítear in Airteagal 288, CFAE gur féidir an duine aonair nó an grúpa ar a bhfuil an cinneadh dírithe a shonrú sa chinneadh sin. San airteagal roimhe sin (Airteagal 249 den Chonradh ag Bunú an Chomhphobail Eorpaigh) ní dhearnadh tagairt ach amháin do chinneadh a shonraigh an duine nó grúpa ar a raibh an cinneadh dírithe.

D’fhéadfaí glacadh le cinntí nach bhfuil dírithe ar dhuine aonair ná ar ghrúpa áirithe trí nósanna imeachta reachtacha.

Na cinntí nach bhfuil dírithe ar dhaoine aonair ná ar ghrúpa áirithe, nach nglactar leo trí nósanna imeachta reachtacha, is gníomhartha neamhreachtacha iad. Úsáidtear na cinntí neamhreachtacha sin mar ghníomh bunúsach dlíthiúil i réimse an chomhbheartais eachtraigh agus slándála (CBES) ach go háirithe. De réir Airteagail 25 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), déanfaidh AE an CBES a rialú trí:

  • threoirlínte ginearálta a shainmhíniú;
  • ghníomhartha atá le glacadh ag AE a shainmhíniú;
  • sheasaimh atá le glacadh ag AE a shainmhíniú;
  • shocruithe a shainmhíniú maidir leis na gníomhartha agus na seasaimh thuas a chur i bhfeidhm.

Glacann an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle le cinntí neamhreachtacha chun na gcríoch sin agus bunaithe ar an CAE (Airteagal 31(1), CAE).

Na cinntí nach sonraítear na daoine aonair ná na grúpaí ar a bhfuil siad dírithe iontu, cibé an gníomhartha reachtacha nó neamhreachtacha iad, ní mór iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Cuirtear na cinntí sin i bhfeidhm ar an dáta atá sonraithe iontu, nó ina éagmais sin, ar an 20ú lá i ndiaidh a bhfoilsithe.

Féach an dlí AE ar láithreán gréasáin an Aontais Eorpaigh chun tuilleadh faisnéise a fháil.

Nuashonraithe 16.09.2015

Top