Help Print this page 

Summaries of EU Legislation

Title and reference
Réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais

Summaries of EU legislation: direct access to the main summaries page.
Languages and formats available
Multilingual display
Text

Réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais

 

ACHOIMRE

RÉAMHRÁ

Tá sé beartaithe le Conradh Liospóin bunú comhlimistéir Eorpaigh a neartú ina bhféadfaidh daoine gluaiseacht faoi shaoirse agus leas a bhaint as cosaint dhlíthiúil éifeachtúil. Baineann impleachtaí le cruthú limistéir dá leithéid maidir le limistéir ina bhfuil ionchais arda ag saoránaigh Eorpacha, amhail inimirce agus an comhrac i gcoinne na coireachta eagraithe agus na sceimhlitheoireachta. Tá gné shuntasach thrasteorann ag baint leis na ceisteanna sin agus dá bhrí sin teastaíonn comhar éifeachtúil ar an leibhéal Eorpach.

Roinntear na téamaí a bhaineann le réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais i gConradh Liospóin ina gceithre réimse:

beartais a bhaineann le rialú teorann, tearmann agus inimirce;

comhar breithiúnach i gcúrsaí sibhialta;

comhar breithiúnach i gcúrsaí coiriúla;

comhar póilíneachta.

Bhí cúrsaí a bhaineann le comhar breithiúnach coiriúil agus comhar póilíneachta cumhdaithe roimhe seo faoi 3ú cholún an Aontais Eorpaigh (AE), arna rialú ag comhar idir-rialtais. Faoi chreat an 3ú colúin, ní raibh inniúlachtaí ar bith ag institiúidí Eorpacha agus dá bhrí sin níorbh fhéidir leo rialacháin nó treoracha a ghlacadh. Cuirtear deireadh i gConradh Liospóin leis an idirdhealú sin agus is féidir le AE feasta idirghabháil a dhéanamh sna cúrsaí uiel a bhaineann le réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais.

RIALÚ TEORANN, TEARMANN AGUS INIMIRCE

Cuirtear inniúlachtaí úra i leith na n-institiúidí Eorpacha i gConradh Liospóin, a bheidh ábalta feasta bearta a ghlacadh chun:

comhbhainistíocht ar theorainneacha seachtracha AE a bhunú; go sonrach tríd an nGníomhaireacht chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ar a dtugtar Frontex;

comhchóras Eorpach tearmainn a chruthú; beidh córas dá leithéid bunaithe ar stádas Eorpach aonfhoirmeach agus nósanna imeachta coiteanna maidir le tearmann a dheonú agus a aistarraingt;

rialacha, coinníollacha agus cearta a bhunú i dtaca le hinimirce dhlíthiúil.

COMHAR BREITHIÚNACH I GCÚRSAÍ SIBHIALTA

Tugtar údarú le Conradh Liospóin d’institiúidí Eorpacha chun bearta úra a ghlacadh maidir le:

cur chun feidhme prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh: ní mór do gach córas dlíthiúil cinntí arna nglacadh ag córais dhlíthiúla thíortha AE eile mar a bheith bailí agus infheidhme;

rochtain éifeachtúil ar cheartas;

forbairt modhanna malartacha um réiteach díospóidí;

oiliúint na mbreithiúna agus na foirne breithiúnaí.

COMHAR BREITHIÚNACH I GCÚRSAÍ COIRIÚLA

Le díchur 3ú colún AE, déantar réimse den chomhar breithiúnach coiriúil iomlán inar féidir le hinstitiúidí Eorpacha reachtaíocht a rith.

Go sonrach, féadfaidh na hinstitiúidí Eorpacha feasta íosrialacha a bhunú maidir leis na cionta coiriúla is tromchúisí a shainiú agus smachtbhannaí a fhorchur ina leith. Lena chois sin, féadfaidh AE idirghabháil a dhéanamh i sainiú rialacha comhchoiteanna maidir le nós imeachta coiriúil a chur i bhfeidhm, mar shampla, i dtaca le hinghlacthacht fianaise ar chearta daoine aonair.

