EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Neartú an daonlathais Eorpaigh

RÉAMHRÁ

Cuireann Conradh Liospóin an saoránach ar ais i gceartlár thionscadal an Aontais Eorpaigh (AE) agus féachtar leis suim na saoránach in institiúidí agus in éachtaí an Aontais Eorpaigh (AE) a neartú, cé go bhfeictear dóibh go minic nach bhfuil aon bhaint acu lena gcuid cúraimí laethúla. Cuspóir de chuid Chonradh Liospóin is ea daonlathas Eorpach a chur chun cinn a thairgeann do shaoránaigh an deis chun páirt a ghlacadh i bhfeidhmiú agus i bhforbairt an AE.

Ní mór go n-aithnítear an tsaoránacht Eorpach níos fearr i gconarthaí bunaidh an AE chun a leithéid de chuspóir a bhaint amach. Féachann Conradh Liospóin le feidhmiú an Aontais a shimpliú agus a shoiléiriú fosta chun é a dhéanamh níos sothuigthe agus mar sin chun go mbeidh rochtain níos fearr ag na saoránaigh air. Ar deireadh, neartaíonn Conradh Liospóin ionadaíocht agus rannpháirtíocht an tsaoránaigh i bpróiseas cinnteoireachta na hEorpa. Is príomhnuálaíocht dá chuid tionscnamh na saoránach a chruthú.

AN SAORÁNACH I gCEARTLÁR DHAONLATHAS IONADAÍOCH NA hEORPA

Tugann Conradh Liospóin airteagal nua isteach ina n-aithnítear go hiomlán diminsean polaitíochta na saoránachta Eorpaí. De réir Airteagal 10 den Chonradh ar an AE, déanann Parlaimint na hEorpa ionadaíocht go díreach do na saoránaigh, agus tá an daonlathas ionadaíochta seo ar cheann de phrionsabail bunaidh an AE. Ní thugann a leithéid d’aithint cearta nua do shaoránaigh, ach is mór an luach siombalach a bhaineann léi.

Lena chois sin, cuireann Airteagal 10 prionsabal na gaireachtaar bun , rud a chiallaíonn gur gá cinntí a dhéanamh chomh gar do na saoránaigh agus is féidir trí pháirt chomh éifeachtúil agus is féidir a thabhairt do rialtais náisiúnta agus áitiúla chun an AE a thabhairt níos gaire dá chuid saoránach.

Ag féachaint do thoghcháin na bliana 2014, na chéad toghcháin ó cuireadh Conradh Liospóin i bhfeidhm, tá sé beartaithe ag an Choimisiún leas na saoránach sna toghcháin Eorpacha a spreagadh. I moladh (2013/142/AE) agus i dteachtaireacht (COM/2013/0126 final) a foilsíodh ag deireadh mhí Mhárta 2013, thug an Coimisiún cuireadh do pháirtithe polaitíochta náisiúnta agus Eorpacha toghthóirí a chur ar an eolas maidir lena naisc chleamhnachta agus ainm an iarrthóra d’Uachtarán an Choimisiúin, a bhfuil tacaíocht á tabhairt acu dó, a fhoilsiú roimh na toghcháin.

AONTAS EORPACH NÍOS INSROICHTE AG SAORÁNAIGH

Is minic a fheictear do dhaoine gur achrannach crua struchtúr agus nósanna imeachta an AE. Soiléiríonn Conradh Liospóin feidhmiú an AE chun go dtuige na saoránaigh níos fearr é. Tugann na nósanna imeachta reachtacha iomadúla a n-ionad uathu anois do ghnáthnós imeachta reachtach (a tugadh nós imeachta cinnteoireachta air roimhe seo) agus do nósanna imeachta reachtacha speisialta de réir an cháis. Mar an gcéanna, cuireadh seanstruchtúr na gcolún ar ceal i bhfabhar dháileadh na gcúraimí atá soiléir beacht taobh istigh den AE.

Lena chois sin, feabhsaíonn Conradh Liospóin trédhearcacht na n-oibreacha taobh istigh den AE. Leathnaíonn sé an prionsabal go ndéantar díospóireachtaí go poiblí, atá i bhfeidhm cheana i bParlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, agus, de bharr na trédhearcachta méadaithe seo, beidh níos mó eolais ag saoránaigh ar ábhar na ndíospóireachtaí reachtacha.

