EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhbheartas slándála agus cosanta AE

Is é an Comhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC) ná beartas slándála agus cosanta an Aontais Eorpaigh (AE). Is bunchuid den bheartas eachtrach AE é, an Comhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES).

ACHOIMRE

Is é an Comhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC) ná beartas slándála agus cosanta an Aontais Eorpaigh (AE). Is bunchuid den bheartas eachtrach AE é, an Comhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES).

CÉARD A DHÉANANN AN CBSC?

Cruthaítear creat le haghaidh ghnéithe míleata agus cosanta an bheartais AE faoin CBSC. Cruthaíodh an CBSC nuair a síníodh Conradh Liospóin sa bhliain 2009. Cuireadh in ionad an tseanBheartais Eorpaigh Shlándála agus Chosanta (BESC) é agus rinneadh forbairt ar an mbeartas sin leis. Is é cuspóir an bheartais ná comhchumas Eorpach cosanta a chur ar bun.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Ní mór do na tíortha AE cumais shibhialta agus cumais mhíleata a chur ar fáil don Aontas Eorpach chun an CBSC a chur i bhfeidhm.
  • Áirítear leis an CBSC comhbheartas cosanta AE a leagadh amach de réir a chéile; tiocfaidh comhchosaint as sin nuair a chinnfidh an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di d’aon toil, gur cheart é sin a dhéanamh; ní dhéanfaidh an beartas AE dochar do nádúr sonrach bheartas slándála agus cosanta tíortha áirithe AE agus tabharfar aird ann d’oibleagáidí tíortha áirithe AE faoi Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT). Cruthaíodh clásal frithpháirteach cosanta faoi Chonradh Liospóin, agus is príomheilimint den CBSC an clásal sin.
  • Cuirfidh tíortha AE bearta i bhfeidhm chun a gcumais mhíleata a fheabhsú. Is é cuspóir na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint (GEC) ná cabhrú le héascaíocht a dhéanamh ar na bearta sin. Cuireann an ghníomhaireacht tuarascálacha faoina cuid oibre faoi bhráid Chomhairle AE. Baineann an obair sin le:
    • comhchuspóirí maidir le cumas míleata a leagadh amach le haghaidh tíortha AE;
    • cláir a thabhairt isteach agus a bhainistiú chun na cuspóirí sin a bhaint amach;
    • riachtanais oibríochtúla na dtíortha AE a chomhchuibhiú trí chumais mhíleata a “chur i dtoll a chéile agus a chomhroinnt”;
    • gníomhaíochtaí taighde teicneolaíochta cosanta a bhainistiú (22 réimse tosaíochta, crua-earraí leictreonaice, córais in aghaidh mianach talún agus cosaint fhisiceach san áireamh);
    • bonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na hearnála cosanta a neartú; agus
    • éifeacht an chaiteachais mhíleata a fheabhsú.
  • Déantar tagairt sa bhuanchomhar struchtúrtha i gcosaint (a cuireadh leis freisin faoi Chonradh Liospóin - Airteagail 42 agus 46 den Chonradh ar an Aontas Eorpach) do chineál comhair níos doimhne idir tíortha AE. Faoin gcreat sin, geallann na tíortha AE go ndéanfar forbairt bhreise ar a gcumais chosanta agus go gcuirfidh siad aonaid chomhraic ar fáil le haghaidh na misean atá beartaithe. Déanann an GEC cúnamh a mheas agus déanann an Chomhairle comhar a údarú.
  • Féadfaidh AE acmhainní sibhialta agus acmhainní míleata a úsáid lasmuigh den Aontas Eorpach ar mhaithe leis an tsíocháin a choimeád, le coinbhleachtaí a chosc agus le slándáil idirnáisiúnta a neartú. Is féidir tabhairt faoi na cineálacha tascanna seo a leanas faoin CBSC:
    • tascanna daonnúla agus tascanna tarrthála;
    • coinbhleachtaí a chosc;
    • tascanna fórsaí comhraic ar mhaithe le bainistíocht géarchéimeanna;
    • comhoibríochtaí dí-armála;
    • tascanna comhairle míleata agus tascanna cúnaimh mhíleata; agus
    • tascanna ar mhaithe le cobhsaíocht i ndiaidh coinbhleachta.
  • Déanann an Chomhairle AE cuspóirí na dtascanna agus na dálaí faoina gcuirfear i bhfeidhm iad a shainmhíniú. Féadfaidh an Chomhairle tíortha AE a roghnú chun tasc a chur i bhfeidhm, a bhfuil siad ábalta agus a bhfuil siad sásta é sin a dhéanamh. Gníomhaíonn na tíortha AE, atá freagrach as tascanna a chur i gcrích, i gcomhar leis an Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, agus bíonn orthu an dul chun cinn a dhéanann siad a chur in iúl don Chomhairle go rialta.

CÚLRA

Cuireadh an chéad chomhbheartas Eorpach cosanta, Conradh na Bruiséile (arna shíniú ag an Ríocht Aontaithe (1), ag an bhFrainc agus tíortha Benelux), i bhfeidhm sa bhliain 1948. Bhí comhchlásal cosanta sa chonradh sin agus rinne an clásal sin an bealach a réiteach d’Aontas Iarthar na hEorpa (AIE). Ó shin i leith, leanadh bealaí éagsúla maidir leis an mbeartas Eorpach slándála, agus rinneadh forbairt air san am céanna laistigh d’AIE, d’ECAT agus den Aontas Eorpach.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach: Slándáil agus cosaint - CBSC.

Nuashonraithe 16.09.2015



(1) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina tríú tír (tír nach tír den Aontas Eorpach í) ó bhí an 1 Feabhra 2020 ann.

Top