Ina theannta sin, tá sé beartaithe ról Eurojust in AE a neartú le Conradh Liospóin. Is é misean Eurojust cuidiú le himscrúduithe agus ionchúisimh a chomhordú idir údaráis inniúla thíortha AE. Níl de chumhacht ag Eurojust faoi láthair ach tograí a dhéanamh; féadfaidh sé a iarraidh ar údaráis náisiúnta imscrúduithe nó ionchúisimh a thionscnamh. Feasta, le Conradh Liospóin, tugtar an rogha do na hinstitiúidí Eorpacha misin agus cumhachta Eurojust a leathnú leis an ngnáthnós imeachta reachtach.

Lena chois sin, breathnaítear i gConradh Liospóin ar chruthú féideartha Oifige Eorpaí um Ionchúisitheoir Poiblí iarbhír ó Eurojust. Bheadh cumhachtaí suntasacha ag oifig dá leithéid toisc go bhféadfadh sí imscrúdú a dhéanamh, ionchúiseamh a dhéanamh agus déantóirí na gcoireanna a thabhairt os chomhair breithiúnais. Ina theannta sin, bheadh an cumas ag an Oifig Eorpach um Ionchúisitheoir Poiblí feidhmeanna an ionchúisitheora a fheidhmiú i gcúirteanna inniúla thíortha AE.

Mar sin féin, ní bhunaítear oifig Eorpach um ionchúisitheoir poiblí fós le Conradh Liospóin, ach ní dhéantar leis ach údarú a thabhairt don Chomhairle, agus í ag gníomhú d’aon toil, chun rialachán a ghlacadh maidir leis seo. Mura sroicheann an Chomhairle aontoilíocht, ansin beidh an rogha ag naoi dtír AE ar a laghad, chun oifig Eorpach um ionchúisitheoir poiblí a bhunú eatarthu faoi chreat comhair fheabhsaithe.

COMHAR PÓILÍNEACHTA

Faoi mar atá sé le comhar breithiúnach coiriúil, baineann an comhar póilíneachta leas as díchur 3ú colún AE. Feasta, beidh na hinstitiúidí Eorpacha ábalta rialacháin agus treoracha sa réimse seo a ghlacadh

Leis sin sínítear an gnáthnós imeachta chuig gach gné neamhoibriúil sa chomhar póilíneachta. I gcodarsnacht leis sin, déanfar comhar oibríochtúil a chinneadh trí nós imeachta reachtach speisialta lena dteastaíonn aontoilíocht na Comhairle. Mar sin féin, tá foráil déantar i gConradh Liospóin chomh maith don rogha comhar feabhsaithe a bhunú mura sroicheann an Chomhairle aontoilíocht.

Anuas air sin, tá foráil déanta i gConradh Liospóin i leith neartú de réir a chéile ar an Oifig Eorpach Póilíní (Europol). Faoi mar atá le Eurojust, tugtar údarú feasta don Chomhairle agus don Pharlaimint le Conradh Liospóin chun misin agus cumhachtaí Europol a fhorbairt faoi chreat an gháthnós imeachta. Faoi láthair, tá ról Europol teoranta do chomhar idir údaráis thíortha AE a éascú. Tá sé sonraithe i gConradh Liospóin go bhféadfadh sé go mbeadh comhordú, eagrú agus cur i bhfeidhm gníomhartha oibriúcháin san áireamh sna cúraim úra chomh maith.

DÍOLÚINTÍ

Baineann an Ríocht Aontaithe, Éire agus an Danmhairg leas as socruithe speisialta, lena n-áirítear na bearta atá glactha thuas faoi cheart um réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais. Tá an rogha ag na trí thír sin páirt a ghlacadh nó gan páirt a ghlacadh sna nósanna imeachta reachtacha maidir leis an réimse seo a chinneadh. Ní bheidh siad, dá bhrí sin, faoi cheangal na mbeart a glacadh.

Lena chois sin, cuirtear dhá chineál clásail um mhaolú leis an Ríocht Aontaithe, le hÉirinn agus leis an Danmhairg:

clásal “glac le” lena gcuirtear ar chumas gach ceann díobh páirt a ghlacadh, cás ar chás, sa nós imeachta glactha do bheart nó i gcur i bhfeidhm birt atá glactha cheana. Beidh siad faoi cheangal an bhirt seo ansin mar a bheidh tíortha AE eile;

clásal “diúltaigh dó” lena gcuirtear ar a gcumas gan beart a chur i bhfeidhm ag am ar bith.

Nuashonraithe 22.09.2015

Top