IONADAÍOCHT ATÁ NEARTAITHE GO hINSTITIÚIDEACH

Neartaíonn Conradh Liospóin go mór cumhachtaí Pharlaimint na hEorpa (féach Parlaimint na hEorpa). I measc na n-athruithe is tábhachtaí:

  • neartaítear an chumhacht reachtach: leathnaítear an gnáthnós imeachta reachtach, a bhfuil na cumhachtaí céanna ag an Pharlaimint agus atá ag an Chomhairle, go réimsí beartais nua;
  • glactar ról méadaithe go hidirnáisiúnta: caithfidh an Pharlaimint na comhaontuithe idirnáisiúnta a fhormheas sna réimsí a chumhdaíonn an gnáthnós imeachta reachtach;
  • neartaítear an chumhacht bhuiséadach: as seo amach, beidh cothromaíocht ann idir an Pharlaimint agus an Chomhairle maidir leis an nós imeachta chun glacadh le buiséad bliantúil an AE;

Lena chois sin, méadaíonn Conradh Liospóin ról na bparlaimintí náisiúnta (féach parlaimintí náisiúnta) ar gá dóibh féachaint chuige as seo amach go gcuirfear i bhfeidhm go maith prionsabal na coimhdeachta. Ar an chuma seo, tá ar a gcumas cur isteach ar an ghnáthnós imeachta reachtach agus tá ceart tarchurtha chun Chúirt Bhreithiúnais an AE acu.

MÉADÚ RANNPHÁIRTÍOCHT NA SAORÁNACH I NÓS IMEACHTA NA CINNTEOIREACHTA

Aithnítear i gConradh Liospóin, den chéad uair, go bhfuil ann do shochaí shibhialta Eorpach lena n-imeoidh institiúidí an AE i dteagmháil ar bhealach oscailte trédhearcach ar bhonn rialta (Airteagal 11, mír 1 agus mír 2).

Ach thar aon ní eile, cuirtear ar bun leis ceart thionscnamh na saoránach(Airteagal 11 , mír 3) a chuireann ar chumas náisiúnach Eorpach cuireadh a thabhairt don Choimisiún togra a chur isteach faoi ábhair a mheasann siad gur gá don Aontas gníomhú go dlíthiúil ina leith. Léiríonn seo toil an AE chun a chuid saoránach a tharraingt isteach go díreach i bpróisis cinnteoireachta a bhaineann le ceisteanna is ábhar cúraim dóibh.

Tá roinnt coinníollacha ag gabháil leis an cheart seo:

  • ar a laghad; Ní mór milliún síniúar a laghad; ar a laghad a fháil i leith an tionscnaimh ó dhaoine a thagann as ceathrú de na Ballstáitar a laghad;
  • Sula dtosaíonn na heagraithe ag bailiú dearbhuithe tacaíochta le haghaidh togra thionscnamh na saoránach, ní mór dóibh clárú leis an Choimisiún a chinnteoidh nach bhfuil an togra lasmuigh dá chlár oibre agus nach bhfuil sé i gcoinne luachanna an Aontais;
  • Is é an creat ama chun dearbhuithe tacaíochta a bhailiú, ar pháipéar nó trí chóras ar líne, ná 12 mhíón dáta a chláraítear an togra .

Féadann an Coimisiún an tionscnamh a mholann na saoránaigh Eorpacha a chur i ngníomh nó gan é a chur i ngníomh, de réir mar is mian leis. Má thagann togra reachtach as an tionscnamh, ansin glacfaidh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa leis an acht de réir an ghnáthnóis imeachta reachtaigh nó nóis imeachta reachtaigh speisialta.

ACHTANNA GAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh [Iris Oifigiúil L 65, 11.3.2011, lch. 1]. Arna leasú ag Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 268/2012 [Iris Oifigiúil L 89, 27.3.2012, lch. 1], Rialachán (AE) Uimh. 517/2013 [Iris Oifigiúil L 158, 10.6.2013, lch. 1] agus Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 887/2013 [Iris Oifigiúil L 247, 18.9.2013, lch. 11].

2013/142/EU: Moladh ón gCoimisiún an 12 Márta 2013 maidir le hiompar daonlathach agus éifeachtúil na dtoghchán chuig Parlaimint na hEorpa a fheabhsú [Iris Oifigiúil L 79, 21.3.2013, lch. 29].

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún Ag ullmhú do na toghcháin Eorpacha 2014: iompar daonlathach agus éifeachtúil a fheabhsú sa bhreis (COM(2013)0126 final) [Gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil].

Nuashonrú is déanaí: 05.02.2014

Top