Help Print this page 
Title and reference
Gníomhartha dlíthiúla an Aontais Eorpaigh

Summaries of EU legislation: direct access to the main summaries page.
Multilingual display
Text

Gníomhartha dlíthiúla an Aontais Eorpaigh

Glacann institiúidí an Aontais Eorpaigh (AE) le gníomhartha éagsúla dlíthiúla chun a gcuid tascanna a chur i gcrích. D’fhéadfaidís glacadh le gníomhartha reachtacha nó le gníomhartha neamhreachtacha. D’fhéadfadh brí cheangailteach a bheith ag na gníomhartha sin, ag brath ar a nádúr.

ACHOIMRE

Glacann institiúidí an Aontais Eorpaigh (AE) le gníomhartha éagsúla dlíthiúla chun a gcuid tascanna a chur i gcrích. D’fhéadfaidís glacadh le gníomhartha reachtacha nó le gníomhartha neamhreachtacha. D’fhéadfadh brí cheangailteach a bheith ag na gníomhartha sin, ag brath ar a nádúr.

Réamhrá

Rinneadh aicmiú na ngníomhartha dlíthiúla AE a leasú i gConradh Liospóin. Ar mhaithe le simpliú, laghdaíodh líon na ngníomhartha dlíthiúla a bhfuil rochtain ag na hinstitiúidí AE orthu ó bhreis is deich ngníomh go dtí cúig ghníomh.

Ina theannta sin, cuireadh ar chumas an Choimisiúin Eorpaigh glacadh le catagóir nua gníomhartha: gníomhartha tarmligthe. Cuireadh le hinniúlacht an Choimisiúin freisin, rud a chuir ar a chumas glacadh le gníomhartha cur chun feidhme. Rinneadh iarracht leis na hathruithe sin feabhas a chur ar an éifeachtúlacht chinnteoireachta AE agus ar chur i bhfeidhm na gcinntí sin.

Gníomhartha dlíthiúla AE agus aicmiú na ngníomhartha sin

Faoi Airteagal 288 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), is féidir le hinstitiúidí Eorpacha glacadh le cúig chineál gníomhartha dlíthiúla:

tuairim.

Is gníomhartha dlíthiúla ceangailteacha iad na rialacháin, na treoracha agus na cinntí. Ní gníomhartha dlíthiúla ceangailteacha iad an moladh ná an tuairim.

Is féidir cinneadh a dhíriú ar dhuine amháin nó níos mó ná duine amháin (tíortha AE, gnóthais nó daoine aonair). Tá cinntí ann freisin nach ndírítear ar dhuine ar bith, go háirithe i réimse an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála (CBES).

Gníomhartha tarmligthe

Faoi Airteagal 290 CFAE, tugtar cead don reachtóir AE (Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle de ghnáth) cumhacht a tharmligean don Choimisiún chun glacadh le gníomhartha neamhreachtacha ginearálta, gníomhartha lena bhforlíontar nó lena leasaítear eilimintí áirithe neamhriachtanacha de ghníomh reachtach.

Mar shampla, is féidir le gníomhartha tarmligthe rialacha nua (neamhriachtanacha) a chur leis nó gnéithe áirithe de ghníomh reachtach a leasú. Cuireann sé seo ar chumas an reachtóra díriú ar an treo beartais agus ar chuspóirí beartais gan a bheith air nó uirthi dul i mbun díospóireachtaí mionsonraithe, díospóireachtaí a bhíonn an-teicniúil go minic.

Mar sin féin, cuirtear teorainneacha dochta le tarmligean na cumhachta chun glacadh le gníomhartha tarmligthe. Ní féidir ach an Coimisiún a chumhachtú chun glacadh le gníomhartha tarmligthe. Thairis sin, tá seans ann nach mbeidh eilimintí riachtanacha réimse faoi réir ag tarmligean cumhachta. Ina theannta sin, ní mór cuspóirí, inneachar, raon agus fad tharmligean na cumhachta a shainmhíniú sna gníomhartha reachtacha. Ar deireadh, ní mór don reachtóir na coinníollacha faoina gcuirfear an tarmligean i gcrích a leagadh amach go sainráite sa ghníomh reachtach. Maidir leis seo, féadfaidh an Pharlaimint agus an Chomhairle foráil a dhéanamh don cheart chun tarmligean a chúlghairm nó chun agóidí a dhéanamh i gcoinne an ghnímh tharmligthe.

Úsáidtear an nós imeachta seo ina lán réimsí, amhail an margadh inmheánach, an talmhaíocht, an comhshaol, cosaint an tomhaltóra, an t-iompar agus an limistéar saoirse, slándála agus ceartais.

Gníomhartha cur chun feidhme

Na tíortha AE atá freagrach go príomha as gníomhartha AE atá ceangailteach go dlíthiúil a chur i bhfeidhm. Ní mór coinníollacha aonfhoirmeacha a leagadh amach, áfach, maidir le gníomhartha áirithe a chur i bhfeidhm. Sna cásanna sin, tugtar cumhacht don Choimisiún nó, i gcásanna sonracha a bhfuil údar leo nó a bhfuil foráil déanta dóibh in Airteagal 24 agus in Airteagal 26 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, don Chomhairle glacadh le gníomhartha cur chun feidhme (Airteagal 291, CFAE).

Leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na tíortha AE ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún. Déantar feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme a rialú trí nósanna imeachta “coiste”, mar a dtugtar orthu sa bhéarlagair AE, .i. tugann coistí a bhfuil ionadaithe ó na tíortha AE iontu agus a bhfuil ionadaí an Choimisiúin ina chathaoirleach orthu cabhair don Choimisiún. Cuireann cathaoirleach an choiste dréachtghníomhartha cur chun feidhme faoi bhráid an choiste, más ann dóibh.

Féach dlí AE ar láithreán gréasáin an Aontais Eorpaigh chun tuilleadh faisnéise a fháil.

Nuashonraithe 08.09.2015

Top